Seoid atá idir lámha againn sa leabhar mhíorúilteach seo as peann an Ghael-Mheiriceánaigh Pádraig Ó Mathúna is é ag tabhairt chothrom na féinne ar deireadh do sheanchaí as a phobal féin, Eoin Ua Cathail.

D'imigh Ua Cathail as Luimneach go Meiriceá in 1863 agus is iomaí eachtra a bhain de thall – cuid acu níos inchreidte ná a chéile, gan amhras –agus é ina mharcach, dar leis, le marcra Mheiricéa sna cogaí in éadan na mbundúchasach bocht agus, ar ball, ina phóilín in Chicago. 

Leoga, an cinneadh a rinneadh, céad bliain ó shin, gan saothar Ua Cathail a fhoilsiú, b’ionann é is Coiscéim diúltú dialann Ghaeilge ag spásaire sa Stáisiún Spáis a fhoilsiú.

Ach chan ionann agus na sluaite síoraí a d’imigh go dtí an tOileán Úr fán am chéanna, chuir Ua Cathail síos ar a shaol corrach i nGaeilge shainiúil, shaibhir. Cumann sé focail nuair is gá: Aráisteach a thugann sé ar bhall den Ord Ársa, focal, dar liom, atá níos oiriúnaí ná Fear Buí. Agus i rith an ama, aistríonn Ua Cathail logainmneacha go Gaeilge ar bhealach a chuireann beocht sna scéalta seo as an taobh eile den domhan. Loch-Bógha-Dhaimh atá ar Oxbow Lake, Sicágo atá ar an chathair ghaofar agus, mo rogha féin, Naomh Louí ar Saint Louis.

Cad chuige an dua a chur air féin chun an teanga a mhúnlú don tsaol choimhthíoch seo? As siocair gur teanga-ghráthóir a bhí in Ua Cathail. Bhí sé ag iarraidh teanga nua-aoiseach a dhéanamh de theanga na nGael le go mairfeadh sí sa bhaile agus i gcéin.

Éagóir dhamanta atá ann, mar sin, nár foilsíodh na scéalta mar leabhar sula bhfuair sé bás in 1928. Sna blianta deireanacha dá shaol, ar ndóigh, bhí áisíneacht foilsitheoireachta Gaeilge an stáit, An Gúm, ag aistriú leabharthaí fán Iarthar Fhiáin go Gaeilge fad is a bhí lámhscríbhinní Ua Cathail ag bailiú dusta. 

Leoga, an cinneadh a rinneadh, céad bliain ó shin, gan saothar Ua Cathail a fhoilsiú, b’ionann é is Coiscéim diúltú dialann Ghaeilge ag spásaire sa Stáisiún Spáis a fhoilsiú.

Nó mar a deir Ó Mathúna: “If Ua Cathail’s works had been published, they would have marked a significant development in Irish language print culture in allowing readers to engage with purported firsthand accounts from the American West in Irish that was original to the author.”

Tá an éagóir sin curtha ina ceart anois ag Ó Mathúna, scoláire óg as Connecticut a d’fhoghlaim an Ghaeilge don chéad uair ar shuíomh tógála thall ó iar-fhear blaincéid ón Lóiste Nua, Gearalt Mac Daibhéid. 

Ar ndóigh, Gaeilge an teanga a bhí ag formhór na n-imireach a thréig Éire i ndiaidh an Ghorta Mhóir ach ba bheag duine a d’fhan dílis don teanga mar a d’fhan Ua Cathail agus ba é a dhearcadh polaitiúil a bhí taobh thiar den chinneadh sin. Nach amhlaidh an scéal ag go leor againn go dtí an lá atá inniu ann. 

Anois, an taobh dorcha den fhéirín seo a thagann chugainn as am níos gairbhe:

Maraítear ainmhithe ar na machairí go fonnmhar, an béar bocht go háirithe, agus an fear geal ag tabhairt na sibhialtachta go Meiriceá. Más olc maoil is measa mullóg: “Eoin Ua Cathail does not attempt to reconcile his various portrayals of native peoples: they are less the products of life than genres,” a deir Richard Wright as Ollscoil Stanford ina réamhrá. Is fíor dó, muise.

Cé go mbíonn Ua Cathail, i gcuid dá sheanchas, ag déanamh mórtais as a chomhoibriú leis na hIndiagh, bunús an ama ní shíltear a dhath de bheith ag maíomh as an tslad a imríodh ar an bundúchasaigh. 

