3Gallery
“I recommend that permission for the proposed development be refused.” Sin a scríobh cigire de chuid an Bhoird Pleanála ina thuarascáil i mí na Bealtaine faoin phlean 28 dteach agus teach aíochta a thógáil i sráidbhaile beag Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí.

Ach rinne an Bord Pleanála neamhaird de mholadh a gcigire féin. Thug siad cead don fhorbróir dul ar aghaidh leis an fhorbraíocht i gcroílár an bhaile.

Tá Comharchumann Ráth Chairn ag cur go láidir i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála. Tá iarratas á chur isteach chuig an Ardchúirt an tseachtain seo ar athbhreithniú breithiúnach. Tá cás daingean acu agus tá siad dóchasach go n-éireoidh leo. Tá achainí eagraithe ag muintir óga an bhaile ar na meáin shóisialta fosta a chuirfear chuig Comhairle Contae na Mí.

Tá 33 leathanach i dtuarascáil chigire an Bhoird Pleanála agus tá tagairt déanta don Ghaeilge ar chóir a bheith achan leathanach acu. Ag deireadh na tuarascála, tugann an cigire achoimre ar na fáthanna atá aige lena mholadh gur chóir an fhorbraíocht a dhiúltú. Ní luann sé draenáil, séarachas, easpa spásanna poiblí, dochar don chomhshaol, soilsiú, leagan amach na mbóithre ná aon rud mar sin. An t-ábhar imní is mó atá aige ná go ndéanfadh an fhorbraíocht dochar do “charachtar an tsráidbhaile” agus go mbeadh sé díobhálach d’oidhreacht, teanga agus cultúr na Gaeltachta i gContae na Mí.

Tá tuairim an chigire bunaithe ar pholasaí an stáit an Ghaeilge a chothú, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá sí bunaithe ar dhlíthe pleanála atá ceaptha leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar theanga phobail a chosaint. Tá sí bunaithe ar chuspóirí agus spriocanna na n-údarás, Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Mí ina measc. Agus fós féin, chuaigh an Bord Pleanála ina aghaidh.

Labhair mé le Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn, Éanna Ó Cróinín. Luaigh sé an iliomad cúiseanna nár chóir dul ar aghaidh leis an fhorbraíocht – ach go bunúsach, dhéanfadh sé scrios ar an Ghaeltacht i gContae na Mí agus tá an baol mór ann go mbeadh sé ina fhasach a leanfaí i nGaeltachtaí eile na tíre.

Mhínigh Éanna nach bhfuil éileamh i measc mhuintir na háite ar an oiread sin tithe. Níl ach tuairim is 300 duine ina gcónaí i mbaile Ráth Chairn agus níor tógadh ach dhá scór teach ann le daichead bliain anuas. Chítear dó go bhfuil na tithe nua beartaithe do chomaiteoirí agus ní don phobal áitiúil. Maidir leis an teach aíochta, an n-éireodh leis mar ghnó ar chor ar bith nuair tá fiontair eile den chineál chéanna i mbailte níos mó sa cheantar ag streachailt go mór?

AG SEASAMH AN FHÓID: Éanna Ó Cróinín.
3Gallery

AG SEASAMH AN FHÓID: Éanna Ó Cróinín.

Tá na coinníollacha teanga atá ag dul leis an chead chun an t-eastát tithíochta a thógáil iontach lag ar fad. Bíonn ceangal ar fhorbróirí eastáit nua atá lonnaithe sa Ghaeltacht a chinntiú go ndíolfaidh siad céatadán áirithe de na tithe le daoine a bhfuil Gaeilge acu. I gcás Ráth Chairn, níl sé tugtha le fios cén dóigh a gcinnteofar go bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge ag lucht ceannaithe na dtithe – agus ar aon nós, tá clásal ann a ligfeadh don Chomhairle Contae cead a thabhairt i scríbhinn don fhorbróir neamhaird iomlán a dhéanamh den choinníoll teanga.

Is dea-shampla den drochphleanáil atá san fhorbraíocht atá beartaithe i Ráth Chairn. Ní ceist áitiúil amháin atá ann ach ceist náisiúnta fosta – agus is ar bhonn náisiúnta a chaithfear é a réiteach.

Dúirt Éanna Ó Cróinín gur chóir go mbeadh ról ag saineolaithe ar an tsochtheangeolaíocht i gcinntí faoi thithíocht sa Ghaeltacht, ach nach bhfuil a leithéid de dhuine ag obair le haon cheann de na Comhairlí Contae. B’fhearr le hÉanna go mbainfí dualgais tithíochta de na Comhairlí ar fad agus go mbunófaí aonad ar leith in Údarás na Gaeltachta a bheadh i gceannas ar cheisteanna pleanála sa Ghaeltacht. Agus rud eile de, seachas daoine ceaptha ag polaiteoirí le bheith ar bhord an Údaráis, toghcháin a bheith ann le go mbeadh ionadaíocht cheart ag muintir na Gaeltachta air.

Chuir léitheoirí an cholúin seo suim mhór san alt a bhí ann ag tús mhí na Bealtaine faoi dhlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Gaeltachta. Seo deis anois againn seasamh lenár gcairde i Ráth Chairn.