Creid nó ná creid é, beidh an tOireachtas i mBéal Feirste cois cuain den dara huair riamh i stair ársa an Oireachtais ar an tseachtain seo chugainn.

Tá sé thar am ar bhealach gur tháinig an tOireachtas ó thuaidh go dtí an dara cathair is mó ar an oileán, cathair na hathbheochana agus na Ceathrún Gaeltachta. 

Os a choinne sin, thaitin Oireachtas na Samhna go mór liom agus Féile na nGael lonnaithe i gCill Áirne, Contae Chiarraí. Bhí sé foirfe, gach rud in aice linn a chéile ar leac an dorais ag an oll-ostán, Gleaneagles. Afách, tig gach rud chun deiridh!

An mbeidh na Feirstigh réidh? Freagair leis an bhriathar!

An mbeidh na hionaid mór go leor? Beidh, Halla Uladh agus Halla Cois Cladaigh!

An mbeidh muintir Bhéal Feirste báúil? Beidh, clú agus cáil ar Ghaeilgeoirí na cathrach.

An mbeidh na húdárais ar bord? Beidh, fiú Comhairle na Cathrach ag cur teachtaireachtaí Gaeilge in airde maraon leis na comharthaí sráide!

An mbeidh lóistín ar fáil? Beidh, neart ostán agus óstlanna!

2Gallery

An mbeidh daoine ábalta freastal ar na himeachtaí? Beidh, gaelscoileanna druidte don tSamhain agus pobal na Gaeilge ag tacú.

An mbeidh lámh ag eagraíochtaí áitiúla Gaeilge leis? Beidh, Fís an Phobail, Ionad Uíbh Eachach, Fáilte Feirste Thiar agus An Chultúrlann agus neart eile.

.An mbeidh córas iompair ag dul go Bóthar na bhFál, croí na Ceathrún Gaeltachta? Beidh, Gliders agus fógraí as Gaeilge ar an bhus!

An mbeidh Conradh na Gaeilge Bhéal Feirste páirteach? Beidh, nach linne an tUachtarán! Ciarán Mac Giolla Bhéin! Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

Gael agus Feirsteach go smior agus toradh na gaelscolaíochta sa chathair, is ea Ciarán. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobal Feirste agus ar Choláiste Feirste agus tá sé ag obair i saol na Gaeilge. Tá baint aige le beagnach gach tionscadal teanga corraitheach agus achan togra cultúir fadradharcach in iarthar Bhéal Feirste.

Nuair a thagann an crú ar an táirne, is féidir linn bheith ag brath air. Tá sé fréamhaithe agus néadaithe sa phobal.

Dream Dearg, Glór na Móna, Imeachtaí na nGaelscoileanna, Siúlóidí Sléibhe, Féile na Carraige, Caife Anam agus b’fhéidir neart eile a d’fhág mé amach. Is fathach é, ar an ilomad bealach!

Tá Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán an Chonartha go bhfios domhsa ar an triú Feirsteach le bheith tofa ina uachtarán ar an Chonradh. Tagann sé i gcomharbacht ar Fheirstigh eile, Albert Fry agus Gearóid Ó Cailealláin, go ndéana Dia grásta orthu beirt. Is cinnte nach bhfuil feith an cheoil ag Ciarán is a bhí ag Albert nó bua na drámaíochta is a bhí ag Gearóid! Ar an láimh eile, tá níos mó ná ruaim amháin ar a shlat aige.

Is úrlabhraí den scoth é Ciarán a bhfuil dáimh agus nasc aige le cosmhuintir na cathrach, ón bhun aníos. An lucht oibre. Tá sé cosúil linn. Tá sé cosúil leat. Déanann sé beart de réir a bhriathar. Freastlaíonn a pháistí ar ghaelscoileanna, cuidíonn sé le ógfhoirne Laochra Loch Lao, Bíonn sé le feiceáil ag agóidí. Thög sé teaghlach le Gaeilge. Téann sé ar shiúl i gcuideachta teaghlaigh eile atá ag tógáil clainne le Gaeilge.  

Ní raibh gach uachtarán mar seo…..

Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 i mBaile  Átha Cliath. Aimsir na hAtbheochana. Ba é Dubhghlas de hÍde  an chéad uachtarán. Bunaíodh Craobh Bhéal Feirste Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1895 in oirthear na cathrach, ar Bhóthar Beersbridge. Bhí baint ag an aontachtaí agus ag an urramach Richard Rutledge Kane leis an chraobh. Labhair Rutledge Kane amach go tréan in éadan Rialtas Dúchais, ball den pháirtí Aontachtach a bhí ann, a bhí ag iarraidh triocha dó contae na hÉireann bheith faoi smacht ag an Bhreatain. Níor fhoghlaim sé an Ghaeilge go líofa.

Ba é John St.Clair Boyd an chéad uachtarán ar chraobh Bhéal Feirste. Aontachtaí eile a bhí ar son na Breataine, fear saibhir, uasal aicmeach, máinlia agus dochtúir a chónaigh ar Bhóthar Mhaigh Lóin i dteach ollmhór, Chatham House. Fear flaithiúil a chuidigh go mór leis an Ghaeilge, ach ní raibh an Ghaeilge ar a thoil aige ach oiread. (Pic da uaigh thuas.)

Mar a fheiceann muid ó stair an Chonartha, is le gach duine an Ghaeilge, ach b’fhearr liom Ciarán mar uachtarán ná an triúr thuas!! Áfach, ní bheadh Conradh ná Oireachtas 2025 ann, gan na luathbhunaitheoirí, na físithe, na conraitheoirí a chuaigh romhainn. Ní bheadh fiú  Seachtain na Gaeilge ann ar chor ar bith!

Beidh STAIR FAOIN SPÉIR ag déanamh CAMCHUAIRTEANNA REILIGE agus beidh cuairt speisialta ar uaigh Richard Rutledge Kane agus ar uaigh John St.Clair Boyd i Reilig Chathair Bhéal Feirste.

DÁTAÍ NA dTURAS- AM- 10am - 12pm £10

Ag bualadh ag Geataí na Reiligí- Meeting at Main Cemetery Gates

Reilig na Cathrach- City Cemetery, Br na bhFál- coffee in ANAM 

30/10/25 agus 31/10/25 10am- 12pm £10

Reilig Bhaile an Mhuilinn- Milltown Cemetery, Br na bhFál

1/11/25 agus 2/11/25 10 am - 12pm £10

Eolas - cultur@ionadue.orgsfennell419@gscoil.org

Ról na nGael i dTógáil Éire Nua ar siúl i An Stiúideo, Bunurlár, ICC ag a Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair 11rn