Tá go leor scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus fiú in Albainís Uladh faoin dóigh mar a fuair Béal Feirste a hainm. Tá an scéal i mbéal an phobail, fiú ag daoine nach Feirstigh iad ó dhúchas. Béal na Fearsaide, mouth of the sandy ford. Abhainn na Fearsaide, an abhainn fholaithe thíos faoin chathair anois. Ach, tá Béal Feirste do-aitheanta anois ón Bhéal Feirste a bhí ann agus mise ag teacht i méadaíocht. Tá an chathair iomlán do-aitheanta ó aimsir mo thuismitheoirí fein. Beidh a fhios acu, beidh a fhios ag mo mháthair go háirithe, bean de bhunadh an Mhargaidh, ceantar stairiúil ar imeall lár na cathrach. Agus Dia ár Sábháil, ná habair The Markets, sin scéal eile, beidh daor ort, níl ach Margadh amháin ann! Faraor, tuigim go bhfuil áiteacha agus ceantracha faoi leith i lár na cathrach atá beagan rite síos, cuma shalach orthu b’fhéidir, áfach, os a choinne sin, tá áiteacha agus foirgnimh ghalanta ann. Ní raibh mé féin i lár chathair Bhéal Feirste le tamall anuas agus ní thiocfadh liom Madden’s ná Tigh Uí Cheallaigh a chur san áireamh, mar sin, bhí iontas orm ag siúl thart ar lár na cathrach le mo pháistí ag dul i dtreo Belfast Tradfest in Ollscoil Uladh i lár an bhaile an tseachtain seo.