Aistrithe ag Pádraig Ó Maolchraoibhe. Le buíochas ó chroí don Chultúrlann as a gcuidiú. 

Thug gach duine sa scuaine faoi deara ach amháin é féin go raibh an fear a bhí go díreach roimhe – cad é mar a ba chóir é a rá? – bhuel, salach. Ní hea; níorbh é sin an focal. Ach b’é! Thiocfadh leat é a chur mar seo: gur duine é nár mhaith leat bheith róchóngarach dó. Tuairisc fhótagrafach ar an New York Times. Ní hea; níl sé go maith sin a rá ach oiread, an bhfuil? Bhuel, is é an rud a bhí ann ná fear déirce. Cibé duine a d’amharc air ba léir sin dó. Thug Fer spléachadh amháin ar an chóta mhór a bhí air. ‘Dá bhfeicfinn é i mbosca bruscair, thógfainn é.’

Sin an smaoineamh a tháinig chuige. Ansin, na hearraí a chuireann siad ar sladmhargadh taobh leis an chuntar amach le cathú a chur ar na daoine sa scuaine, is cinnte go ndéanfadh sé iad a láimhseáil gan rún aige rud ar bith a cheannach; agus thitfeadh ceann éigin acu, lán chomh cinnte. Bhí an domhan ann le go dtiocfadh leisean foghlaim, agus is ag foghlaim a bhí sé, mar a dhéanann páiste, ag láimhseáil rudaí.

“An bhfuil airgead agat?” arsa bean an chuntair amach go tort. D’amharc Fer siar lena fheiceáil an bhfacthas do na daoine eile a bhí sa scuaine gur ceist normálta é sin. Chonacthas, fiú don duine a cuireadh an cheist air! Agus ansin d’amharc Fer ar an fhear déirce, ag tabhairt faoi deara gur fear déirce a bhí ann agus ní boc a raibh cóta mór glas suimiúil á chaitheamh aige. “Tá,” a dúirt sé le sméideadh dá cheann; bhí airgead aige. Thosaigh bean an chuntair amach ag cur a chuid earraí fríd. 

D’fhan Fer ag stánadh air, a bhéal ar leathadh mar a bheadh sé ag amharc ar bheochan i scannán. Ní raibh an lá tosaithe amach go ró-olc. Sin a shíl sé. De réir cosúlachta, bhí gach rud faoi smacht aige. Bhí sé ag déanamh cinnte a bheith ar a thaobh féin, ní ar thaobh an toilg. Bhí grian Mhaidrid fosta ar a thaobh. Agus mise chomh maith! D’fhág mé an caifé réidh fána choinne, gan le déanamh aigesean ach é a chur ar iarta an chócaireáin. D’fhág mé an t-arán gearrtha ina shliseanna agus taobh istigh den tóstaer le go dtiocfadh leis arán rósta a dhéanamh nuair a d’éireodh sé. Agus bhí an raidió, agus an cithfholcadán faoi réir…

I dtús báire, chinn sé ar dhul chuig an ollmhargadh. Dhéanfadh sé rud éigin deas domsa don lón. An lá sin, ‘foireann’ an focal a bhí chun tosaigh ar an bheirt againn. Nuair a bhí mise ar an obair bhí seisean ag glanadh an tí, ag déanamh réidh an lóin, ag dul don tsiopadóireacht agus do chúrsaí maorlathais – rinne sé seo uilig le mo chuidse oibre a dhéanamh níos fusa. Agus bhí sé ag cuartú oibre. Foireann a bhí ionainn! 

