TÁ neart nósanna Nollag a ghlacann muid leo gan smaointiú orthu, a chreideann muid go dtarlaíonn bliain i ndiaidh bliana. Ach, am inteacht, sna cianta cairbreacha, caithfidh gur thit na gnásanna Nollag amach don chéad uair riamh.
Mar sin, chum duine éigin an chéad chárta nó an chéad phléascóg nó cé a chruthaigh an chéad fhleasc nó mainseár. Tá sé ina díol suime gan amhras. Is féile domhanda í an Nollaig, mar sin de, bíonn gnéithe beaga difriúla speisiúla, in amanntaí den rud chéanna, nó an cur chuige céanna ag brath ar chultúr na tíre.
Leis na milte bliain, rinne muintir an domhain ceiliúradh ar fhéilte lár-gheimhridh. Bíonn an geimhreadh fuar fada agus dorcha, samhlaigh sin fadó!
Sna tíortha Ceilteacha, bhí tábhacht le lár an gheimhridh, d’éirigh an lá beagnach ní b’fhaide aris diaidh ar ndiaidh agus an tEarrach ag teacht ar ais go mall. Chreid na Ceiltigh go mór mór sna déithe págánacha, chuir siad luach ar an talmhaíocht, réalt-eolaíocht, an ghrian agus an ghealach.
Bhí siad chomh fadradharcach gur thóg siad Brú na Bóinne, i gContae na Mí agus brúnna eile cosúil leo fud fad na hÉireann go háirid i nGleann na Bóinne i gCnóbha (Knowth) agus i nDubhadh (Dowth).
Nuair a shoilsigh an ghrian ar an lá speisialta i lár an gheimhridh (mar rinne sé Dé Sathairn), líon na pasáistí draíochta seo le solas an lae. Tógadh iad roimh na Pirimidí san Éigipt agus tá clú agus cáil orthu. Nach iontach iad ár sinsear, na Ceiltigh. Grianstad an Gheimhridh, ceartlár an gheimhridh, titeann sé amach de ghnáth ar an 21ú Nollaig.
Dála an scéil, chuir an Eaglais Chaitliceach ceiliúradh na Nollag agus breith Íosa ar an 25ú Nollaig, iontach congárach do Ghrianstad an Gheimhridh. Comhtharlúint? Smaoinigh ar seanfhéile eile na gCeilteach, Oíche Shamhna agus Lá Fhéile na Naomh Uile curtha in aice leis ag an Eaglais Chaitliceach. Bhí na Ceiltigh ann roimh Naomh Pádraig!
Áfach, níor imir tréimhse ar bith tionchar chomh mór ar nósanna agus gnásanna na Nollag ná Ré na Victeoiriach. Is é sin, ar ndóigh an tréimhse ina raibh Banríon Victoria na Sasana i mbarr a réime ó 1837 go 1901.
Scríobh Clement Clarke Moore an dán clúiteach Béarla “T’was the Night Before Christmas” sa bhliain 1823. Chruthaigh sé cuid mhór de na nósanna traidisiúnta agus íomhánna stairiúla Nollag sa dán. D’ainmnigh sé den chéad uair riamh ainmneacha fhianna Dhaidí na Nollag. Scríobh sé an dán dá pháistí féin i dtosach báire.
Ag an am seo ag tús Ré na Victeoiriach, ní raibh trácht ar chártaí Nollag ná saoire Nollag ach oiread. Tháinig borradh agus rachmas leis an Reabhlóid Thionsclaíoch do dhaoine saibhre, áfach do na daoine daibhre, bhí cruatán ann. Bochtanas go forleathan. Smaoinigh ar na scéalta Charles Dickens faoi Oliver Twist agus Hard Times, mar shampla.
Ar an láimh eile, bhí croí mór maith ag Dickens agus d’athraigh sé stair na Nollag leis an úrscéal cáiliúil A Christmas Carol, a d’éisigh sé sa bhliain 1843 ar Oíche Nollag. Spreag an t-úrscéal agus an carachtar Ebenezer Scrooge ach go háirithe na Victeoiriaigh shaibhre a gcuid maoine agus a gcuid airgid a roinnt go flaithiúil le daoine nach raibh an oiread céanna acu. Spreag sé daoine le turcaí a ithe fosta!
Thosaigh a lán nósanna agus gnásanna na Nollag thart faoin am seo.
Na Laethe Saoire - Baineann muid uilig sult as na laethe saoire gan a bheith ag obair, ach ní raibh sé i gcónaí mar seo.
D’fhás lucht an mheán aicme go háirithe, mar sin bhí siad ábalta dhá lá a ghlacadh saor óna gcuid oibre, Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin. Boxing Day a bhí ann sa Bhreatain ar an 26 Nollaig, chan in Éirinn. Sa Bhreatain, d’fhorbair an téarma Boxing Day ón chleachtas a bhí ann boscaí airgid, boscaí carthanais a oscailt le roinnt le daoine bochta nó oibrithe a rinne seachadadh ar rudaí cosúil le fir an phoist nó páisti a dhíol páipéir nuachtáin.
