Nach saoithiúil go mbíonn cainteoirí Gaeilge ag déanamh rud mór as achan mhionchéim chun cinn a dhéanaimid san iarracht le cothromas agus cearta teanga a bhaint amach. Scaipeadh ‘dea-scéal’ cúpla seachtain ó shin a bhaineann le bunú ionad cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Banríona. De ghrá na soiléireachta, a léitheoir dhil, ní hé go bhfuil an institiúid ardoideachais i ndiaidh a fhógairt go mbeidh siad ag cur cóiríocht ar leith ar fáil go cinnte do chainteoirí Gaeilge. Ní hé sin é ar chor ar bith. Is amhlaidh go bhfuil sé curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach cogaint ar an cheist. Machnamh a dhéanamh faoi.

Dar linn, is dul chun cinn é sin. Bímid ag cur teachtaireachtaí beaga chuig a chéile ag tréaslú a chéile. As argóintí reasúnaithe, doshéanta a chur faoi bhráid lucht déanta na gcinntí. As na buntáistí a bhaineann le deiseanna teanga a úsáid taobh amuigh den halla léachta a chur ar a súile do lucht oilte an ardoideachais. As a mhíniú daofa go bhfuil a leithéid de scéimeanna in ollscoileanna ar fud na hÉireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag le blianta fada. As a ndúshlán a thabhairt sna meáin nuair a deir siad rudaí seafóideacha ar nós nach timpeallacht neodrach a bheadh sa champas dá mbeadh teanga dhúchais na háite le feiceáil nó le cluinstin ann.

As an obair dhian, leanúnach feachtasaíochta a cuireadh isteach leis an chéim seo a bhaint amach. As gan scaoileadh leis mar scéal. Maith na mic agus na hiníonacha léinn agus maith An Cumann Gaelach.

Leis an fhírinne a dhéanamh, tugann sé chun cuimhne an stocaireacht a bhíodh orm a dhéanamh is mé i mo dhéagóir le mo thuismitheoirí sna seachtainí beaga roimh dhioscó míosúil St Gerard’s le cead a fháil dul ann. ‘Déanfaimid ár machnamh faoi,’ a deireadh siad i gcónaí agus mise fágtha ciaptha cnaptha le mífhoighde agus frustrachas. Sa chás sin, ba é an rud ceart é machnamh agus measúnacht a dhéanamh ar an cheist – bhí sábháilteacht agus folláine duine óig i gceist. Ba chuí na rioscaí agus na contúirtí a chur sa mheá. Ach ní hionann cás ionad cónaithe Gaeilge in ollscoil in Éirinn, tionscadal tairbheach, fiúntach, ceart. Má tá údaráis na hollscoile le smaoineamh tuilleadh faoi ionad cónaithe Gaeilge, bíodh dáta tosaithe na scéime, critéir roaghnaithe cónaitheoirí, praghas an chíosa agus a leithéidí sin mar ábhar machnaimh acu. Tá an tairbhe a bhaineann lena leithéid de scéim ríshoiléir.

Idirnáisiúnaí

Cailleadh Tomás Mac Siomóin, úrscéalaí agus file, an tseachtain seo, lá sula mbeadh na ceithre bliana agus ceithre scór slánaithe aige. Bhí meas nach beag aige ar Ghaeil Bhéal Feirste agus ar na hiarrachtaí a rinne siad thar na blianta an teanga a athbheochan ina ndúiche féin. Thug daoine as an áit seo misneach don fhear a raibh col aige leis an bhunaíocht in Éirinn agus leis an nualiobrálachas.

Chaith an Baile Átha Cliathach seal ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar agus bhí cónaí air ar feadh breis agus fiche bliain sa Chatalóin agus in València. Idirnáisiúnaí ab ea é a chuir Gaeilge ar an úrscéal ‘Pedro Páramo’ le Juan Rulfo, ar dhánta leis an sagart Marxach Ernesto Cardenal agus ar Fhorógra na gCumannach. Ina leabhar féin ‘The Broken Harp’ phléigh sé rianta an tráma a fhágann an coilíneachas ar dhaoine, tráma a mhaireann síos tríd na glúine agus a bhíonn le sonrú ní hamháin in iompraíochtaí na ndaoine ach sa DNA fosta. Bhí tuiscint mhaith ag Mac Síomóin ar na cúrsaí seo óir ba bhitheolaí é a bhain PhD amach in Ollscoil Cornell i Nua-Eabhrac.

Chaith mé féin agus cara liom lá ina chuideachta tuairim is scór bliain ó shin in Barcelona. Bhí fonn mór diabhlaíochta air an lá sin. Tharraing sé síos na cúlsráideanna sinn, isteach i dtábhairní beaga nach dtaithíonn turasóirí iad. Chuaigh muid ar an charr cábla agus d’ith muid bia mara den scoth i mbialann cois trá. Tharla gur shiúil muid thart le foirgneamh ina raibh rang damhsa céilí ag dul ar aghaidh. Isteach linn le rince a dhéanamh. Lá ar leith a mhaireann go láidir i mo chuimhne.