Tá 21 mholadh le cúrsaí Gaeilge a fheabhsú sa saol poiblí anseo le fáil i dtuarascáil COMEX a seoladh ag tús na míosa seo. Coiste Saineolaithe de chuid Chomhairle na hEorpa atá in COMEX agus bíonn siad ag plé leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Tá ball ar an Choiste ag formhór na dtíortha a bhfuil an Chairt sínithe acu agus tá na baill sin neamhspleách ar na rialtais a cheap iad.

Shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an Chairt fiche bliain ó shin agus bíonn COMEX ag déanamh measúnú gach tríú bliain ar dhul chun cinn, nó a mhalairt, i dtaca le seacht dteanga mhionlaigh (nó mionlaithe) sa dlínse – an Ghaeilge, Ultais, Gàidhlig, Albainis, Gaeilge Mhanann, Breatnais agus Coirnis. 

Déanann an Coiste Saineolaithe moltaí faoi na dóigheanna ina dtig leis an Rialtas feabhas a chur ar chleachtais, polasaithe agus dlíthe i gcás na dteangacha éagsúla.

Bailíonn siad eolas ón Rialtas féin agus ó eagrais a bhíonn ag obair sa ghort. Níl aon eolas ó Rialtas na Ríochta Aontaithe faoi na sé chontae san áireamh sa tuarascáil seo is deireanaí de chuid COMEX mar níor chuir an Feidhmeannas aon eolas chucu.

Bhí an Feidhmeannas as feidhm, ar ndóigh, ach ní seo an chéad uair a tharla a leithéid. Tháinig cuid de bhaill an Choiste go Béal Feirste i mí na Bealtaine 2018 agus thug siad cuairt ar Bhunscoil Phobal Feirste. Bhí cruinniú acu chomh maith in oifigí an Choimisiúin um Chearta an Duine le grúpaí éagsúla, ina measc an Coimisiún féin, Pobal, Conradh na Gaeilge, Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAJ. 

Dar le COMEX, ba chóir dul i mbun gnímh láithreach maidir le dhá mholadh ar leith atá déanta acu. Dlí cuimsitheach agus straitéis a ghlacadh leis an Ghaeilge a chur chun cinn an chéad cheann.

I bhfocail eile, acht Gaeilge fiúntach agus straitéis a thabhairt isteach chomh luath géar agus is féidir. Baineann an dara moladh le cúrsaí oideachais. Tá ganntanas múinteoirí ann ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta, go háirithe in ábhair mar Mhata, Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht. Moltar mar sin dóthain múinteoirí a chur faoi bhunoiliúint agus faoi bhreisoiliúint le go dtig leo bheith ag teagasc trí mheán na Gaeilge. 

Baineann moltaí eile a rinne na baill leis na cúirteanna, le heagrais phoiblí agus leis na meáin.

Deir COMEX go bhfuil an cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna dochosanta agus gur chóir deireadh a chur leis. Ba cheart a chinntiú, dar leo, go bhféadfaidh lucht na Gaeilge gnó a dhéanamh i nGaeilge leis na comhairlí áitiúla agus le heagrais a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil. 

Tá roinnt mhaith moltaí ann a bhaineann le cúrsaí teilifíse, raidió agus nuachta. Dar leis na saineolaithe, ní mór cur leis an ábhar Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin phoiblí agus bearta a dhéanamh le go mbeidh cláir Ghaeilge le cluinstin ar stáisiúin raidió thráchtála.

Tá réimse craolacháin Raidió Fáilte, an t-aon stáisiún pobail Gaeilge sa limistéar, teoranta do 5 km. Deir COMEX go bhfuil sé sin “an-teoranta” agus gur chóir é a leathnú amach le freastal ar an éileamh atá ann i measc an phobail. Molann siad chomh maith an bealach a éascú le nuachtán Gaeilge amháin ar a laghad a chruthú i bhfoirm chlóite nó ar líne.

Tá na húdaráis anseo i bhfad ar gcúl ar lucht labhartha na Gaeilge maidir le soláthar na seirbhísí atá de dhíth orainn. Is tearc na seirbhísí poiblí atá ar fáil i nGaeilge. Táimid i mbun feachtasaíochta agus stocaireachta ar feadh fada go leor agus tá méid áirithe bainte amach, ach mar a léiríonn tuarascáil COMEX, tá bearnaí móra go fóill le líonadh. Is go mall, fadálach a thagann athrú ar chleachtais an Stáit ach is maith agus is tábhachtach go bhfuil tacaíocht againn ónár gcomhghleacaithe i dtíortha eile Eorpacha.