MANCHESTER VIBES IN THE AREA! Má tá a fhios agat, tá a fhios agat!
“One thing you can be sure about in life: just when you think that things are never ever going to get better, they suddenly get worse.”
I’m not usually a big sentimental person, thinking about times gone by or the glory days. However, my youngest sister, Orlaith recently shared with me a load of old St Oliver Plunkett photos that appeared on a Lenadoon Facebook page.
Tuairisc ar Dhráma na Nollag Ghaelscoil na bhFál, scríofa ag na páistí iad féin!
Bris an droch-nós le dea-rún. Cuir ort do bhróga reatha!
Is grá linn uilig na Nósanna Nollag, ach cár thosaigh siad?
Alt faoin Nollaig
Olltoghchán na hÉireann
Mí na Samhna, an t-aonú mí dhéag san fhéilire agus an Geimhreadh faoi lán seoil in Éirinn, difear bheag san fhéilire atá againn mar Éireannaigh, mar Ghaeil agus an fhéilire atá i gceannas sa Bhreatain. Ní thosaíonn geimhreadh na Breataine go dtí Mí na Nollag.
Tá Oíche Shamhna beagnach buailte linn. Páistí ar bís, ag roghnú cultacha difriúla sna siopaí nó ar líne, ag gearradh puimcíní, ag déanamh réidh do “bob nó bia”. Múinteoirí ar bís le seachtain saor ón scoil, tuillte acu! Na tuismitheoirí ag smaointiú siar, ag machnamh ar Oíche Shamhna mar a bhí, tornapaí agus Páirc Mhic Asmáint, cultacha níos simplí agus maisiúcháin? Bhain na maisiúcháin leis an Nollaig, chan an tSamhain!
TÁ an aimsir ag athrú de réir a chéile, ach is cinnte go bhfuil fómhar beag na ngeanna ligthe i ndearmad againn agus deireadh an fhómhair ag druidim linn. An Geimhreadh le mothú, beagán ar bheagán. Bhí bailc mhór fearthainne ann an tseachtain seo, díreach in am don chéad imeacht i bhfeilire imeachtaí na ngaelscoileanna! Más maith agus is mithid! Tharla sé go raibh Trastíre na nGaelscoileanna beartaithe ag Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna an tseachtain seo, ar bhealach, cuireann an doineann leis an imeacht. Bíonn sé doiligh samhlú trastíre gan clabar, gan slodáin, téann siad lámh ar láimh le chéile. Páistí ag streachailt, ag brú agus ag treabhadh a n-iomaire féin ar pháirc, an cath pearsanta sin idir an pháiste agus an líne deiridh. Reathaíocht, spórt aonair dúshlánach, is grá liom fein é. Mar sin de, bhailigh sé ghaelscoil le chéile ar pháirceanna Naomh Gall ar Bhóthar na bhFál do rasaí trastíre na ngaelscoileanna agus an talamh ar maos le huisce agus braon báistí i mbéal na gaoithe! Suíomh iontach atá i bpáirc Bhaile an Mhuilinn, Naomh Gall, tearmann, ar dhóigh, páirc imeartha atá timpeallaithe ag Reilig Bhaile an Mhuilinn, Chluain an Bhogaidh agus Scoil Naomh Labhaoise. D’oibrigh Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna go dlúth le Fís an Phobail, Comhairle Chathair Bhéal Feirste agus dár ndoighe le Naomh Gall leis an imeacht iontach a shólathar do Ghaeil óga na cathrach. Bhí breis agus 100 páiste ag rith ar an lá agus ionadaíocht leathan ó ghaelscoileanna na cathrach, Gaelscoil na bhFál, Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Scoil na Fuiseoige, Gaelscoil an Lónainn, Scoil an Droichid agus Coláiste Feirste.
Tá fómhar beag na ngéanna linn faoi láthair nó an samhradh beag. Is beag samhradh a bhí againn, mar sin de, is fiú tairbhe a bhaint as.
Ar uairibh, bíonn an focal laoch in úsáid go minic ag daoine. Barraíocht. In amanntaí, bíonn muid ró-fhlaithiúil leis an chur síos, leis an ainmniú agus leis an mhíniú…laoch.
