Ba léir óna ghlór nach dtiocfadh leis an láithreoir ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1 an méid a bhí díreach cluinste aige a chreidbheáil. Bhí sé féin agus muidne, na héisteoirí, i ndiaidh a bheith ag éisteacht le hambasadóir Iosrael in Éirinn ag déanamh cosaint go fuarchúiseach ar an tslad dearg a bhí ar siúl ag comhshaoránaigh dá chuid i nGaza. Ní raibh an fuaramán d’urlabhraí toilteanach oiread is smid de fhreagracht a ghlacadh as an mharú a bhí déanta ag Fórsaí Cosanta Iosrael (FCI). Le gach ceist a cuireadh air, dúirt sé gur ar Hamas a bhí an locht as páistí agus daoine neamhurchóideacha Pailistíneacha eile bheith curtha den tsaol ag diúracáin a thit sa mhullach orthu ó eitleáin chogaidh Iosrael. Faoi Mháirt na seachtaine seo bhí 213 maraithe i nGaza, 61 páiste ina measc, agus dáréag in Iosrael.
 
Thug ambasadóir an anfa le fios go bhfuil Stát Iosrael in ann spriocanna sonracha a aimsiú lena mbuamaí nuair a thograíonn siad é, mar shampla na foirgnimh ina bhfuil daoine ar leith as measc a gcuid naimhde lonnaithe. Bailíonn Stát Iosrael faisnéis atá úsáideach dóibh agus tá an teicneolaíocht is nua-aimseartha agus is fearr ar domhan acu. Faigheann siad na múrthaí airgid le caitheamh ar uirlisí báis ó leithéidí na Stát Aontaithe, a chuir bac ar na Náisiúin Aontaithe ag tús na seachtaine den tríú huair ráiteas a dhéanamh ag éileamh sos comhraic.


 

Dar le hionadaí Iosrael in Éirinn, bíonn a fhios ag FCI cé go díreach atá siad ag iarraidh a mharú agus cé acu a bhíonn nó nach mbíonn a sainsprioc aimsithe acu nuair a phléascann na buamaí. Scaipeann FCI bileoga ón aer sna ceantair a bhfuil siad ar tí ionsaí a dhéanamh orthu. Cuireann siad téacsanna chuig gutháin phóca daoine i gcomharsanachtaí ar leith lena chur in iúl dóibh cén t-am a thitfidh an t-armlón marfach anuas ón spéir orthu. Rinne siad amhlaidh ag an deireadh seachtaine i gcás an fhoirgnimh ina raibh oifigí Al Jazeera agus Associated Press suite. Bhí 60 teaghlach ina gcónaí sa cheap chéanna. Tugadh rabhadh uair an chloig agus cé go ndearnadh iarracht margáil a dhéanamh le FCI le tuilleadh ama a fháil le deis a thabhairt do na háitritheoirí teitheadh ina mbeatha as a n-áit chónaithe, níor géilleadh bomaite breise féin. Chuidigh na hiriseoirí le teaghlaigh a gcuid páistí a thabhairt amach as an fhoirgneamh slán sula leagadh go talamh é. Dúirt iriseoir de chuid Al Jazeera gur iompair na hoibrithe babaithe síos an staighre agus gur fhág siad an t-ardaitheoir acu siúd nach bhfuil lúth na gcos iontu le go dtiocfadh leo éalú go gasta.
 
Tá daoine cosúil leis an ambasadóir dolúbtha ina ndearcadh agus is léir go bhfuil éirithe leis an fheachtas dul i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine in Iosrael. Fiú amháin as a measc siúd atá síochánta agus lán de ghrá Dé táthar ann a chosnaíonn an ceart atá ag Stát Iosrael ar uafáis a imirt ar mhuintir Ghaza san iarracht le Hamas a bhriseadh.
 
Tá Hamas ag dul d’ainghníomhartha atá mar chúis le fulaingt uafásach agus bás ina bpobal féin agus in Iosrael fosta. Tá freagairt Stát Iosrael air seo thar fóir. Tá siad ag díbirt na sluaite as a n-áiteanna cónaithe agus ag ionsaí campaí teifeach le trealamh cogaíochta ar fiú na scórtha milliún dollar é.
 
In ainneoin mhaíomh an ambasadóra ar an raidió go bhfuil FCI in ann a spriocanna míleata a aimsiú go cruinn leis an teicneolaíocht is sofaisticiúla dar forbraíodh riamh, fós féin, tá siad toilteanach páistí agus saoránaigh eile nach bhfuil baint ná páirt acu le Hamas a mharú.

Sa ghnáthchúrsa, nuair nach bhfuil sé ina chogadh dearg, cuireann Stát Iosrael bac ar an soláthar uisce do mhuintir Ghaza, ar shaoirse gluaiseachta agus ar bhunchearta eile ar bhonn corásach. Tá coireanna cogaidh ar siúl acu ina n-iarrachtaí a dteorainneacha a bhrú amach agus tuilleadh talún a cheapadh dóibh féin, stát a bhfuil an ciníochas agus an chinedheighilt mar dhlúthchuid de, mar is léir ó chuid dá bpolasaithe, dlíthe agus bearta poiblí. Tá tíortha eile ‘sibhialta’ an domhain róbhog in aghaidh na mbulaithe seo agus tá sé thar am go mbeadh smachtbhannaí trádála agus eile i bhfeidhm acu go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an tslad ar mhuintir Ghaza.