Nós úr a bhunaigh mé an samhradh seo ná dul go cósta Chontae an Dúin lá sa tseachtain agus iarracht a dhéanamh rud beag snámha a dhéanamh san fharraige. Mhol cara dom é mar chaitheamh aimsire aoibhinn agus mar bhealach éifeachtach leis an mheabhair a athnuachan agus an intinn a spreagadh. Bíonn an t-uisce fuar. Glacann sé seilbh ar na céadfaí agus baineann sé an anáil díot. Ach a fhad is gur féidir leat an chéad bhomaite a sheasamh, tá leat. Mothaíonn tú beoite bíogtha i ndiaidh duit tamall a chaitheamh sa tsáile agus creidim go ndéanann sé níos sásta agus níos suaimhní thú agus go mbíonn teacht aniar níos fearr ionat an chuid eile den tseachtain.

Bíonn atmaisféar lúcháireach ar an trá. Dea-spionn ar achan duine, go háirithe orthu siúd sna cadhcanna agus ar na cláir sheaschéaslóireachta (paddle boards). Is láthair shúgartha den scoth í do pháistí agus chítear dom gur breá leis na tuismitheoirí seasamh thart ag déanamh cuideachta lena chéile agus an scaradh fisiciúil a chleachtadh ag an am céanna.

Tá an t-ádh dearg orainn go dtig linn pléisiúr a bhaint as a leithéid d’acmhainn álainn nádúrtha. Nach méanar dúinn.

Seachas sinne, lucht na sócúlachta agus na siamsaíochta, is cosúil go bhfuil dream eile ag breith buntáiste ar aimsir an tsamhraidh, fiú mura mbíonn an fharraige i gcónaí suaimhneach. Bhí méadú le seachtain anuas ar líon na n-imirceach a rinne a mbealach ón Fhrainc trasna Mhuir nIocht a fhad le Sasana. Taobh istigh de cheithre lá an tseachtain seo caite, d’éirigh le breis agus 670 duine ceann scríbe a bhaint amach. Tá níos mó ná 4,000 eile i ndiaidh dul go Sasana i mbáid bheaga trí Chaolas Dover i mbliana fosta.

Chraol an BBC físeáin a rinne criú nuachta amuigh ar an fharraige mhór de bháidín beag rubair a raibh tuairim is fiche duine istigh ann. Daoine as an tSiria den chuid is mó a bhí iontu, is cosúil. Bhí an bád plódaithe agus bhí fear amháin ag caitheamh uisce amach as le soitheach beag plaisteach. Ar deireadh, tháinig bád de chuid Fhórsa na Teorann agus thóg siad na himircigh, a bhí faoin am sin in uiscí na Breataine.

Tá sé mar pholasaí ag rialtas na Breataine timpeallacht dhoicheallach a chruthú d’iarrthóirí tearmainn agus an saol a dhéanamh chomh deacair agus is féidir dóibh. Dúirt Boris Johnson Dé Luain gur “fadhb” é go bhfuil daoine ag iarraidh tearmann a fháil sa Bhreatain. Ba mhaith leis cosc a chur orthu dul ann sa chéad dul síos, le cuidiú ón Fhrainc agus tíortha eile mar an Libia agus Niger. Dar le nuachtán an Independent, tá na céadta milliún punt caite le deich mbliana anuas ag an Bhreatain ar chomhaontuithe le tíortha eile le hiarrthóirí tearmainn a choinneáil ó dhoras.

An dara gné de réiteach Johnson ar an fhadhb, mar dhea, ná athbhreithniú a dhéanamh ar “an rogha fhairsing dlíthe atá ar fáil don inimirceach mídhleathach”. Beidh le feiceáil amach anseo an mbeidh an tríú gné i bhfeidhm. Tá caint ann ar an Chabhlach Ríoga a thabhairt isteach le cur chuige níos neartmhaire a úsáid in aghaidh na mbád beag agus iad a bhrú siar ar ais go huiscí na Fraince, ach is cosúil go mbeadh a leithéid in aghaidh dlíthe mara.

D’fhógair Priti Patel, Rúnaí an Home Office, ag an deireadh seachtaine go bhfuil Dan O’Mahoney ceaptha i ról úrnua – the UK’s Clandenstine Channel Threat Commander. Is fíorphost é, ní rud ficseanúil i script do scannán James Bond ná Jason Bourne. Tá scór bliain caite agam ag obair mar aistritheoir Gaeilge agus ní féidir liom m’intinn a shocrú ar leagan cruinn den phost seo mar níl sé soiléir ar chor ar bith cad é atá i gceist leis. Cad é go díreach atá rúnda – an bhagairt, an ceannasaí, rud eile neamhráite? Cé atá ag déanamh na bagairte? Agus cé atá faoi bhagairt le fírinne?

Dúirt coiste d’fheisirí parlaiminte i mí na Samhna anuraidh go bhfuil rialtas na Breataine ag cur imircigh i mbaol. Mar gheall ar a bpolasaí an teorainn a choinneáil dúnta, ní bhíonn aon rogha eile ag go leor iarrthóirí tearmainn, atá ar an dé deiridh, ach bealaí neamhoifigiúla isteach sa Bhreatain a lorg. Cuireann cuid acu a muinín i smuigléirí iad a thabhairt trasna na farraige i gcoim na hoíche i mbáidíní beaga contúirteacha. Dúirt Boris Johnson gur coirpigh chruálacha iad siúd a bhíonn i mbun an iompair seo, ach tá dearcadh agus polasaithe a rialtais féin chomh cruálach céanna.