Tá daoine ar leith ag obair le cúrsaí turasóireachta san India nach féidir luach a chur ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Níl oiliúint speisialta acu agus níor fhreastail siad ar choláiste turasóireachta ná ar an ollscoil. Níl cáilíochtaí lónadóireachta ná fáilteachais acu. Níl ceadúnas gníomhaire taistil acu. Ní bainisteoirí ar thithe ósta ná treoraithe oifigiúla iad, ach éascaíonn siad an tslí go mór ar an turasóir bocht neamhspleách atá ag iarraidh jabanna beaga a chur i gcrích, mar shampla tacsaí a chur in áirithe nó ticéad traenach a cheannach, rud a dtig leis bheith measartha casta. 

Fixers iad. Réitíonn siad fadhbanna duit agus cuidíonn siad leat do mhianta taistil a fhíorú. Is idirghabhálaithe iad idir an té atá san fhaopach agus an duine a thabharfaidh duit an rud atá uait. Duine acu siúd ab ea Raju Singh. Chuir mé aithne ar an fhear óg fuinniúil, seiftiúil i siopa grósaera ar thaobh an phríomhbhóthair i sráidbhaile Papersali nuair a bhí cárta SIM de dhíth orm. Dúradh liom gur seo an fear a réiteodh cúrsaí dom. Níor ghá dom féin bheith ag plé le maorlathas ná moilleadóireacht. Mar dhuine áitiúil, bhí a fhios ag Raju cén comhlacht ab fhearr ó thaobh líonra agus glacadh comhartha de ar shleasa na gcnoc. 

Bhí cuma iontach slachtmhar ar Raju – bhí dúil aige i seaicéid leathair agus jíons deasa. Ní fhéadfadh sé a dhóthain a dhéanamh duit. Thiocfadh leat trealamh agus éadaí a stóráil i gcófra miotail ina theach ó bhliain go bliain, leabhair a fháil ar iasacht óna leabharlann nó an wifi a úsáid sula raibh a leithéid de sheirbhís ag na tithe aíochta eile ar an bhaile. Thugadh sé síob duit isteach sa bhaile mhór ar a ghluaisrothar. Thugadh sé thú chuig na siopaí sna cúl-lánaí, áit a raibh na margaí ab fhearr le fáil, agus dhéanadh sé cinnte nach raibh na siopadóirí ag bualadh bob ort. D’fhoghlaim sé le bia a dhéanamh a thaitin lena aíonna idirnáisiúnta, arán sóide na hÉireann san áireamh. 

Bhí mé ag stopadh i dteaichín dá chuid atá ainmnithe as dia Hiondúch, Krishna Cottage. Ba fhear cráifeach é Raju agus ba ghnách leis puja, nó searmanas beag, a dhéanamh ar maidin agus tráthnóna le coinnle ola, tiús agus cloigín sa teampall beag a bhí tógtha aige ar a thalamh féin.

Thriail sé fiontair éagsúla le pingneacha a shaothrú. Seachas seomraí a ligean ar cíos agus bialann a reáchtáil, bhí fiontair aige le hainmhithe. Ach ní raibh críoch rómhaith leo. Níor mhair na héisc órga chostasacha a cheannaigh sé don linn in aice leis an teampall ach lá nó dhó. Fuair an cat iad. Bhí dhá smutmhadadh aige, Tíona agus Tom. Bhí tóir mhór ar mhadaidh folaíochta sa cheantar agus bhí sé cinnte go ndéanfadh sé pingin mhaith astu. Faoi dheireadh, saolaíodh cúig choileán i lár na hoíche do Thíona (ar urlár na bialainne), ach níor mhair ach an ceann is lú acu, Lucky. Bhí fiontar le francaigh ag Raju fosta. Fuair sé cúpla scór acu lena bpórú agus a dhíol, ach fuair nathair mhór iad. 

DOMHAN EILE: Baile Almora a dheas do Papersali san Ind
2Gallery

DOMHAN EILE: Baile Almora a dheas do Papersali san Ind

Bhí saol crua ag Raju agus é óg. Ba chúis mhór bróid an teach dhá stór a thóg sé dá theaghlach, trí ghlúin acu, agus an gnó a bhunaigh sé. Ar an drochuair, ní raibh sé furasta air brabús a dhéanamh agus b’éigean dó obair eile a lorg agus giotaí den ghnó a dhíol. Tháinig drochscéal a d’fhág smúid ar ár gcroí an tseachtain seo caite gur cailleadh Raju, gan é ach sna tríochaidí agus bean chéile agus beirt pháistí óga fágtha ina dhiaidh aige. Is cosúil gur Covid-19 a thug a bhás. 

An tseachtain seo, beidh mé ag smaointiú go mór ar an Nollaig a chaith mé i dteachín Krishna agus ar an dinnéar álainn a réitigh Raju dúinne, na haíonna as seacht dtír éagsúla. Shuigh muid amuigh faoi na réaltaí agus las sé tine chnámh mhór. Bhí cúpla buidéal fíona faighte aige agus bhí féasta le achan chineál bia leagtha ar an tábla aige. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an áthas a bhí ina shúile agus muid ag gabháil buíochais leis ag deireadh na hoíche. Chuir sé lúcháir mhór air daoine eile a shásamh. Go hálainn ar fad.