Tá fear as Béal Feirste ag ceiliúradh i ndiaidh dó corn a thabhairt abhaile leis ó Oireachtas na Samhna 2026. 

Bhain Naoise Mac Cathmhaoil, arb as Tír Chonaill dó ó dhúchas ach atá ag cur faoi i mBéal Feirste leis na blianta, Corn Cuimhneacháin Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin as a amhrán nuachumtha 'Amhrán an Tobáin Mhóir.'

View this post on Instagram

A post shared by TradTG4 (@tradtg4)

"Tháinig sé aniar aduaidh orm," arsa Naoise "Chum mé an t-amhrán sin i ndiaidh an Oireachtais i mBéal Feirste anuraidh agus dúirt mé go gcuirfinn isteach ar an chomórtas don chraic. 

"Cha raibh a fhios agam cé chomh mór is a bhí an comórtas sular chuir mé isteach air! Bhí thart fá scór istigh ann. Shíl mé go mbeadh sé deas páirt a ghlacadh ach nach mbeadh dóigh ar bith go raibh mé ag dul á bhaint."

Is minic a bhíonn Naoise istigh i dToraigh, ceann de na ceantracha is mó ceoil agus amhráin sa tír. Dúirt sé go raibh oileánach agus cara mór leis ina inspioráid don phíosa i ndiaidh dó a bheith i láthair ag Oireachtas Bhéal Feirste anuraidh. 

"Nuair a théim isteach go Toraí bímse ag stopadh ag Jimí Ó Dubhcháin, agus tá droch-chorróg ar an chréatúr bocht, cionn is go raibh sé ag iascaireacht i rith a shaoil," arsa Naoise.

"Níor chaill sé amach ar Oireachtas riamh. Bhí sé ag an Oireachtas anuraidh i mBéal Feirste agus bhí sé féin agus a bhean ag siúl fá Bhéal Feirste. Shiúil sé i bhfad barraíocht agus nuair a d'fhill siad ar an tseomra bhí an chorróg iontach nimhneach agus ghlac sé cinneadh é féin a fholcadh istigh sa tobán.

"Ach an créatúr bocht, shleamhnaigh sé sa tobán agus ní raibh sé ábalta é féin a tharraingt amach mar gheall ar an chorróg! Bhí sé gafa sa tobán go dtí go dtáinig a bhean lená tharraingt amach.

"Tá muid iontach mór le chéile agus thosaigh muid ag gáire faoi agus chinn mise amhrán a scríobh faoi. Amhrán magaidh atá ann."

Bheadh níos mó cáile ar Naoise de bharr a chuid ceoil ar an tsean-nós traidisiúnta. Bíonn sé ag teagasc ranganna ar an tsean-nós in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste, agus bhain sé Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe ag an Oireachtas in 2024. Dúirt sé gur bhain sé sult as an stíl úr cheoil seo. 

D'iarr Naoise fonn an amhráin ar chara dá chuid, Michael Steen, agus chuir Michael trí fhonn difriúil chuige. 

"Phioc mé an ceann a d'úsáid mé agus bhí mé ábalta na focail a chur leis. Tá mise i bhfad níos fearr ag scríobh ná ag cumadh ceoil, ach d'éirigh liom sa deireadh. 

"Bhí meascán d'amhráin sa chomórtas. An chuid is mó acu is amhráin nuachumtha sa stíl thraidisiúnta iad, agus gach cineál ábhair ann, ach ábhar an lae inniu in áit a bheith ag amharc siar ar rud a tharla 300 bliain ó shin. Bhí daoine ag ceol faoi Trump, daoine eile faoi Éire an lae inniu. Eispéireas iontach agus bhain mé an-sult as."

Cé gur dhúirt sé nach raibh sé "go hiomlán sásta" leis an dóigh ar cheol sé ar an oíche, thug sé an bua leis agus dúirt go raibh muintir Thoraí thar a bheith sásta.

"Bhí muintir Thoraí istigh agus chuaigh siad ar mire. Bhain siad sult-as agus bhí siad ag rá gurb í seo an dóigh ar cumadh na n-amhrán fadó. Tharla rud éigin agus cumadh amhrán ar an toirt. Dúirt siad 'le cuidiú Dé beidh na páistí ag ceol an amhráin sin sa todhchaí.'"