Cuireadh moill i bhfad rófhada ar an chinneadh cé acu a bheadh nó nach mbeadh na scrúduithe iontrála do scoileanna gramadaí ar siúl an deireadh seachtaine seo. Chuir sé go mór leis an bhrú agus leis an strus a bhí cheana féin ar pháistí Rang 7 a bhí cláraithe do na scrúduithe. Bhí am lóin Dé Máirt ann – ceithre lá ghairide sula raibh an chéad pháipéar le bheith ann – sula ndearna na comhlachtaí a reáchtálann na scrúduithe, AQE agus PPTC, fógra go raibh siad á gcur ar ceal.
 
Fuarthas réidh ar fad leis an teist aistrithe, an 11 Plus, in 2008, ach bíonn scrúduithe acadúla in úsáid ag scoileanna gramadaí go fóill le daltaí a scagadh óna chéile agus a shocrú cé a gheobhaidh áit.

Is cinnte go bhfuil díomá ar pháistí agus tuismitheoirí áirithe nach mbeidh na scrúduithe ann ach is dea-scéal amach is amach é gur cuireadh ar ceal iad mar tá seans ann anois go dtiocfaidh féidearthachtaí eile chun cinn le córas níos cothroime, níos cineálta, níos daonnúla a chur i bhfeidhm

Tá tuairimí láidre ann ar an dá thaobh faoi na scrúduithe iontrála, iad siúd ar mhian leo scoileanna gramadaí a choinneáil agus leanúint le roghnú daltaí bunaithe ar a gcumas acadúil, agus iad siúd ar mhaith leo an córas reatha a chaitheamh i dtraipisí go buan agus athrú ó bhun a dhéanamh air le socruithe níos cothroime a thabhairt isteach.
 
Táthar ann a bhfuil greim an fhir bháite acu ar roghnú ar bhonn acadúil. Fiú amháin agus paindéim agus galar contúirteach ann agus páistí i ndiaidh cuid mhaith dá scolaíocht a chailleadh, bhí siad ag iarraidh brú ar aghaidh leis an scrúdú.
 
Níl an córas reatha cothrom an lá is fearr, gan a bheith ag trácht ar aimsir paindéime.
Smaoiním ar an chartún de ghrúpa d’ainmhithe éagsúla ag amharc suas ar chrann ard. Le dul chun cinn a dhéanamh sa tsaol caithfidh siad barr an chrainn a bhaint amach chomh gasta agus a thig leo. Níl deacracht ar bith ag an phearóid ná ag an mhoncaí. Ach cad é fán iasc agus fán oistris? Níl an tasc ag teacht lena mianach ar dhóigh ar bith. Níl seans dá laghad go n-éireoidh leo is cuma cé chomh fada a chaithfidh siad ag dul dó. Tá an teip i ndán dóibh ón tús mar is triail mhíchothrom í. Ach cuir i gcomhthéacs eile iad agus tá leo.
 

Meafar maith é seo don teist aistrithe, atá i gcraiceann eile ó bhí 2008 ann. Tá gach duine againn difriúil lena chéile. Tá buanna agus suimeanna éagsúla againn agus ní bhímid uilig ar an aois chéanna nuair a thagaimid in inmhe. Tá aon chóras a úsáideann scagadh acadúil le háiteanna in iarbhunscoileanna a dháileadh ar dhaltaí éagórach.
 
Is cinnte go bhfuil díomá ar pháistí agus tuismitheoirí áirithe nach mbeidh na scrúduithe ann ach is dea-scéal amach is amach é gur cuireadh ar ceal iad mar tá seans ann anois go dtiocfaidh féidearthachtaí eile chun cinn le córas níos cothroime, níos cineálta, níos daonnúla a chur i bhfeidhm, córas a fhóireann níos fearr don réadúlacht agus trína gcuirtear oideachas a fhreastalaíonn go cuí ar gach páiste ar fáil.
 
Acht
Ní fhéadfaí gan focal a rá faoin acht Gaeilge a gealladh dúinn bliain ó shin, ar an 8 Eanáir 2020, i gComhaontú na Ré Nua. Dúradh ann go mbeadh acht Gaeilge againn taobh istigh de thrí mhí. Níl aon acht againn fós. 15 bliana atáimid ag fanacht anois le comhlíonadh an bhunghealltanais a rinneadh i gComhaontú Chill Rìmhinn.