Nuair a bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich sa bhliain 1991 i Seaneaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain ar Bhóthar na bhFál, bhí imeachtaí Gaeilge ar fáil den chéad uair i rith an lae do mhuintir Bhéal Feirste, dar le Séamus Mac Seáin ina leabhar ‘D’imigh sin agus tháinig seo’.

Bhí Meánscoil Feirste gona naonúr daltaí lonnaithe ann – is mar chóiríocht don scoil a fuarthas an t-áitreabh ar cíos sa chéad dul síos. Ach bhí an áit chomh mór sin go raibh fuíollach spáis ann do fhiontair eile, agus bhog foireann an nuachtáin Lá agus eagrais eile isteach ann.

Bhí dhá naíscoil, amharclann, caifé agus dánlann sa chultúrlann úr agus i ndiaidh tamaill bunaíodh Raidió Feirste i seomra beag bídeach i mbarr an tí. Ó shin i leith tá Coláiste Feirste i ndiaidh fás chomh mór sin, le 900 duine óg ar an rolla, go bhfuil géarghá leis an dara meánscoil Ghaeilge i mBéal Feirste, agus tá foirgneamh saintógtha ceithre stór ag Raidió Fáilte díreach ar imeall lár na cathrach agus clú air mar cheann de na stáisiúin phobail is rathúla sa tír.
 
Tá tionscadal oidhreachta dhá bhliain idir lámha ag an Chultúrlann, le maoiniú ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta, le ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí atá bainte amach acu siúd a tháthaigh an áit thar na blianta. Gné mhór den chlár oibre is ea suíomh gréasáin sainiúil a seoladh an tseachtain seo caite ar a bhfuil grianghraif, taispeántas ealaíne, agallaimh agus físeáin a thugann spléachadh dúinn ar scéal na Cultúrlainne.
Cuirfear leis an suíomh de réir a chéile agus sna míonna beaga atá amach romhainn tá léachtaí beartaithe mar aon le bailiú stair béil ón phobal.

Tá pleananna ann leabhrán a scríobh do scoileanna agus taispeántas buan idirghníomhaíochta a chur le chéile a bheidh lonnaithe san fhoirgneamh féin agus a bheidh mar thaitneamhacht do chuairteoirí agus do thurasóirí. Tá an t-ábhar atá baillithe go dtí seo le fáil ar www.culturlann30.ie.
 
ALBERT AR LÁR

Ní fhéadfainn a rá go raibh aithne ar bith agam ar Albert Fry. An chéad chuimhne atá agam ar an ainm a chluinstin ná nuair a d’fhiosraigh mo mhúinteoir Ceimice ar scoil an mbínn ag táthú Chumann Chluain Árd. Ansin rinne sí aithris air ag seinm ar théaduirlis agus ag canadh go binn, agus chuir sé mo sháith iontais orm go raibh Gaeilge ag an mhúinteoir Ceimice. Ba ghnách le mo chuid léachtóirí i gCorcaigh a ainm a lua liom mar laoch mór Gaelach Feirsteach ar chóir go mbeadh aithne agam air.

Cé nár bhuail mé le Albert Fry ach uair amháin, eisean ina shuí ar stól ard sa Chumann agus deoch á hordú agamsa, mothaím gur imir sé tionchar ar mo chuid foghlama ar bhealach indíreach siocair go ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin ó thaobh an léinn de ar an oiread sin de Ghaeil Bhéal Feirste.

Is eisean a thug saibhreas teanga do na daoine atá mar shainchomhairleoirí agam nuair a bhíonn pointe gramadaí le soiléiriú nó foghraíocht le cinntiú nó leagan deas nádúrtha Gaeilge de dhíth i dtéacs atá le haistriú.
 
Mairfidh Albert Fry sa chuimhne a fhad a bheas an Ghaeilge á labhairt sa chathair seo cois cuain. Suaimhneas síoraí dó.

Is féidir an t-aifreann éagnairce ag Séipéal Naomh Mhuire d'Albert a bhreathnú anseo.