THUG an ceoltóir Neil Young dúshlán Spotify. Faigh réitithe den phodchraoltóir Joe Rogan, a dúirt sé leo, nó bhainfeadh sé a cheol féin den tseirbhís sruthaithe. Dar le Young, tá mí-eolas á scaipeadh ag Joe Rogan faoi Covid-19 agus go bhfuil sé de dhualgas ar Spotify a chinntiú nach gcraoltar a leithéid. Ach tá podchraoltaí Joe Rogan ar an ábhar is mó a bhfuil éileamh air ar Spotify, agus meastar gur íoc an comhlacht tuairim is €100 milliún as an cheart eisiach orthu. Is rogha shimplí a bhí le déanamh ag Spotify mar sin, agus roghnaigh siad an podchraoltóir thar an cheoltóir.
 
Ar an 26 Eanáir, bhain Young agus a lipéad ceoil a amhráin den ardán. Dúirt Young go bhfuil súil aige go dtréigfidh ceoltóirí agus lipéid eile Spotify agus “go gcuirfidh siad deireadh lena dtacaíocht do mhí-eolas marfach Spotify faoi Covid”. Tá Joni Mitchell ina measc siúd atá imithe ó shin.

Ag fágáil na ceiste morálta ar leataobh, déanann cinneadh Spotify ciall ó thaobh cúrsaí gnó de. Níl siad ag brath ar cheol Young le hairgead a thuilleamh. Ní dócha go mbeidh na sluaite ag imeacht siocair nach bhfuil ceol Neil Young ann níos mó. Ach ní hamhlaidh an scéal maidir le lucht éisteachta Rogan. Is cosúil go mbíonn ar lucht margaíochta a cheannaíonn fógraí ar chlár Rogan fógraí a cheannach ar an chuid eile den chatalóg ar le Spotify é. Nuair a éiríonn le clár Rogan airgead a mhealladh, gnóthaíonn na cláir eile a ndearna Spotify infheistíocht iontu airgead fosta.

Seachas “bréageolas faoi Covid” a bheith á scaipeadh, tá cúis eile ann le Spotify agus a leithéid a sheachaint. Ní théann an tsamhail ghnó chun sochair do na ceoltóirí féin ná é, ceoltóirí neamhspleácha sainspéise go háirithe. Gach uair a chastar píosa ceoil ar Spotify, ní fhaigheann an ceoltóir ach tuairim is aon trian de phingin amháin, £0.0033. Mar sin, dá mbeadh ceoltóir ag brath ar Spotify le go leor a thuilleamh le, abair, oíche a chaitheamh amuigh le cairde – béile, deochanna, tacsaí abhaile – bheadh tuairim is 30,000 casadh de dhíth.
 
Is nós le hardáin sruthaithe síntiúis mhíosúla a gcustaiméirí a chur le chéile in aon phota amháin de réir tíre. Déantar an t-iomlán a roinnt ar an líon iomlán sruthuithe sa mhargadh sin lena oibriú amach cad é an praghas a íocfar as sruthú amháin. Íoctar táille leo siúd ar leo na cearta ar an cheol, lipéad nó dáileoir, ní an ceoltóir féin de ghnáth. Faigheann an ceoltóir sciar ag brath ar an chonradh atá acu le sealbhóir na gceart. Fosta, den chuid is mó, íoctar ceoltóirí nár éist tú leo ar chor ar bith le síntiús s’agatsa.

Tá samhlacha eile ann, áfach, atá níos cothroime. Beidh le feiceáil an dtiocfaidh rath orthu amach anseo. Tá Fiachna Ó Braonáin, giotáraí le Hothouse Flowers, agus Emma Langford orthu siúd atá ag cur a saothar ar sheirbhís nua darb ainm minm. €5 atá ar shíntiús míosúil le minm. Coinníonn an comhlacht $0.50 dóibh féin agus dáiltear $4.50, is é sin 90%, ar na ceoltóirí ar éist tú leo.
 
Thug an ceoltóir hip hop Oisín Mac Giolla Bhríde, a bhí páirteach i bhFéile Liú Lúnasa anseo i mBéal Feirste cúpla bliain ó shin, le fios go mbeidh sé ag cur a cheoil féin ar ardán eile darb ainm Resonate, ar comharchumann é.
 
De réir fhorógra Resonate, tá córas de dhíth atá bunaithe ar chothromaíocht, trédhearcacht agus comhoibriú agus ba chóir go rachadh an teicneolaíocht chun tairbhe do gach duine atá bainte léi, ní le dornán beag scairshealbhóirí amháin. Dar leo, spás cothrom a bheas san idirlíon ach comharchumainn a bheith mar bhunús leis.
 
Mar thomhaltóirí bíonn roghanna fealsúnachta agus polaitíochta, morálta agus sóisialta le déanamh againn agus earraí á gceannach againn agus tá deis againn anois a chinntiú go bhfaigheann na ceoltóirí is ansa linn oiread tacaíochta uainn agus is féidir.