Bhí dhá chóip i mo sheilbh agam den leabhar ‘A Ghost in the Throat’ le Doireann Ní Ghríofa faoi Lá Nollag. Is léir gur bhraith níos mó ná duine amháin gur bhronntanas maith a bheadh ann, agus bhí an ceart acu.
 
Tá scéalta beirt bhan fite ina chéile sa leabhar neamhghnách gradamúil seo – an t-údar féin agus Eibhlín Dubh Ní Chonaill, file a mhair i gContae Chorcaí san 18ú haois agus a bhfuil clú agus meas go hidirnáisiúnta ar an chaoineadh a dúirt sí nuair a mharaigh na húdaráis a fear céile, Art Ó Laoghaire in 1773. Deir na léirmheastóirí go bhfuil talamh úr briste ag Doireann Ní Ghríofa leis an leabhar seo agus go bhfuil seánra iomlán nua cruthaithe aici. Sula raibh an leabhar léite agam, dúirt cara de mo chuid liom go raibh sí go mór in éad liom, le mo stádas maighdeana agus leis an phléisiúr mhór a bhí i ndán dom.
 
Chuir an t-údar eolas ar Eibhlín Dubh den chéad uair nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois. Thaitin sé léi go raibh féith an reibiliúnaigh inti. Blianta ina dhiaidh sin, d’éirigh Ní Ghríofa go hiomlán gafa le Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus lena misean pearsanta féin tuilleadh eolais a aimsiú faoi Eibhlín Dubh, rud a bhí gann. Mar shampla, cé go bhfuil an caoineadh a chum Ní Chonaill ar chúrsaí ollscoile le fada an lá agus go mbíonn lucht na n-ealaíon ag tarraingt air le léirithe nua den scéal a chur ar fáil, ní fios cad é a tharla d’Eibhlín Dubh i ndiaidh bhás a fir ná cá háit a bhfuil sí curtha.
 
Tá an dua agus an deargshaothar a chaith Ní Ghríofa leis an leabhar seo le mothú go tréan ar na leathanaigh. Lorg sí nodanna gach áit faoi shaol Eibhlín Dubh. Bhí bláthanna, plandaí, abhainn, na taoidí, scátháin agus píosaí briste cré mar spreagadh di. Rinne sí mionstaidéar ar an chaoineadh féin. Thapaigh sí gach deis dul isteach i leabharlanna agus treabhadh fríd foinsí staire chun blúiríní eolais a bhí i bhfolach go dtí sin a thabhairt chun solais. Chuaigh sí ar oilithreachtaí go láithreacha suntasacha sa scéal, ina measc Carraig an Ime, áit ar scaoileadh Art Ó Laoghaire chun báis agus Doire Fhionáin, baile dúchais Eibhlín Dubh. Tá ról mór ag Cill Chré, mar ar adhlacadh Art, i saol an údair.
 
Bhí Caoineadh Airt Uí Laoghaire ar an chúrsa ollscoile agam agus rinne muid staidéar ar leagan téacs a chuir Seán Ó Tuama in eagar in 1961. Bhí Ó Laoghaire sna Hussair Ungáracha san Ostair agus nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn, chuir sé olc ar an sirriam Abraham Morris mar ní raibh sé sásta géilleadh dá éilimh, rud a raibh críoch mharfach leis.
 
Mhair an caoineadh sa traidisiún béil ar feadh cúpla céad bliain i ndiaidh bhás an tsaighdiúra óig agus is é an sampla is iomláine agus is áille é den fhoirm a mhaireann sa Ghaeilge.

Tá íomhánna láidre ann – capall Airt ag teacht ar ais chun an tí an oíche a maraíodh é gan a máistir, ‘a srianta léi go talamh’, fuil smeartha óna leiceann go dtí an diallait. Thug Eibhlín Dubh léim ar mhuin an chapaill gur thug go Carraig an Ime í. Agus Art ina luí ansin marbh, thóg sí a chuid fola ina bosa agus d’ól siar í.
 
Tá draíocht sa chaoineadh a spreagann samhlaíocht agus cruthaitheacht ealaíontóirí. Mar shampla, chuir an file iomráiteach Paul Muldoon Béarla air agus léiríodh é ar stáitse an MAC in 2018 in éineacht le Horslips, a raibh ceol cumtha as an nua acu mar fhreagairt ar an chaoineadh.
 
Tá póstaer sa Seomra Feistis sa Chultúrlann ag fógairt ceolchoirme a bhí ag Cór Ban Chúil Aodha i gColáiste Naomh Muire tuairim is scór bliain ó shin – cheol siad Caoineadh Airt Uí Laoghaire ann. Roimhe sin, thug mé cuairt ar na mná céanna i nGaeltacht Mhúscraí agus ar Pheadar Ó Riada a chum an ceol dóibh. Bhuail mé isteach ar Ráth Laoich, an teach ceannann céanna ina raibh cónaí ar Eibhlín Dubh, Art agus a gclann, agus bhí bean an tí breá sásta an caoineadh agus scéal an teaghlaigh a phlé liom.
 
Caithfear a rá go bhfuil i bhfad Éireann níos mó i gceist le leabhar Dhoireann Ní Ghríofa ná díreach scéal Eibhlín Dubh. Tá scéal a beatha féin cumhachtach, ilghnéitheach, lán iontaisí agus é curtha i láthair ar dhóigh nuálach, fileata. Tramp Press a d’fhoilsigh.