[audio mp3="https://belfastmedia.com/wp-content/uploads/2020/05/200502-Malartú-scéalta1.mp3"][/audio]

Cliceáil ar an nasc thuas le héisteacht le Gráinne Ní Ghilín

3Gallery
Ó am go chéile, tig togra ar an tsaol atá suntasach, speisialta. Tháinig an dea-scéala cúpla seachtain ó shin ó chomhghleacaí liom, Eithne O’Connell, go bhfuil leabhar nua le scéalta ón Phailistín a aistríodh go Gaeilge i gcló anois. Tá seacht scéal, idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha, le fáil in ‘Scéalta ón bPailistín sean agus nua’ agus tá míle cóip den leabhar galánta seo, a foilsíodh sa Phailistín, i stóras i mBaile Átha Cliath. Caithfimid fanacht tamall eile le lámh a leagan orthu, ach chomh luath agus is féidir, scaipfear na leabhair ar dhaltaí i ngaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre saor in aisce. Idir an dá linn, tá leagan leictreonach ar fáil ar líne.

Ó thaobh na teanga de, tá na scéalta uilig simplí, ach fíorshaibhir. Tá teachtaireacht dhomhain iontu fosta. Sa scéal traidisiúnta ‘Amhránaí na Báistí’, tá náire ar an asal faoina ghlór agus diúltaíonn sé canadh. Ach nuair a éiríonn leis faoi dheireadh a chuid imní a chur de, faigheann sé amach go bhfuil bua ar leith aige nach bhfuil ag aon ainmhí eile. Is scéal é a thógfadh do chroí. Ar an láimh eile, tá an scéal nua-aimseartha ‘M’éide Scoile’ tromchúiseach agus léiríonn sé mar a théann pléacsanna, urchair agus tancanna i bhfeidhm ar pháistí óga. Fós féin, tá dóchas agus misneach mór le mothú ann.

Is é foilsiú an leabhair seo an dara céim i gcomhthionscadal idir Ollscoil Birzeit in Ramallah agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dáileadh dhá leabhar eile le scéalta Gaeilge a aistríodh go hAraibis ar scoileanna i nGáza agus ar an Bhruach Thiar in 2018. Tá páistí thall ag cur eolas ar scéalta traidisiúnta Chlann Lir, Labhraidh Loingseach agus Oisín agus Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg, agus tá siad ag léamh scéalta nuascríofa le hAoife Ní Dhufaigh, údar atá ina cónaí in Inis Oírr, agus ag daoine óga ón oileán.

SCÉALTA TRAIDISIÚNTA


Is saineolaí í Eithne O’Connell ar staidéar an aistriúcháin agus is é a leagan siúd de na scéalta traidisiúnta Gaeilge atá sna leabhair Araibise. Thug Eithne cuairt ar eagrais neamhbhrabúsacha agus ar ollscoileanna sa Phailistín tuairim is seacht mbliana ó shin faoi scáth an tionscadail Right 2 Education. Chuir sí aithne ar Mahmoud Abdel-Fattah ó Ollscoil Birzeit an t-am sin, agus tá an bheirt acu ag obair le chéile ó bhí 2014 ann leis an chomhfhiontar seo i litríocht na n-óg a thabhairt chun críche.

Is togra stairiúil atá sa mhalartú scéalta seo. Measann Eithne gurb í seo an chéad uair riamh a aistríodh scéalta ó Ghaeilge

GLEOITE: Leabhair nua ón Phailistín do pháistí
3Gallery

GLEOITE: Leabhair nua ón Phailistín do pháistí

go hAraibis agus ó Araibis go Gaeilge. D’iarr sí ar an leabharlannaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá i gceannas ar chúrsaí teangeolaíochta taighde a dhéanamh ar an ábhar agus ní raibh seisean in ann teacht ar aon sampla eile d’aistriúchán den chineál seo idir an dá theanga. Mhínigh Eithne fosta go raibh an Béarla mar mheánteanga agus na scéalta á n-aistriú, agus gur nós coitianta é i saol na litríochta ar fud an domhain mórtheanga a úsáid mar dh.oichead idir dhá theanga eile.

Is dhá dhream a chónaíonn in áiteanna éagsúla agus a labhraíonn teangacha difriúla a bhí páirteach sa togra seo. Mar sin féin, is ceiliúradh é ar an scéalaíocht, ar an ealaín agus ar na heispéiris atá i gcoitinne againn lena chéile. Tá na leabhair uilig le fáil ar shuíomh Ollscoil Birzeit, ‘Scéalta ón bPailistín sean agus nua’ anseo agus scéalta na nGael a aistríodh go hAraibis anseo.

Is féidir Gráinne Ní Ghilín a leanstan ar Twitter ag @SatyaNiGhilin