Ní raibh cluiche iomaíochta imeartha acu ó bhí 1971 ann, ach d’éirigh le Club CLG Wolfe Tone an Chaisleáin Ghlais an lámh in uachtar a fháil ar Naomh Pádraig Lios na gCearrbhach cúpla seachtain ó shin. 1-10 in aghaidh 0-10 an scór agus ó tharla nach bhfuil páirc dá gcuid féin ag na Tones, imríodh an cluiche ar thailte a gcomharsan, Naomh Éanna i nGleann Ghormlaithe.
 
Ní inniu ná inné a thosaigh muintir Naomh Éanna agus muintir an Chaisleáin Ghlais ag tabhairt lámh chuidithe dá chéile. Nuair a bunaíodh Naomh Éanna in 1956, fuair siad geansaithe na Tones, a bhí ar an fhód le fiche bliain cheana féin, ar iasacht.
 
Anuraidh, nuair a athbhunaíodh club an Chaisleáin Ghlais, is fear ó chlub Ghleann Ghormlaithe a d’íoc as na geansaithe úra. Filleann an dea-ghníomh. Eagraíodh pobalbhreith ar Facebook maidir le dearadh na ngeansaithe agus vótáladh go mór ar son an seandearadh a thabhairt ar ais, fáinní glasa agus bána.

Is pictiúr de Theobold Wolfe Tone agus dhá phíce sa chúlra atá mar lógó ag an chlub athbheochanta agus is i nGaeilge atá ainm na háite scríofa. Ní féidir le haon duine a rá go cinnte cad chuige a bhfuil an club ainmnithe as an Éireannach Aontaithe, ach tá siad ar aon tuairim go bhfuil baint aige leis an radharc suntasach atá le fáil ón cheantar ar Beann Mhadagáin agus Dún Mhic Airt. Chuaigh grúpa d’Éireannaigh Aontaithe, Tone ina measc, suas an cnoc in 1795 agus rinne siad móid dhaingean gan staonadh riamh dá n-iarrachtaí deireadh a chur le húdarás Shasana sa tír seo agus neamhspleáchas a bhaint amach.
 
Gné eile de stair an chlub a bhfuil na seanbhaill ar labhair mé leo ar aon intinn faoi ná gur bhuille tubaisteach a bhí i dtógáil an M2 in 1971. Scriosadh an pháirc imeartha le slí a dhéanamh don mhótarbhealach úr. Bhí clubtheach ar Bhóthar an Tobair Ghil. Bhí tábla snúcair ann agus ba shorn urbholgach (pot-bellied stove) an t-aon fhoinse teasa a bhí ann. Bhíodh céilí ann gach oíche Dé Domhnaigh agus dúirt Gerry Mulholland, ball de choiste an club, go bhfuil sé sa seanchas gur sa chlubtheach sin a chuir 46 duine aithne den chéad uair ar an té a phósfadh siad lá is faide anonn. Bhláthaigh síolta an ghrá i gcás 23 lánúin phósta. An bhfuil daoine a shíolraigh ó na cumainn sin ag imirt leis an chlub anois? Gach seans go bhfuil.
 
I mí na Samhna anuraidh, d’eagraigh Aodhán Moloney as ceantar Serpentine cluiche dúshláin in aghaidh Laochra Loch Lao i Spórtlann na hÉireann. Bhí imreoirí as Arthur, an Bábhún Mór agus Longlands ina measc siúd a chuaigh chun páirce agus cúpla seachtain ina dhiaidh sin, tionóladh cruinniú coiste i dtábhairne an Fountain agus rinneadh an cinneadh tabhairt faoin phróiseas fhoirmeálta an club a chlárú go hoifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael.
 
Dúirt Fintan Quinn, Oifigeach Caidrimh Phoiblí an chlub, go bhfuil 80 ball anois ann, dhá scór acu atá cláraithe le himirt. Mhínigh sé gur club fánaíochta atá ann siocair nach bhfuil páirc bhuan acu, agus go mbíonn siad ag traenáil in Ollscoil Uladh i mBaile Shiúrdáin, i Maigh Bhloisce agus in V36 in aice le Sólann an Ghleanna. 
 
Tá an inmharthanacht iontach tábhachtach dóibh, a dúirt Fintan, agus tuigeann siad go bhfuil obair mhór fhadtéarmach amach rompu. Tá tús maith curtha leis an obair sin. Tá foireann shinsear peile na bhfear ag dul leo i Sraith Aontroma Theas agus beidh cluiche acu an Domhnach beag seo in aghaidh Naomh Agnes in V36. Dé Domhnaigh seo caite – lá aoibhinn, grianmhar, geal – cuireadh tús le seisiúin traenála in V36 do Choileáin Wolfe, páistí Faoi 6 agus Faoi 8. Beidh páistí Faoi 10 leo gach Domhnach as seo amach.
 
Tá na Tones ag tiomsú airgid lena chinntiú go mbeidh áiseanna den chéad scoth ar fáil do na Coileáin faoin am a thiocfaidh siad i méadaíocht agus le costais trealaimh, árachais agus eile a chlúdach. Tá crannchur bunaithe acu agus beidh an chéad tarraingt ann an deireadh seachtaine seo. £300 atá sa phota óir. Níl ach £1 ar líne agus is féidir ticéid a cheannach sa Fountain, in Vivo an Bhábhúin Mhóir, in Spar an Tobair Ghil, i siopa Longlands agus i Siopa Mháire. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an leathanach Facebook Greencastle Wolfe Tones.