“Bhíos in arm na tíre seo, nuair bhí na th-Indiachaibh ag casgairt, ag réabadh, a’s ag scriosadh gach aon nídh rompa.” Ag cosaint a dtailte is a bpobail ó dhream barbartha, a déarfadh siad féin. Is go tromchroíoch a léifidh Éireannaigh an lae inniu an cur síos ar an ‘imreas’ leis na hIndiagh. Ár ba chirte a thabhairt ar an choimhlint eatarthu.

“Bhiomhar sa gcoill nuair a tháinig na th-Indiachaibh go dtí an abhainn. Bhí ár gcaiple ceangailte in-ísleán air an dtaobh siar dínn. Bhíomhair araon air an dtaobh shiar de chrainn. Bhí dhá phiosdail, agus gunna naoi urchair, ag gach fear. Cuirfidh gach piosdal piléar trí fear nó capall caogad péirse uaidh.

“Rinneamair úsáid de’s na piosdail air dtúis. Leagamair sraith dhíobh air bhruach na th-abhann. Rith an chuid eile suas an mhagh. Bhíodar go léir cromtha anuas air mhuin na gcaiple. Bhíomair ag piocadh na sgriostóirídhe leis na gunnaídhe an fhaid is bhíodar ‘n-ár radharc.”

Aistrithe ag Pádraig Ó Mathúna:

“By the time the Indians reached the river, we were in the woods. Our horses were tied in a hollow behind us. We were concealed by the trees. We each had two pistols and a nine-shot repeating rifle. Each pistol could put a bullet through a man or horse at fifty perches.

“At first, we made use of the pistols. We knocked down a number of them on the riverbank. The others retreated to the plain. They were all bent down on the back of their horses. We easily picked off the killers with the rifles for as long as they were still within our range of sight. I am certain that not all them went home safe and sound.”

Tá deacair go leor sin a léamh – agus gan tagairt áit ar bith ann d’arm a bheith i seilbh na méirleach sa ‘chath’ sin. 

Sibhse a cheannaíonn na leabhair, tchífidh sibh go bhfuil litriú, gramadach agus fiú focail dá chuid fein ag Ua Cathail. Ach i bhfianaise chomh tábhachtach agus atá na scéalta seo, ba chóir iad a chaighdeánú amach anseo. Agus mar scéalta, tá siad corraitheach, beoga, lán iontas is áibhéile. Tá siad mar bheadh ‘Scéalta’ le Joe Austin ann i nGaeilge – ní gá gach focal a chreidbheáil ach tá aistear an scéil féin chomh taitneamhach leis an cheann scríbe.

SCRÍOBHAÍ DEARMADTHA: Síobhra Nic Aogáin, Pádraig Ó Mathúna agus Máirtín Ó Muilleoir as seoladh 'Recovering an Irish Voice from the American Frontier' sa Chultúrlann.
2Gallery

SCRÍOBHAÍ DEARMADTHA: Síobhra Nic Aogáin, Pádraig Ó Mathúna agus Máirtín Ó Muilleoir as seoladh 'Recovering an Irish Voice from the American Frontier' sa Chultúrlann.

Anois focal molta don údár. Deir Richard White: “The United States is where the Irish prosper not through the generosity of Americans but through their courage, wit, generosity, cunning, and loyalty to each other.” Is fíor sin go cinnte fá Phádraig Ó Mathúna. Chreid Seosamh Mac Grianna gur ó na cathracha in Éirinn a thiocfadh slánú na Gaeilge ach cé a shéanfadh anois ná gurb iad na Meiriceánaigh atá ag cur dlús faoin teanga. 

Bhain sé truisle asam sa réamhrá nuair a tháinig mé ar ráiteas de chuid ár gcomrádaí as an Chéinia Ngugi wa Thiongo, scríbhneoir is díograiseoir teanga. Ach dar liom go gcruthaíonn an leabhar seo rud eile a dúirt Ngugi ar na mallaibh. Is é sin nach bhfuil teangacha móra agus teangacha beaga ann; teangacha uaisle agus teangacha dara grád. Tá gach teanga chomh luachmhar lena chéile, cuma milliún nó míle cainteoir aici. Is le teann grá agus dóchais don Ghaeilge mar theanga a chuaigh Pádraig Ó Mathúna i mbun scríobh 'Recovering an Irish Voice from the American Frontier'. Bímís buíoch beannachtach de ar a shon. 
 
Tá Recovering an Irish Voice from the Irish Frontier ar fáil ó An Cheathrú Póilí sa Chultúrlann. 

Buíochas mór le hÁine Nic Gearailt as an alt seo a phrof-léamh.