Thug Fer faoi deara, in éadan a thola féin, gur choinnigh sé amach níos faide ón fhear sin ná mar a dhéanfadh sé le duine ar bith eile. I dtuairisc fhótagrafach ar an New York Times ní chuireann tú sonrú sa bholadh. D’amharc sé sna súile ar bhean an chuntair amach, agus óna súile go dtí a lámh, a bhí sínte amach. Is sa lámh sin a bhí an fear déirce ag fágáil na mbonn, ceann i ndiaidh a chéile, á dtógáil ó lámh amháin dá chuid féin agus a bhfágáil ar lámh bhean an chuntair amach. Mhair sé i bhfad mar bhí níos mó de bhoinn rua ag an fhear ná mar a bheadh ag an ghnáthdhuine. Ríomhtar carthanacht na mbocht i mboinn rua! Bhí bean an chuntair amach ag cuntas os ard in ord íslitheach de réir an mhéid a bhí fágtha ag an fhear déirce le híoc: “Nócha a cúig, nócha…” Bhuail an smaoineamh Fer gur comórtas a bhí ann, agus is geall gur tháinig aoibh an gháire ar a aghaidh. Bhí an lá ag dul go maith, bhí sin! 

Lean lámh oscailte bhean an chuntair amach ag fanacht. Níor dhruid sí í mar bhí boinn ar iarraidh go fóill, ach ní raibh rud ar bith fágtha i lámh an fhir déirce. Ní raibh a thuilleadh aige. Bhí na hearraí, agus an t-airgead le híoc astu, measta go mícheart aige. ‘Anois osclóidh an talamh, rachaidh mo chéile comhraic síos sa pholl, agus beidh seal s’agamsa ann.’ Ach níor oscail, agus bhí an fear déirce ansin, ag cuntas ar a mhéara na boinn nach raibh ar a bhos. Agus bhí bean an chuntair amach ina staic, an chuma uirthi anois gur ise an fear déirce, í ag amharc ar na boinn dhofheicthe ar lámh an fhir déirce, nó ag amharc ar a lámh go díreach amhail is go raibh sí ag sílstean go dtiocfadh léi na boinn a chruthú leis an amharc amháin agus ligean don chéad chustaiméir eile dul fríd. Ach níor tharla sé! 

“Damnú! Dúirt tú liom go raibh sé agat. Cad é a dhéanfaidh muid anois?” 

Sna parabail sa Bhíobla (tá sé níos fusa na ceachtanna a bhaint as scéalta Mark Twain), taobh leis an duine bocht bíonn duine saibhir. Nach sin an fáth a bhfuil na bochtáin ann, le ceachtanna a theagasc do na daoine saibhre? 

Níor bhog an fear déirce agus sa scuaine, a bhí ag éirí níos faide agus níos faide, thosaigh na gearáin. Le tamall anuas bhí dearmad déanta ag Fer ar na sladmhargaí a bhí taobh leis an chuntar amach le cathú a chur ar na daoine sa scuaine. D’amharc sé roimhe agus ar a chúl ar an dráma agus ar na daoine a bhí ina dhiaidh sa scuaine, ar bhean an chuntair amach, ar an fhear déirce, agus arís ar na daoine a bhí ar a chúl. Chonacthas dó gur eisean an t-aon duine amháin a bhí ag bogadh, agus go raibh an réaltacht thart air mar a bheadh sé reoite. Agus na hearraí a chonaic sé taobh leis an chuntar amach, níor thug siad faoiseamh ar bith dá choinsias: arán agus salámaí Pamplona. Sin na rudaí ar mhaith leis a cheannach, agus ní dhá chartán d’fhíon San Simon.

“Cé mhéad atá tú gann?”

Tost. Ach an bheirt acu, bean an chuntair amach agus an fear déirce, thosaigh siad ag amharc airsean agus a lámha amuigh acu. D’amharc an fear déirce ar bhean an chuntair amach, ar ais arís ar Fer, ar bhean an chuntair amach, ar an lámh, ar an lámh… “Cé mhéad atá sé gann?”

“50 cent.”