IS cinnte go mbíonn macallaí na staire níos congáraí dúinn ná mar a shíleann muid. Mothaíonn muid agus mothaíonn páistí ach go háirithe go bhfuil an stair iontach fada ar shiúl sna cianta cairbreacha! Mothaíonn mo pháistí féin mar shampla gur iarsma ársa mé de ré na staire nach bhfuil ann níos mó! Níl mé féin den bharúil sin, dár ndóighe! Ach le bheith ionraic, is féidir linn in Éirinn go speisialta ár stair a lorg agus a fhiosrú má léimeann muid siar cúpla glúin. Tá mé ag déanamh go bhfuil sé amhlaidh le beagnach gach teaghlach. Na Trioblóidí, Cearta Sibhialta, 1950aidí, Dara Cogadh Domhanda, Blitz agus Ciondáil, Imtheorannú agus Tom Williams. Ní ghlacann sé ach cúpla glúin. Ó ghlúin go glúin. Na Tríochaidí Ocracha, Círéibeacha ODR, Ceiltigh Bhéal Feirste, Imirce agus neart eile. Thig linn ócáidí móra staire a aimsiú agus ord croineolaíoch a chur ar rudaí le tuiscint níos iomláine a fháil. Bíonn ord croineolaíoch thar a bheith tábhachtach úsáideach ag staraithe móra agus beaga agus ag foghlaimeoirí agus doiligh in amanntaí do pháistí a thuiscint. I mo thaithí féin mar mhúinteoir gaelscoile, bíonn sé dúshlánach ag foghlaimeoirí óga coincheap na staire a thuiscint nuair atá tú ag caint ar chéad bliain ó shin nó ar an mhí seo caite, nó anuraidh nó fiche bliain ó shin. Bíonn sé teibí ag daltaí. Ach múineann gá seift agus bíonn go leor áiseanna tacaíochta in úsáid go dtig le daltaí a thuiscint an saol mar a bhí agus liosta croineolaíoch de bhuneachtraí na tíre a shealbhú agus ceangal fisiciúil a dhéanamh lena saol agus saol a muintire. Mar shampla,1884 bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael….imríonn páistí peil agus iomáint, tá nasc ansin.1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge…..an eagraíocht a bhí ag stocaireacht do chearta teanga, mar a tharla ar ball leis an Dream Dearg. Tá nasc ansin.1912 thit an long chlúiteach a tógadh i mBéal Feirste go tóin poill ar an Aigeán Atlantach. Is cinnte go bhfuil an scéal i mbéal na bpáistí agus gur thug siad cuairt ar an Cheathrú Titanic, H agus W agus ceantar na nduganna1916- Tharla Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath. Tá neart nascanna Feirsteacha anseo idir Winifred Carney agus James Connolly. Bhí sé de phléisiúr agam camchuairt reilige a dhéanamh leis Cumann Chluain Ard, ar na mallaibh, i Reilig Bhaile an Mhuilinn. Grúpa scoláirí a bhí ann ón ardrang ar an Dianchúrsa is déanaí a reachtáil siad. Gaeilge líofa againn uilig. Stair trí Ghaeilge. Bhí meascán mearaí de chúlraí agus d’aoiseanna ar an chamchuairt mar a bhíonn go minic. Áfach, ní raibh muid i bhfad ag toiseacht leis an turas agus cúpla pearsa móra na staire déanta againn Kevin Mc Alinden agus Ceiltigh Bhéal Feirste, na Gaeilgeoirí Muiris Ó Droighneáin agus an tAthair Ó Tuathaill gur thug muid cuairt ar an phoblachtánach Freddie Fox, a maraíodh i mí Lúnasa 1921 gar do lár na cathrach agus Óglaigh na hÉireann ag déanamh ionsaithe ar an RIC. Bainim úsáid as scéal Freddie Fox mar intreoir, túsphointe do stair Bhéal Feirste ag an am sin. 1920idí, Na Pograim, Cogadh na Saoirse, dioltás an RIC in éadan an phobail Chaitlicigh, Cromwell Clubs agus DI Nixon agus neart eile. Labhraím faoi na heachtraí móra atá sna leabhair staire. Áfach ní dhéanaim trácht ar Freddie mar dhuine ná ar a chúlra ná ar a chlann. Samhlaigh mar sin an t-iontas a bhí orainn uilig ar an chamchuairt ar an lá samhraidh sin go raibh garnia de chuid Freddie Fox linn ar an chamchuairt agus é ag freastal ar ranganna Chumann Chluain Ard! Meiriceánach a raibh Gaeilge líofa aige a bhí ar saoire in Éirinn! Dochreidte. Iontas agus alltacht an domhain. D’inis Caoimhín, garnia le Freddie a lán scéalta faoi Freddie mar dhuine, Freddie mar fhear óg. Bhí Gaeilge aige, Fadgie a bhí ann. Chaith a theaghlach am i nDún Dealgan. D’imir sé peil agus iomáint le Rosa CLG i mBéal Feirste agus imreoir iontach a bhí ann! Is fiú cuimhneamh go raibh baint ag Joe Mc Kelvey le bunú an chumainn CLG Rosa fosta. Tá scéal Joe Mc Kelvey go mór mór i mbéal an phobail, ach níl scéal Freddie Fox. Fuair siad beirt bás ar son na hÉireann, áfach. Tamall gairid i ndiaidh dúinn teacht a fhad le leacht chuimhneacháin Joe Mc Kelvey ag an Leacht Chuimhneacháin Harbinson i Reilig Bhaile an Mhuilinn, d’inis Caoimhín scéal eile a bhain le teaghlach Mhic an tSionnaigh agus Mc Kelvey. Arís, bainim feidhm as scéal clúiteach cáiliúil Mc Kelvey le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad a mhíniú níos fearr agus cúlra na bPogram a thabhairt, gnéithe ginearálta le fírinne.
Tá mí Lúnasa beagnach buailte linn agus ciallaíonn sin aimsir na Féile, Féile an Phobail. Tá clár lán go béal arís le himeachtaí difriúla éagsúla ó na cainteanna polaitiúla agus imeachtaí teaghlaigh, ó cheolchoirmeacha móra agus ceolchoirmeacha beaga agus fiú coisirí sráide, siúlóidí, drámaí agus neart neart eile!