Tá cearta na nGael, ar ais arís i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh. Anois, níl mé ag trácht ar an Choimisinéir Teanga, nach bhfuil ceaptha go fóill,, ná Acht Gaeilge nach bhfuil in reachtaíocht fós, ná aon rud eile tromchúiseach, ach saoránaigh ag  labhairt i nGaeilge leis na péas! Cráiceáilte!

Mar a mhol Cathal Ó Searcaigh,

“Óir tá am an anáis romhainn amach/Caithfear pilleadh ar na foinsí.”

 Is minic go mbíonn na foinsí teanga sna hamhráin,  sean-amhráin atá tábhachtach go fóill sa lá atá inniu ann. An chéad cheann a rith liom ná “Ó Labhair an teanga Ghaeilge liom.”

“Ó labhair an teanga Ghaeilge liom, A chuid mo chroí a stór,/an teanga a labhair mo mháthair liom,/In Éirinn ghlas fadó/‘Sí teanga bhinn ár sinsear í, An chaint is milse glór”

Bhuel, bí cúramach má labhraíonn tú i nGaeilge leis an PSNI! Ar ndóighe bhí scéal mhaimeo radacach eile i mbéal an phobail ar na mallaibh. Na mamónna mire!

Beirt bhan mhisniúla, beirt laochra, beirt Ghaeilgeoirí, beirt ghníomhaithe agus beirt grannies! Sue agus Máire!

Tógadh Sue Pentel go conspóideach roinnt seachtainí ó shin, nuair a cuireadh ina leith go ndearna sí damáiste coiriúil d’inneall bainc taobh amuigh den Bhanc Barclays i lár chathair Bhéal Feirste, mar chuid de léirsiú ar son na Palaistíne.

Gabhadh Sue agus tugadh go Musgrave í, gan amhras, ligeadh amach í gan chúis bheith curtha ina leith. Amaidí agus cur amú ama. Ar an láimh éile, léirigh an eachtra seo, carachtar Sue. Soisiálach, Gaeilgeoir, gníomhaí, úrlabhraí agus ceannrodaí. Roghnaigh na péas troid leis an duine mícheart!

Tá an-chuid cosúlachtaí le cás Sue agus cás Mháire Mhic an Fháilí. Tógadh Máire ag agóid ar son na Palaistíne, ar an ábhar go raibh sé de chrógacht agus de mhisneach aici t-léine a chaitheamh a thug le fios gur thacaigh sí le Palestine Action. Tá an brúghrúpa Palestine Action faoi bhagairt agus faoi chois i Sasana. Nuair a labhair na póilíní le Máire agus d’iarr siad a hainm, d’fhreagair sí “Máire Mhic an Fháilí”. 

Bhuel, mar a tuairiscíodh go forleathan sna meáin, ní raibh na póilíní ábalta glacadh le leagan Gaelach d’ainm s’aici. Barraíocht a bheadh ann, b’fhéidir. Tógadh agus gabhadh í agus ligeadh amach í, macasamhail, Sue, ar an lá chéanna a gabhadh iad!

Chuir sé mé ag smaointiú agus ag machnamh ar chás na beirte seo, go háirithe, Máire. Is cinnte gur bhain an ghabháil seo le cúrsaí teanga agus frith-ghaelachas na bpéas. Nuair a tharla an tarlúint deiridh maidir le tógáil na máithreacha móra nó gabháil na grannies, bhí mé féin ar an choigríoch, sa Ghréig, Rhodes le bheith beacht.

Bhí Rhodes nó Rodos go hiontach, d’fhoghlaim mé cúpla nath cainte agus cúpla frasa. Nuair a d’úsáid tú teanga mhuintir na háite, An Ghréigis, bhí siad ar bís. Anois, níor dhúirt mise ach Go raibh maith agat- Efcharisto nó Fáilte romhat- Parakalo. 

Mar sin, nuair a bhí mé ag foghlaim fá scéal agus fá ghabháil Mháire, an maimeo is contúirtí i mBéal Feirste, mheabhraigh mé ar mó theaghlach féin. Agus muid ar laethe saoire, bhí ceathrar againn, de ghnáth, bíonn cúigear nó seisear!

Chuir sé mé ag meabhraíocht, ar an ábhar gur mise an t-aonú duine amach as cúigear sa teaghlach a bhfuil ainm s’acu i mBéarla go hoifigiúil ar an phas. Gach ball teaghlaigh eile, tá ainm s’acu i nGaeilge. Mo bhean chéile, mo leasmhac agus mo bheirt iníonacha. Is iad ainmneacha s’acu. Ní ghníomh pholaitiúil í. Ainm baiste atá ann. Níl leagan Béarla ann. Tá sé i nGaeilge. Sin é. 

Ritheann an dara hamhrán liom anois, An Trucailín Donn. Amhrán a dhéanann cur síos ar ghabháil fir as Gaeltacht Thír Chonaill, Niall Mac Giolla Bhríde, ó Chraoslach, ar an abhár, go raibh a ainm scríofa ar a thrucáil i nGaeilge agus chan i mBéarla. 

Tharla sé seo sa bhliain 1905 agus é ag pilleadh ó aonach Dhún Fionn Achadh. Chuaigh an cás ón Chúrt Dúiche go dtí Ardchúirt na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Bhí dlíodóir neamh-aitheanta gan mórán clú agus cáil air  d’arbh ainm Pádraig Mac Piarais, ag cosaint Mhic Giolla Bhríde. Chaill siad an cás. Ach, bhain siad an cath, macallaí Dream Dearg agus  Liam Óg, Mo Chara nó an laoch teanga Feirsteach eile Breandán Ó Fiaich?

Cibé ar bith, maidir le mo pháistí féin, tá  súil agam nach stopann na péas sa tuaisceart iad in am ar bith ar lorg a gcuid ainmneacha! Ní bheadh a fhios agat cad é a tharlódh?