Tá leadrán ar leath de lucht Twitter na hÉireann leis na grianghraif uilig a phostálann giolcairí eile dá gcuid gaiscí snámha farraige. Tá pictiúir ar fud na háite d’aoibheanna móra gáire an aosa uisce. Go tipiciúil, bíonn ribí fánacha gruaige greamaithe lena leicne lúcháireacha agus braoiníní uisce ag sileadh sruthanna síos a n-aghaidh ina sruth.
 
Bíonn lucht an tsnámha ar bís. Dá fhuaire é is amhlaidh is gaisciúla an gníomh agus is mó an buzz. Mura dtig creathadh fuachta ionat ag amharc orthu ná an smaoineamh chugat go bhfuil siad glan ar mire, tig éad ort. Buaileann an fonn thú go láidir léim isteach sa linn is gaire duit.

Thosaigh mé ag triail ar Chuan Héilin an samhradh seo caite ar bhonn seachtainiúil le m’instealladh féin den Vitimín Sea a fháil. Ghlac mé sos i míonna an gheimhridh, ach le cónocht an earraigh, bheartaigh mé go raibh sé in am pilleadh ar an trá agus tomadh sna tonnta arís.
 
Is domhan beag ann féin é cladach Chuan Héilin. Bíonn an carrchlós lán fá 9.30 ar maidin ar an deireadh seachtaine agus nuair nach mbíonn cosc ar a leithéid mar gheall ar shrianta Covid, bíonn sluaite beaga cruinnithe ar an ghaineamh ag déanamh ióga, rang Zumba nó bútchampa.

Fán am sin, bíonn a gcuid aclaíochta mara déanta ag na mochóirí agus bíonn siad i mbun damhsa casta faoi thuáillí nó róbaí tirime agus iad ag iarraidh na cultacha snámha a bhaint díobh féin le dínit.

Deir cuid mhór daoine go mbaineann siad tairbhe as seal sa sáile mar go neartaíonn sé iad ar leibhéal na meabhairshláinte agus go dtugann sé fuinneamh breise dóibh go fisiciúil.

Tá staidéir déanta ar an tionchar a bhíonn ag uisce fuar ar an chóras imdhíonachta. In uisce fuar, téann líon na bhfuilcheall bán in airde agus bíonn ról lárnach acusan sa troid in aghaidh galar sa chorp. Scaoiltear ceimiceáin fosta a bhaineann le fuascailt ó phian agus strus – hormón an áthais, inoirfin, agus dopaimín. Tá staidéir ar bun lena fháil amach cén dóigh a maolaíonn snámh san fharraige deacrachtaí a bhaineann leis an meanapás. Ceann de na rudaí is fearr fán chaitheamh aimsire seo ná an ghné shóisialta de. Is iontach tamall a chaitheamh i do shuí ar an ghaineamh ag téamh suas le fleasc tae agus comhluadar maith, ag réiteach fhadhbanna an domhain.

Teach Ard na bhFeá

STAIR: Teach Ard na bhFeá ag an Lá Oidhreachta i 2013. Cliodhna Symington ar an chapaillín Tiny.
2Gallery

STAIR: Teach Ard na bhFeá ag an Lá Oidhreachta i 2013. Cliodhna Symington ar an chapaillín Tiny.

Tá stair fhada, ilghnéitheach ag baint le Teach Ard na bhFeá in iarthar na cathrach agus tá sí rianaithe i leabhar nuafhoilsithe leis an staraí Bríghid Mhic Sheáin, ‘Teach Ard na bhFeá agus a Theaghlaigh’. Sa lá atá inniu ann, tá an teach maorga mar chuid de Choláiste Feirste, ach bhí daoine ina gcónaí ann chomh fada siar le lár na 18ú haoise, ina measc lucht thionscal an línéadaigh, trádálaithe agus siúracha de chuid ord crábhaidh.

Ar bhealach, is priosma é Teach Ard na bhFeá trína léirítear míreanna ar leith de stair shaibhir na cathrach. Ba de chreidimh dhifriúla na háitritheoirí i dtréimhsí éagsúla, mar shampla Preispitéirigh, teaghlach a bhí i gCumann na gCairde agus mná rialta Caitliceacha ó ord na Trócaire.
 
Ní hamháin gur cheadaigh Bríghid Mhic Sheáin leabhair eile staire agus í ag dul don fhoilseachán breá seo, ach rinne sí buntaighde fosta le bearnaí i scéal Theach Ard na bhFeá agus na ndaoine a mhair ann a líonadh.

Bhain sí eolas as cáipéisí atá ag PRONI agus rinne sí teagmháil le daoine a shíolraigh ó na háitritheoirí le crainn ghinealaigh na dteaglach a chur le chéile.

Tá cuma fhíortharraingteach ar an leabhar mar tháirge ann féin, agus tá neart íomhánna, líníochtaí, portráidí, mapaí agus grianghraf leagtha amach ann a chuireann beocht san ábhar agus a mhúsclaíonn suim agus samhlaíocht an léitheora.

Fuarthas maoiniú ón Roinn Pobal le ‘Teach Ard na bhFeá agus a Theaghlaigh’ a chur i gcló agus tá sé le fáil i siopa leabhar An Ceathrú Póilí.