3Gallery
Leanadh le léirsithe Black Lives Matter ar fud na Stát Aontaithe agus níos faide i gcéin an tseachtain seo. Tharla eachtra dhána i mBriostó Shasana a chuir idir iontas agus lúcháir ar chuid mhór daoine. Tharraing lucht agóide anuas dealbh de Edward Colston a raibh gnó trádála sclábhaithe aige san ochtú haois déag. Bhí an tsamhail chré-umha de Colston ina seasamh go húdarásach, mórtasach ar feadh breis agus céad bliain, ach Dé Domhnaigh seo caite leag grúpa daoine í agus bhrúigh siad síos na sráideanna í a fhad leis an chuan, áit ar chaith siad isteach san uisce í. 

Ní léir go raibh Méara Bhriostó, Marvin Rees, róbhuartha faoi chur na deilbhe go tóin poill. Dóchasach atá seisean go mbeidh dul i ngleic ceart le ciníochas sa chathair mar oidhreacht ar eachtraí an lae.

Táthar ann ar ndóigh a chreideann nár chóir baint do leaca ná dealbha a dhéanann comóradh ar eachtraí stairiúla agus orthu siúd a bhí páirteach iontu, fiú más eachtraí náireacha iad. Gan amhras, tá sé tábhachtach achan ghné den stair, idir mhaith agus olc, a thabhairt chun cuimhne le go bhfaighimid inspioráid agus le nach ndéanfaimid na meancóga céanna arís go deo. Ach ní gá móradh a dhéanamh ar lucht na hurchóide le dealbha agus sráidainmneacha agus hallaí móra chun nach ligfimid i ndearmad iad. Tá bealaí eile ann le cuimhneamh orthu, mar shampla leabhair agus cláir theilifíse. Inseofar an scéal faoi tharraingt anuas na deilbhe de Edward Colston i mBriostó go gceann blianta fada, agus inseofar cad é an fáth a bhí leis. 

CEART DOM, CEART DUIT: Agóideoir ar son Black Lives Matter I gCathair na nAingeal.. Pic le Donovan Valdivia, Unsplash
3Gallery

CEART DOM, CEART DUIT: Agóideoir ar son Black Lives Matter I gCathair na nAingeal.. Pic le Donovan Valdivia, Unsplash

Mar gheall ar an eachtra, chuaigh na mílte a luí oíche Dé Domhnaigh agus eolas as an nua acu ar thrádáil sclábhaithe agus ar an dóigh uafásach inar chaith an Royal African Company leis na hAfracaigh a chuir siad faoi dhaorsmacht. Gach seans fosta go bhfuil cuid mhór againn níos spreagtha ná riamh lenár ról féin a imirt i ruaigeadh an chiníochais den tsaol. 

Anseo sa bhaile, reáchtáladh agóidí i mBéal Feirste agus i nDoire Dé Sathairn a bhí síochánta, dea-eagraithe. Is léir go raibh sláinte an phobail mar ardtosaíocht ag United Against Racism Belfast agus Fóram na nImirceach san Iarthuaisceart, a d’eagraigh na himeachtaí. Bhí an méid sin soiléir ó na pictiúir agus físeáin den dá ócáid agus ó bheith ag caint le daoine a bhí i láthair.

Bhí cearnóga agus crosóga marcáilte ar an talamh chun cuidiú le daoine fanacht dhá mhéadar ar a laghad ar shiúl óna chéile. Cuireadh díghalrán, mascanna aghaidhe agus lámhainní ar fáil chomh maith. Bhí roinnt comharthaí in airde faoin scaradh fisiciúil agus bhí maoir ann chun daoine a stiúradh. Craoladh na horáidí agus na hamhráin ar na meáin shóisialta sa dóigh is go dtiocfadh le daoine eisteacht leo ar a ngutháin agus nach mbeadh orthu brú isteach róghar dá chéile chun na cainteoirí agus ceoltóirí a chluinstin. Iarradh ar dhaoine a raibh airíonna orthu atá luaite le COVID-19 agus ar dhaoine leochaileacha a bhí ag clutharú fanacht sa bhaile. Ní fheicfeá eagrúchán níos fearr sna hollmhargaí ná i scuainí IKEA. 

Cad chuige mar sin a raibh an PSNI ag ceistiú agóideoirí, ag tabhairt rabhaidh dóibh agus ag gearradh fíneálacha £60 orthu, go háirithe nuair atá neamhaird déanta acu de chruinnithe eile de dhaoine le seachtainí beaga anuas? Chuir siad isteach ar an cheart atá ag daoine léirsiú a dhéanamh le cothromas a bhaint amach. Dúirt Amnesty International gur “cúis mhór imní” a bhí i ngníomhartha na bpóilíní an lá sin. 

Faoi thús na seachtaine seo, bhí tuairim is £20,000 bailithe i bhfeachtas sluamhaoinithe le fíneálacha a ghlanadh ar son aon duine a rachadh sé crua air nó uirthi an pionós a íoc. Dar le lucht eagraithe na n-agóidí, is “daoine dubha, daoine óga, inimircigh agus mná” na grúpaí is mó a bhí thíos le bearta na bpóilíní, mar sin is maith go bhfuil an pobal toilteanach cúpla punt a chur isteach sa chiste le cuidiú leo in am an ghátair. Más mian leat féin tacaíocht a léiriú, gabh arlíne chuig ciste atá tosaithe ar a son. 

Pictiúr tosaigh:  Grianghraf le Bayview Media