Beidh curadh domhanda sa liathróid láimhe, Aisling Reilly ó Naomh Pól CLG, ag caint ag féile Léargas an tseachtain seo chugainn, atá á reáchtáil ag Ionad Uíbh Eachach. Beidh an sár-imreoir ar dhuine de cheathrar a bheas ar phainéal a phléifidh ról na mban i gCumann Lúthchleas Gael Dé Máirt ar 7.30pm ar leathanach Facebook Ionad Uíbh Eachach.
 
Dúirt Brian Mac an tSionnaigh, a thosaigh i ról an Oifigigh Forbartha Gaeilge san Ionad tá trí mhí ó shin, go bhfuil “fás mór ar líon na mban atá ag iarraidh peil Ghaelach agus camógaíocht a imirt i gContae Aontroma go mór mhór. Coicís ó shin bhí plé ar an nuacht faoi mhná Bhaile Átha Cliath nuair a dúirt an bord contae go bhfuil siad leis an mhaoiniú chéanna a chur isteach i bhfoireann na mban is a chuireann siad i bhfoireann na bhfear.”
 
Is forbairt thábhachtach í seo óir tá cailíní agus mná ag cailleadh amach le fada an lá ar dheiseanna a chuirtear ar fáil do bhuachaillí agus d’fhir sa spórt. Dúirt Mac an tSionnaigh, “Nuair a smaoiním siar ar leithéidí Aisling Reilly, a bhí ar scoil liom agus a bhí ar an imreoir b’fhearr ar an fhoireann, ní raibh cead aici imirt linn níos mó ó aois Faoi 14 ar aghaidh. Ní raibh foireann eile aici agus bhí trua againn di. Ach anois tá foireann ann do gach aoisghrúpa agus, le bheith ionraic, tá fás níos mó ag teacht ar pheil na mban ná peil na bhfear. Ní chluineann tú mórán sna meáin faoi na mná ach tá mná rathúla sa spórt agus ba chóir go mbeadh an t-aitheantas sin ann.”

Beidh ‘Mná in CLG’ ar siúl Dé Máirt, an 8 Meitheamh ar 7.30pm. Is iad Gearóidín Nic Cathmhaoil, captaen Laochra Loch Lao, Aisling Ní Mhurchú, imreoir agus cóitseálaí le Lámh Dhearg CLG agus Órla Ní Chorra, imreoir le Contae Aontroma agus Naomh Eoin CLG, an triúr eile a bheidh ar an phainéal agus is í Caoimhe Ní Chathail a stiúróidh an plé.
 
I measc na n-imeachtaí eile atá ar chlár ilghnéitheach Léargas tá dianchúrsa Gaeilge ar Zoom; léacht leis an Dr Feargal Mac Bhloscaidh dar teideal ‘Críochdheighilt, Coilíneachas, Coimhlint 1920-21’; ceardlann amhránaíochta agus rannta le Gráinne Holland do thuismitheoirí a bhfuil a gclann ag freastal ar ghaelscoil, agus seisiún amhránaíochta le Naoise Mac Cathmhaoil, Conallach óg atá mar mhac léinn in Ollscoil na Banríona agus a bhfuil clú bainte amach aige le blianta beaga anuas mar amhránaí sean-nóis.

Siocair go bhfuil na srianta Covid á scaoileadh le roinnt seachtainí anuas, beidh cúpla imeacht faoin spéir ag féile Léargas na bliana seo, lena n-áirítear cúrsa grianghrafadóireachta gutháin le Mal McCann i gCluain an Bhogaigh maidin Dé Máirt, an 8 Meitheamh ó 10am go 12pm. Bíonn saothar gradamúil McCann le feiceáil go minic ar an Irish News agus tá clú air as an léargas ar leith a thugann sé ar shaol Bhéal Feirste. Beidh siúlóid staire agus cultúir ann le Conchúr Mac Siacais ar Shlí na Gaeltachta ó Shráid an Chaisleáin a fhad le Reilig na Cathrach Déardaoin an 10 Meitheamh ar 1.30pm. Beidh lucht na siúlóide ag cur aithne ar shean-Ghaeil na Ceathrún Gaeltachta a bhfuil plaiceanna i gcuimhne orthu in airde ag pointí éagsúla feadh na slí.

LOGAINMNEACHA ÁITIÚLA

Dúirt Brian Mac an tSionnaigh go mbeidh na himeachtaí uilig dátheangacha le freastal orthu siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu agus orthu siúd nach bhfuil acu ach an cúpla focal. “Ceann de na rudaí atá mé ag iarraidh a chur ina luí ar an phobal ná go bhfuil cultúr Gaelach iontach saibhir sa cheantar. Tá sé tábhachtach go dtuigfidh siad cá háit as a dtagann siad féin agus a muintir agus cá háit as a dtagann na logainmneacha áitiúla. B’fhéidir go gcuirfeadh sé i dtreo na teanga iad murar smaoinigh siad air cheana.”
 

Beidh deis ag lucht na féile tuilleadh a fhoghlaim fosta faoi chuid de thíortha dúchais na ndaoine atá i bpobal Ionad Uíbh Eachach. Beidh Tura Artura as an tSiombáib, Thembile Nukalunga as an Afraic Theas agus Yasmary Perdomo as Cúba ag caint Dé Luain, an 7 Meitheamh ar 3pm faoina n-eispéiris in Éirinn mar dhaoine de chultúir éagsúla.
 
Beidh féile Léargas ar siúl 7-11 Meitheamh agus formhór na n-imeachtaí le feiceáil ar an leathanach Facebook ‘Ionad Uíbh Eachach Cultúr & Teanga’ agus ar chainéal YouTube an eagrais.