Thosaigh Fer ag cuartú ina chuid pócaí a bhí ag cur thar maoil. Bhog an fear déirce an salámaí agus an t-arán níos cóngaraí dá chorp féin. Ba leisean rud beag níos mó iad cheana féin. Faoin am seo ní raibh sé ag amharc ar Fer. Agus níor amharc sé air arís ar chor ar bith. Faoin am ar fhág sé na 50 cent ar an lámh a bhí sínte ag bean an chuntair amach, bhí an salámaí sáite isteach sa chóta mhór shuimiúil agus an t-arán faoina ascaill. Fadhb réitithe. Ach nuair a bhí sé ag tiontú thart le dul i dtreo na sráide, thit mála plaisteach ar a cheann, mar a bheadh sé ag titim ón spéir. Bean an chuntair amach a chaith é a fhad is a bhí an admháil ag teacht amach as an scipéad.

RACHT GÁIRE

“Tá mé ag bronnadh mála ort.” Agus lig sí racht gáire. “Ó am go ham bíonn sé maith a bheith carthanach,” agus chaoch sí súil le Fer … ach d’fhan sé ina staic.

‘Ní carthanacht í sin,’ ar seisean ina intinn féin, is é sin le rá, gan é a rá! Agus cén ‘sin’ sin? Carthanacht bhean an chuntair amach nó a charthanacht féin? A charthanacht féin! Dósan, plean teagmhais a bhí ann lena fheiceáil an mairfeadh ‘éifeacht an fhéileacáin’ go dtí go raibh gá aige féin leis. Seift a bhí ann; bhí sé ag smaoineamh ar an todhchaí. Bhí sé ag cur tús leis an mhéad a ba mhó d’éifeachtaí na ndúradán is a thiocfadh leis agus súil aige go leanfadh ceann éigin acu beo nuair a bheadh sé féin ag iarraidh déirce.

Sna parabail sa Bhíobla (tá sé níos fusa na ceachtanna a bhaint as scéalta Mark Twain), taobh leis an duine bocht bíonn duine saibhir. Nach sin an fáth a bhfuil na bochtáin ann, le ceachtanna a theagasc do na daoine saibhre? Bean chiníoch an chuntair amach nach dtiocfadh léi smaoineamh barraíocht dá mba mhaith léi bheith ábalta an t-am a chur isteach, agus fear bán gan obair – ní bhainfeadh ceachtar acu ceacht ar bith as seo uilig.
Tost neirbhíseach. Gníomh guaime le smacht a choinneáil ar an eagla. Níor chuir bean an chuntair amach ceist ar Fer an raibh airgead aige. Bhí cuma mheánaicmeach air go fóill, cith aige leis na bolaithe go léir a ghlanadh ar shiúl, agus díbholaíoch. 

Ar aon nós, ní raibh aon dul siar anois. Agus bhí sé scanraithe. É féin arís. Ní mise. Bhí an tsochmaíocht caillte aige, mar is fearr tuarastal agus amchlár oibre mar chrann taca ná an neamhní. Ní raibh an lá faoi smacht aige. D’éirigh sé as cinneadh ar bith a dhéanamh. Ach níor inis sé dom. Níor lig sé dom comhairle a leasa a thabhairt dó. Nuair a thosaigh mé ag insint dó, agus an t-aidréanailín ag rith fríom mar a bheadh an marcshlua i lár catha, nach dtiocfadh liom cur suas leis an duine atá i gceannas san oifig – an bhfuil a fhios agat cad é a rinne sé orm? – chaith sé a chuid eagla uilig sa mhullach orm cionn is nach ndearna sé béile deas dom. Rinne sé rud éigin ach ní an béile deas a ba mhaith leis a dhéanamh, cionn is go maraíonn muid lucht déirce agus go ndéanfaidh muid é féin a mharú chomh maith. Agus cé go raibh seisean ag rá nach raibh, is amhlaidh a bhí sé ag scairteadh orm, gan ruainne d’éirim mhothúchánach, cionn is nach raibh mise ag déanamh athchúrsála de réir an chórais s’aige. 

2Gallery