D’imigh duine de na ceoltóirí traidisiúnta “ba thábhachtaí” lenár linn ar shlí na fírinne an tseachtain seo. Sin an cur síos a bhí ag Taisce Cheol Dúchais Éireann ar Joe Burke, boscadóir as Cillín a’ Díoma i gContae na Gaillimhe.

Agus mé ag éisteacht le seantaifid leis arís ó fógraíodh scéala a bháis, tagann ré eile chun cuimhne. Smaoiním ar an chineál ceoil a n-éisteadh mo sheanathair leis ar an ‘wireless’ sna hochtóidí agus ar ranganna agus ar fheiseanna damhsa Ghaelaigh m’óige. Cé go bhfuil blas seanfhaiseanta ar thaifid an Bhúrcaigh anois, bhí siad nuálach, ceannródaíoch an tráth a eisíodh iad. Ní raibh an bosca ceoil le cluinstin ina aonar ar cheirníní roimhe sin.


 

Bhí ceol Joe Burke rithimiúil, rialta, láidir. Chuir sé béim chomh mór céanna ar an rithim agus a chuir sé ar na foinn féin. Bhí a mhéara lúfar agus na tiúnanna lán le hornáidíocht chliste. Bhí máistreacht aige ar achan ghné dá cheird.
 
D’fhreastail Edel Ní Churraoin, boscadóir as Conamara atá ag cur fúithi i mBéal Feirste, ar cheardlanna leis an Bhúrcach agus í sna déaga. “Ní cuimhin liom am nach raibh an t-ainm Joe Burke ar eolas agam,” ar sí. “D’fhoghlaim muid na tiúns a bhí ar na dlúthdhioscaí aige agus níl a fhios agam an bhfuil aon bhoscadóir sa tír nach bhfuil i ndiaidh iarracht a dhéanamh bheith cosúil le Joe Burke ag pointe éigin agus iad ag seinnt ceoil.”
 
Bíonn daoine ag caint ar stíl cheoil Shligigh nó ar stíl cheoil Liatroma, ach tá a stíl féin luaite leis an Bhúrcach agus is í an stíl sin a bhíonn in úsáid le páistí a theagasc agus iad ag toiseacht amach ar an chairdín, a mhínigh Edel Ní Churraoin.
 

"Casadh Joe Burke orm féin tuairim is scór bliain ó shin ag scoil samhraidh cheoil. Tharla go raibh muid ag stopadh sa teach lóistín céanna agus chuir muid aithne ar a chéile ag am bricfeasta ar chéad lá an chúrsa. Bhí mise ann le freastal ar cheardlanna fidile agus bhí seisean i mbun ranganna bosca ceoil. Bhí sé cairdiúil, groíúil agus chuir sé suim ina chomrádaithe tí, go háirithe fear Acla a bhí ag eagrú féile cheoil ar an oileán níos moille an bhliain sin. Chuir seisean scolaíocht orm faoin laoch mór ceoil a bhí inár measc. 'An bhfuil a fhios agat cé hé féin? An dtuigeann tú cé atá ann?'
 
"De réir mar a chuaigh na laethanta thart, d’éirigh muintearas eadrainn uilig. Bhí Joe chomh cairdiúil sin mar dhuine gur chaith na Gardaí féin tamall ag comhrá leis giota maith i ndiaidh am druidte na dtithe tábhairne nuair a bhí siad in ainm is a bheith ag cur an ruaig ar dhaoine amach as an áit.

"Lig Joe dom a charr a thiomáint ar ais chuig an teach aíochta oíche. Merc den seandéanamh a bhí chomh téagartha céanna lena chuid ceoil. Thug sé fístéip dom a rinne sé agus é ina chónaí sna Stáit Aontaithe agus tá sé go fóill agam.

"Thug sé dom fosta leagan neamhchoitianta den ríl ‘The Maid Behind the Bar’. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh go mbeadh sé ag an chéad ghlúin eile agus nach ligfí i ndearmad é. Caithfidh mé a admháil, ar an drochuair, nach gcuimhním anois air, ach chaith Joe Burke a shaol ag teagasc ceoil agus á chur chun cinn, mar sin is dócha go bhfuil an leagan sin den ríl tugtha ar aghaidh ag daoine eile."

 
Ag deireadh an chomhrá a bhí agam le Edel Ní Churraoin faoi Joe Burke, dúirt sí rud a chuirfeadh cumha ort. I ndiaidh dó a chroí is anam a chaitheamh leis an cheol, gach seans nach bhfuair an Búrcach deis mórán ceoil a sheinm i gcomhar le daoine eile an bhliain dheireanach aige ar an tsaol mar gheall ar na srianta atá dár gcoinneáil scartha amach óna chéile.

Mar sin féin, beidh tionchar Joe Burke ar an cheol thraidisiúnta le mothú go ceann i bhfad agus beidh sé ag borradh i gcuislí na gceoltóirí de na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.