Tá clár imeachtaí fíorspreagúil curtha le chéile ag eagraitheoirí Fhleadh Feirste, féile na Ceathrún Gaeltachta. Is ar líne a bheidh na hócáidí 3-5 Nollaig agus tá an éagsúlacht agus an chruthaitheacht a bhíonn ann gach bliain le sonrú in ainneoin na srianta agus na héiginnteachta a bhí ann sna seachtainí sin agus na himeachtaí á bpleanáil. Tá moladh mór ag dul do Bhrónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí na Cultúrlainne, as cúrsaí a stiúradh agus a chinntiú go mbeidh siamsaíocht agus ábhar plé ar fáil do dhaoine de gach aois.

Léiríonn an clár buanna phobal na Gaeilge agus an muintearas atá idir na grúpaí éagsúla atá páirteach sa Fhleadh, ina measc An Chultúrlann, An Ceathrú Póilí, Aisling Ghéar, An tSnáthaid Mhór, Raidió Fáilte, Conradh na Gaeilge, Áras Uí Chonghaile agus Brassneck. Tá ceol agus ceardaíocht, stair agus scéalaíocht, ealaín agus oidhreacht ar an chlár ilghnéitheach.
 
Tá drámaíocht i gcroílár na féile fosta le léiriúcháin le dhá chompántas ar leith, Aisling Ghéar agus Brassneck. Bainfidh páistí go háirithe sult agus spraoi as ‘Róise, Rudolph agus Ruaille Buaille’ le Brassneck, dráma i dtrí pháirt a chraolfar ar mheáin shóisialta na Cultúrlainne ar 6pm gach lá na féile. Tá tarraingthe ag Aisling Ghéar ar eispéiris an phobail le linn na dianghlasála dá léiriú siúd, ‘A Chara’. Léifear litreacha a scríobh daoine éagsúla faoin tréimhse uathúil seo. Beidh siad le cluinstin ar Facebook na Cultúrlainne ar an 4 Nollaig ar 7pm.
 

3Gallery

Le dhá bhliain anuas tá Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge ag obair ar thionscadal faoi stair an eagrais agus Chomhaltas Uladh agus beidh toradh a saothair le feiceáil nuair a sheolfar an suíomh ‘Claochlú Cultúir agus an Conradh’ Dé hAoine, an 4 Nollaig ar 1pm. Shiúil Cuisle Cúige Uladh ag bailiú eolais, seanphóstaer, bileog agus miontuairiscí ó chraobhacha éagsúla agus tá áis uathúil dhigiteach den scoth curtha ar fáil aici.
 
Dream eile atá ag caitheamh súil siar ar stair an phobail is ea Áras Uí Chonghaile. Díríonn ‘An Scéal Go Dtí Seo’ ar shaol Shéamuis Uí Chonghaile agus ar an lorg buan atá fágtha aige ar mhuintir na hÉireann. Féach Facebook agus YouTube an Árais ar an 3 Nollaig ar 1pm.
 
Tá An Chultúrlann ag dul siar bóithrín na smaointe in ‘Dá mBeadh Caint ag na Ballaí’, físeán croíúil lán nostalgia ina labhraíonn iar-oibrithe, aisteoirí, páistí a d’fhás aníos san áit agus beirt a thit i ngrá faoi na rachtaí ar na cuimhní atá acu ar an ionad Gaeilge a bunaíodh beagnach 30 bliain ó shin. Ar an 5 Nollaig ar 4pm a chraolfar an físeán seo ar Facebook.

3Gallery

 
Bean óg thallannach a tháinig chun cinn go mór i mbliana is ea Drithle Nic Adhaimh. Bhí an-éileamh ar na físeáin ealaíne agus cheardaíochta a rinne sí do dhaoine óga agus tá sí ar ais le smaointe cruthaitheacha do mhaisiúcháin Nollag. Féach Facebook agus Instagram na Cultúrlainne ar an 3 Nollaig ar 11am. Ar na himeachtaí eile atá ann do pháistí tá seisiún scéalaíochta ‘Muireann agus an Teach Solais’ leis An tSnáthaid Mhór ar Facebook agus YouTube ar an 4 Nollaig ar 4pm.
 
Rinneadh dul chun cinn suntasasch i saol na Gaeilge in 2020 nuair a foilsíodh Foclóir Béarla-Gaeilge Fhoras na Gaeilge. Is é Pádraig Ó Mianáin Eagarthóir an fhoclóra agus beidh sé faoi agallamh ag Eoghan Ó Néill ó Raidió Fáilte in imeacht atá á reáchtáil ag An Ceathrú Póilí. Gheobhaimid léargas ar an teicneolaíocht a bhí in úsáid leis an fhoclóir a chur le chéile agus ar réitigh na foirne ar cheisteanna casta teanga a tháinig chun solais agus an téacs á ullmhú. Ceann deas do na gráthóirí gramadaí inár measc. ‘Fathach d’Fhoclóir’ ar an 5 Nollaig ar 1pm ar Facebook An Ceathrú Póilí.

Ar ndóigh, ní féile cheart í gan cheol. Beidh na hoirfidigh Gráinne Holland agus Barry Kerr ar mheáin shóisialta Áras Uí Chonghaile ar an 4 Nollaig ar 8pm agus beidh meascán de na ceoltóirí iontacha a choinnigh cuideachta linn ar ardáin fhíorúla na Cultúrlainne i rith na bliana le feiceáil arís ar an stáitse digiteach ar an 5 Nollaig ar 8.30pm le críoch mhór spleodrach a chur leis an Fhleadh.
 
Ná déanaimis dearmad ar Chrann na Carthanachta i mbliana. De ghnáth, fágaimid bronntanais faoin chrann sa Chultúrlann dóibh siúd a bhfuil an bhróg ina luí go teann orthu, ach i mbliana is féidir síntiús a thabhairt ar
uk.virginmoneygiving.com/ChristmasFamilyAppeal