Tá an aimsir ag athrú de réir a chéile, ach is cinnte go bhfuil fómhar beag na ngeanna ligthe i ndearmad againn agus deireadh an fhómhair ag druidim linn. An Geimhreadh le mothú, beagán ar bheagán.

 Bhí bailc mhór fearthainne ann an tseachtain seo, díreach in am don chéad imeacht i bhfeilire imeachtaí na ngaelscoileanna! Más maith agus is mithid!

Tharla sé go raibh Trastíre na nGaelscoileanna beartaithe ag Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna an tseachtain seo, ar bhealach, cuireann an doineann leis an imeacht. Bíonn sé doiligh samhlú trastíre gan clabar, gan slodáin, téann siad lámh ar láimh le chéile.

Páistí ag streachailt, ag brú agus ag treabhadh a n-iomaire féin ar pháirc, an cath pearsanta sin idir an pháiste agus an líne deiridh. Reathaíocht, spórt aonair dúshlánach, is grá liom fein é.

Mar sin de, bhailigh sé ghaelscoil le chéile ar pháirceanna Naomh Gall ar Bhóthar na bhFál do rasaí trastíre na ngaelscoileanna agus an talamh ar maos le huisce agus braon báistí i mbéal na gaoithe! Suíomh iontach atá i bpáirc Bhaile an Mhuilinn, Naomh Gall, tearmann, ar dhóigh, páirc imeartha atá timpeallaithe ag Reilig Bhaile an Mhuilinn, Cluain an Bhogaidh agus Scoil Naomh Labhaoise.

D’oibrigh Coiste Imeachtaí na nGaelscoileanna go dlúth le Fís an Phobail, Comhairle Chathair Bhéal Feirste agus dár ndoighe le Naomh Gall leis an imeacht iontach a shólathar do Ghaeil óga na cathrach. Bhí breis agus 100 páiste ag rith ar an lá agus ionadaíocht leathan ó ghaelscoileanna na cathrach, Gaelscoil na bhFál, Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Scoil na Fuiseoige, Gaelscoil an Lónainn agus Scoil an Droichid.

Gan amhras, bíonn na múinteoirí ag cur béime ar labhairt na Gaeilge ar scoil, sa rang, ach tá tábhacht faoi leith leis an Ghaeilge taobh amuigh den tseomra ranga. Teanga shóisialta. An Ghaeilge a chluinstin ag ócáidí sultmhara seach-churaclam taobh amuigh den scoil! Sealbhú teanga agus cur chun cinn na Gaeilge. Normalú na teanga.

Cruthaíonn na deiseanna seo pobal. Cruthaionn na deiseanna seo caidrimh agus cairdeas. Thiocfadh a rá go gcruthaíonn siad fostaíocht. I mo bharúil féin, tá post lán-aimseartha anseo do dhuine éigin bheith i mbun na ngniomhachtaí seo agus chan baicle beag de mhúinteoirí dícheallacha ag obair go deonach ina gcuid ama féin agus cúramaí eile á láimhseáil acu fosta!

Chuige sin, tá nasc deanta le Fís an Phobail, an meitheal pleanáil teanga in iarthar Bhéal Feirste agus Coiste na nImeachtaí Gaelscoileanna Aontroma. Tá níos mó i gceist ná reathaíocht!

Ina dhiaidh roinnt cruinnithe idir na heagraíochtaí Gaeilge a oibríonn le gaelscoileanna agus le scairshealbhóirí an ghaeloideachais, cuireadh forbhreathnú cuimsitheach na bliana le chéile. Tá neart ann agus neart buaicphointí!

Mar shampla, beidh Tráth na gCeist na Samhna ag teacht aníos ar ball agus tiocfaidh foirne na scoileanna le  cheile arís le dul in adharca lena chéile ar cheisteanna a bhaineann le hÉirinn, leis an stair agus leis an cheol, craic iontach! Beidh sé tirim ar a laghad ag an imeacht seo!

Liathróid Láimhe - Fiona Shannon ag obair le gaelscoileanna

Peil Ghaelach - cailini agus gasuraí, Corn Liam Ui Mhuirí agus Comórtas Cois Lao

Camógaíocht agus Iománaíocht - Corn na bhFál agus Corn Mhig Aoidh

Sacar - Corn Cheiltigh Bhéal Feirste agus  Craobh Charlie Tully

Trastíre - Naomh Gall - Rith muid cheana féin!

Tá tuirse orm ag smaointiú faoi na rudai seo ar fad! Ar an bharr sin, beidh Féile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste i mi an Mhárta atá mar chuid de Chumann Scoildrámaíocht na hÉireann, leis na scoileanna a n-éiríonn leo ag dul ar aghaidh go Féile Uladh agus fiú, Féile Náisiúnta na hÉireann! Iomaíocht ghéar!


Beidh neart imeachtaí do pháistí na ngaelscoileanna taobh amuigh den tseomra ranga. Is cinnte go saibhríonn na heispéiris seo saol an duine óig.

Is aoibhinn beatha an scolaire!