IS beag Gael i mBéal Feirste, in Éirinn féin b’fhéidir, nár thug cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Mar a bheadh guairneán ann, súnn an áit, an fháilte agus an fhéile, isteach thú. Is doiligh éalú ón chraic agus ón chuideachta. Áit shócúil í ina gcothaítear comhrá, malartú smaointe, cruthaitheacht, cairdeas. Tá An Chultúrlann mar a bheadh croílár chruinne na Gaeilge ann, do na Feirstigh ar a laghad, agus is iontach an rud é go bhfuil cultúrlanna eile ag fás agus forbairt i nDoire agus in Ard Mhacha.
 
Beidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 30 bliain ar an fhód in 2021 agus tá clár imeachtaí beartaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an áit agus ar na héachtaí atá déanta ag na daoine a thaithíonn í. Súil siar agus amharc chun cinn a bheas ar siúl agus tá maoiniú faighte ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta leis an chlár a reáchtáil.
 
Is cuimhin liom go maith an chéad uair a chuala mé trácht ar an Chultúrlann. Bhí ceolchoirm na scoile ann agus bhí mise sa chór. Ag deireadh na hoíche, chuaigh mé a chuardach mo mháthar i measc an tslua agus seo í i mbun comhrá le fear fuinniúil féasógach, seanchara óna laethanta ar an ollscoil.

Liam Andrews ó Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a bhí ann agus nuair a fuair sé amach go raibh iníon a seancharad ag dul don Ghaeilge mar ábhar Ardleibhéil, d’éirigh an comhrá níos bríomhaire arís agus d’inis sé dúinn go raibh athchóiriú déanta ar an tseaneaglais Phreispitéireach ar an Bhealach Leathan agus gur ionad Gaeilge a bhí ann anois, le caifé agus siopa leabhar agus eile agus gur chóir dúinn bualadh isteach ann.
 
Chaith mé an samhradh cúpla bliain ina dhiaidh sin ag obair in oifig an nuachtáin LÁ thuas i mbarr an tí, faoi dhíon chlaonta, le hEoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin, Anne Groves, Seán Mac Aindreasa agus Colm Mac Aindreasa. Bhí lucht Mheánscoil Feirste thart fosta, idir mhúinteoirí agus dhaltaí. Bhí an éide scoile dúghorm an t-am sin. Bhí Áine, Pádraigín agus Séamus sa Cheathrú Póilí – tá siad go fóill mar bhunchloch na háite sa lá atá inniu ann – agus bhí Máire Nic Fhionnachtaigh agus Philip Campbell i mbun an chaifé.
 
Níl agam ach breac-chuimhne ar an obair a bhí idir lámha agam le LÁ, ach tháinig mé ar fhianaise ar na mallaibh i mbosca san áiléar gur scríobh mé cúpla alt ar a laghad. Ní raibh ríomhphost in úsáid go fóill agus is tríd an phost a tháinig ailt ó na scríbhneoirí éagsúla seachtracha, cuid acu clóbhuailte, cuid acu lámhscríofa. Cuid den jab a bhí agamsa ná iad a chlóbhualadh isteach i ríomhaire Apple Mac agus is é Seán Mac Aindreasa, a raibh freagra gach ceist Ghaeilge aige, a cheartaigh mo chuid botún.
 
Bhí cead ag daoine toitíní a chaitheamh san áit oibre sna nóchaidí, agus bhíodh colúin deataigh ag éirí as an taobh eile de scáileáin lucht caite tobac san oifig, a muinéil sínte i dtreo na síleála agus fáinní toite ag teacht amach as a mbéal.
 
Tá mé ar ais ag obair sa Chultúrlann arís le mí anuas agus mé ag plé le cúrsaí oidhreachta. Beidh taispeántas ealaíne againn, ag toiseacht ar an 1 Deireadh Fómhair, le rogha den saothar a bailíodh le 30 bliain anuas. Ina dhiaidh sin beidh céim an-tábhachtach agus fíorspéisiúil sa chlár ceiliúrtha, an togra stair bhéil. Beidh fáilte roimh dhaoine a gcuimhní ar An Chultúrlann agus ar na heachtraí a thit amach ann thar na blianta a chur ar an taifead. Chomh maith leis sin, beidh ábhar fisiciúil – póstaeir, leabhráin, bileoga, irisí, sean-nuachtáin – á mbailiú againn.
 
Más maith leat bheith páirteach sa togra stair bhéil – dul faoi agallamh nó duine eile a chur faoi agallamh – nó má tá ábhar agat a bhaineann le stair na Cultúrlainne a bheifeá sásta a thaispeáint dúinn, cuir scéala chugam –  nó cuir scairt ar 9096 4180.