Na Bronntanais - Taitníonn na bronntanais linn uilig agus tugadh bronntanais d’Íosa go stairiúil ag an Nollaig.
Is fiú a rá ag tús Ré na Victeoiriach, ní bhfuair ach páisti saibhre uasal aicmeacha bréagáin. Bhí siad lámhdhéanta don mhórchuid agus mar sin costasach. Áfach leis an Reabhlóid Thionsclaíoch agus monarchanna a bhí ábalta breagáin a olltáirgeadh, thit na praghasanna agus bhí i bhfad ní ba mhó daoine meán aicmeacha ábalta bréagáin a cheannach cosúil le cluichí, babóga, leabhair nó breagáin bheaga déanta as adhmad.
Daidí na Nollag - An fear mór é féin!
Tá roinnt scéalta bainte le Daidí na Nollag, Santa Claus nó Father Christmas. Is meascán mearaí é anois Daidí na Nollag atá againn den seanchas agus den stair. Bhí baint stairiúil ag Father Christmas le sean-fhéile lár-gheimridh na bPágánach. Chaith sé cóta mór glas mar gheall ar an nasc leis an earrach.
Na scéalta a bhaineann le San Nioclás, Sinter Klass san Ísiltír, tháinig na scéalta seo go Meiriceá le himircigh ón Ísiltír a d’imigh chuig na Stáit Aontaithe le saol nua a thoiseacht sa 17ú hAois. Ina theannta sin sna 1870aidí sa Bhreatain, d’úsáid daoine an téarma Sinter Klass, ach d’eascair an téarma Santa Claus as i mBéarla. Tamall gairid ina dhiaidh seo, tháinig Daidí na Nollag agus a bhua speisialta le bronntanais a sheachadadh ar fud an domhain le carr sleamhnáin agus fianna!
Cártaí Nollag - Maireann an nósmhaireacht seo go fóill, fiú le teacht chun cinn an ríomhphoist!
Sa bhliain 1843, Henry Cole, a bhí ina chlódóir agus ina ealaíontóir, smaoinigh sé go dtiocfadh leis cártaí a chur chuig a chairde agus a ghaolta in ionad cártaí lámhdhéanta a dhéanamh. Dhíol sé iad ina shiopa i Londain agus d’éirigh go breá leis. Tháinig borradh faoin smaoineamh agus faoin nósmhaireacht seo sa bhliain 1870. Thug An Post isteach postas leath-phingne, thiocfadh litir nó cárta a chuir áit ar bith sa Bhreatain do leathphingin! Chuidigh na traenacha na litreacha agus na cártaí a sheachadadh ní ba ghaiste. De réir a chéile, spréigh na nósanna go hÉirinn.
Crann Nollag - Cuirimid uilig crann Nollag in airde, ach de réir na staraithe, ba é fear céile Banríon Victoria na Sasana, Albert, a bhí ina Ghearmánach agus ina chol ceathrar aici, an duine a thug traidisiún an chrainn don Bhreatain agus de réir a chéile don domhan.
Chuir na Gearmánaigh crainn in airde i dtithe s’acu sa Ghearmáin ag an Nollaig agus lean Albert leis an nósmhaireacht seo agus é mar fhear chéile Victoria. Chuir sé crann síorghlas in airde i gCaisleán Windsor sna 1840aidí. Is cinnte go mbaineann sé leis an earrach a mhealladh ar ais i ndulaíocht an gheimhridh.
Pléascóga na Nollag - Bíonn na pléascóga ar gach tábla Nollag ag am dinnéir.
Ach, fear darbh ainm Tom Smith de bhunadh, Londain, Sasana a chum iad. Milsíneoir a bhí ann, duine a rinne milseáin agus i ndiaidh dó milseáin a fheiceáil i mbeart páipéir agus é ar cuairt i bPáras na Fraince, smaoinigh sé go dtiocfadh leis milseáin a chur i bpáipéar deas ildaite le teachtaireachtaí beaga nó bréagáin bheaga leo, ach bhí seift ghlic nó gimic de dhíth air, gimic díolacháin.
Shocraigh sé go gcuirfeadh sé roinnt milseán i gclúdach ollmhór milseán. Fuair sé an smaoineamh don phléascóg óna thine ag pléascadh agus é ag coigilt na tine. D’athraigh na pléascóga thar na blianta ó na milseáin a bhíodh iontu ag an tús, go seodra agus hataí. Cuireann na hataí na trí Rí a tháinig ar cuairt go hÍosa i gcuimhne duinn.
Bainigi sult agus Nollaig Shona!