Tá an chuma air go bhfuil cuid mhaith daoine i mo chomharsanacht féin dubh dóite den dianghlasáil agus den dorchadas óir tá i bhfad níos mó crann Nollaig in airde cheana féin ná mar a bheadh de ghnáth ag an am seo bliana.
 
Bhí fear gnó ar an raidió i rith na seachtaine ag tabhairt le fios go bhfuil líon níos airde custaiméirí aige le hais na tréimhse seo anuraidh siocair go bhfuil daoine buartha nach bhfaighidh siad na féiríní Nollag istigh in am. Bhí cuma na Nollag ar na bóithre plúchta thart ar Abbey Centre an deireadh seachtaine seo caite fosta, scuainí fada carranna dírithe ar an ionad siopadóireachta agus siúlóirí ag déanamh dul chun cinn níos fearr ná iad.
 
Ar ndóigh, tá rogha na siopadóireachta ar líne ann agus is rogha tharraingteach í lenar féidir strus agus sluaite a sheachaint. Clic anseo, clic ansiúd agus lá nó dhó ina dhiaidh sin, tá duine ag an doras leis na hearraí a d’ordaigh tú.
 
De réir tuairisc a bhí sa Wall Street Journal ar an chéad lá de mhí Aibreáin i mbliana tháinig méadú as cuimse ar ghnó Amazon i mí na Márta. Tugadh 639,330,722 cuairt ar an suíomh bhí ardú ollmhór ar líon na dtáirgí a ceannaíodh. Bhí méadú an-suntasach ar dhíol páipéar leithris, cógas don ulpóg agus do shlaghdáin agus vitimíní do pháistí. Le daoine ag caitheamh tuilleadh ama sa bhaile, bhí ardú millteanach mór, breis agus 1000%, ar dhíolacháin d’earraí tí agus cistine.
 

Bhí an chuideachta ag streachailt le horduithe a chur i gcrích, ach ní hamháin mar gheall ar an éileamh mór nach raibh súil leis. Tá clú ar Amazon as an drochdhóigh a mbíonn siad ag caitheamh le hoibrithe. Tá an t-oibseisiún atá ag úinéir an chomhlachta le brabús, Jeff Bezos, léirithe i gcuid de na modhanna oibre agus teicneolaíochtaí atá in úsáid acu le héifeachtúlacht a fheabhsú, mar dhea. Ach an toradh atá air do na hoibrithe ná gortú, strus agus míshásamh.
 
Mar gheall air sin, chuaigh cuid de na hoibrithe amach ar stailc, rud a chuir tuilleadh moille ar sheirbhís an chomhlachta agus brú orthu na coinníollacha oibre a athrú.
Tá roghanna eile ar na hollsiopaí ann. Tá sé le sonrú ar Twitter na hÉireann le tamall beag anuas go bhfuil tomhaltóirí á spreagadh le féiríní a cheannach an Nollaig seo ó shiopaí beaga neamhspleácha nó go díreach ó na healaíontóirí agus na ceardaithe féin. Seo na cineálacha gnónna a dhéanann an saol ilghnéitheach agus i bhfad níos suimiúla dúinn uilig.
 
Áit mhaith le toiseacht ná www.gobuy.irish, a chuir an t-ealaíontóir Brian Ó Muirí le chéile, go háirithe más mian leat píosaí uathúla ealaíne agus ceardaíochta. Níl na hearraí féin le ceannach ar an suíomh seo, ach tá eolas agus nascanna ann leis an iliomad siopaí eile ar líne. Tá éadaí agus seodra ann, pictiúir agus priontaí, coinnle agus vásaí, leabhair agus leabharmharcanna. Is féidir ceachtanna ceoil a fháil, fiú.
 
Sibhse a d’fhreastail ar na coláistí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill san am a chuaigh thart, beidh cuimhne mhaith agaibh ar T-léinte agus suaitheantais ghaelacha ghalánta An Spailpín Fánach. Caithim go fóill fáinne deas airgid ar dhearadh Ceilteach a cheannaigh mé agus mé ar an tríú bliain ar an mheánscoil! Tá Gearóid Ó Murchú ag dul leis agus siopa aige sa Spidéal. Tá earraí don tírghráthóir, éadaí do dhaoine de gach aois agus cártaí beannachtaí le fáil ar www.spailpin.com .
 
Tá rogha fhairsing leabhar Gaeilge agus cluichí do pháistí le fáil ó An Ceathrú Póilí sa Chultúrlann. Tá an siopa ar oscailt agus tá siad ag glacadh le horduithe ar líne chomh maith.
 
Tá féiríní deasa eile le fáil ann, mar shampla earraí cúram cnis le Mil atá lonnaithe i mBaile an Chaistil agus seodra speisialta lámhdhéanta Banshee Silver atá bunaithe ar sheanscéalta agus miotaseolaíocht na nGael agus dúlra na hÉireann. Féach www.an4poili.com.