“One thing you can be sure about in life: just when you think that things are never ever going to get better, they suddenly get worse.”
Chuardaigh mé cúpla sliocht cáiliúil de chuid an charachtair Victor Meldrew agus tháinig an ceann sin thuas aníos. Anois, níl mórán suime ná measa agam ar an fhear ná cion ar an chlár ná dath ar bith mar sin.
Ach, is scigphictiúr, caracatúr é den ghnáthfhear, bíodh sin sean nó meán-aosta a bhíonn de shíor ag tabhairt amach, ag clamhsán agus ag casaoid faoin tsaol mhór! Duine cantalach, feargach, mífhoighdeach, borb atá ann.
In amanntaí agus beidh mé ionraic libh, a chairde, bímse féin mar sin i dtaca leis an aos óg. Is cuimhin liom ag argóint le m’athair féin agus mé ag teacht i méadaíocht.
Éirím féin beagán cantalach agus mífhoighdeach go speisialta i mí Iúil anseo sna Sé Chontae i dtuaisceart na hÉireann. Seanfhadhb agus meirg air, bíonn dath oráiste ar mheirg! Tráthúil.
Bhí mé go díreach i ndiaidh bheith ag éisteacht leis na scéalta nuachta arís agus arís faoin cheiliúradh agus comóradh bliantiúil thart ar Lá Mór na bhFear Buí, Iúil 12ú. An Dódhéagú. An Twalf!
Belfast bonfire site with asbestos on demolished industrial estate land across the Westlink from the Royal Victoria Hospital pic.twitter.com/ykvabrgMfs
— Irish Agreement (@irishagreement) July 7, 2025
Anois, tá mise ar son an chultúir, ar son an cheoil agus ar son an traidisiúin. Beidh Oireachtas na Samhna anseo ar ball! Ach, maidir leis An Dódhéagú dó, bíonn gnéithe seanchaite, seanfhaiseanta, fiú amaideacha ann. Os a choinne sin, tuigim go mbíonn seo tábhachtach don phobal aontachtach dílseach fosta.
Mar sin, má smaointíonn muid ar na fadhbanna leanúnacha bliantiúla a bhaineann leis na tinte cnámha amháin, is cinnte go dtiocfadh linn na fadhbanna seo a sheachaint nó a réiteach.
Cuimhnigh, ní sin ach gné bheag amháin. Mionfhadhb.
Is fiú cur san áireamh anseo go mbíonn ról lárnach ag na tinte cnámha go stairiúil in Éirinn agus i stair na gCeilteach. Tá neart samplaí ann a mhaireann go fóill. Tá a n-iarsmaí freamhaithe in aimsir na bPagánach.
Mar shampla, Lá Bealtaine, a thugann an náth cainte iontach dúinn mar Ghaeilgeoirí, idir dhá thine Bhealtaine, má tá tú idir dhá chomhairle. Las na Ceiltigh tinte ar an lá seo. Chomh maith le sin, bíonn Lá Fhéile Eoin ann nó Lá Fhéile San Seáin atá bainteach agus freamhaithe go stairiúil le Grianstad an tSamhraidh.
Bíonn Grianstad an Gheimhridh a gceiliúradh go fóill in Éirinn, faoin tuath go háirithe i gceantracha Gaeltachta agus lastar tinte. Bhí, bíonn agus beidh i gcónaí rud éigin mothúchánach draíochtach, cumhachtach faoi thinte agus lasrachra agus bladhairí. Baineann an Eaglais Chaitliceach an-úsáid as tine mar chomhartha agus mar shiombail. Las glúin mo thuismitheoirí tine chnámh ar Fhéile Muire san fhómhar gach mí Lúnasa agus lastar go fóill in áiteacha faoi leith. Lastar tinte cnámha i gceantracha poblachtanacha le cuimhneamh a dhéanamh ar Imtheorannú ar an 9ú Lúnasa, ach ní dhéantar go forleathan é níos mó, a bhuí le Féile an Phobail agus fís dhearfach na n-oibrithe pobail a thaispeáin rogha níos sultmhara do dhaoine óga.
Dia ár sábhail, is ar éigean go ndearna mé beagnach dearmad ar Oíche Shamhna, Bliain Úr na gCeilteach agus tine chnámh i lár an aonaigh. Thiocfadh neart samplaí eile a fháil ó chultúir difriúla na cruinne agus tábhacht na tine mar shiombail, Diwali, go deimhin
Ansin, bíonn tinte cnámha na bhFear Buí, na bProtastúnach, na nOráisteach. Scéal eile ar fad.
Ach, caithfear ionadaithe na nAontachtach, na bhFear Buí, na bProtastúnach an cinneadh ceart a dhéanamh nó ceannasaíocht a thaispeáint. Beidh le feiceáil. Ní bhaineann seo le cultúr a cheiliúradh.
Bhí go leor tráchta, rí-rá agus ruaille buaille faoin tine chnámh in aice The Village, Bóthar Dhún na nGall, deisceart Bhéal Feirste, in aice leis The Balls on the Falls, sainchomhartha agus díol spéise do thurasóirí, an motarbhealach, croíbhóthar na cathrach, an dá otharlann mhóra (ní gá domh tábhacht na n-otharlann a mhíniú, ach, sin an fhadhb, is féidir go gcaithfidh mé), sólathar aibhleis na n-otharlann, stáisiúin giniúna in aice leis an tine agus ceantar ina raibh círéibeacha ar na mallaibh.
Cuireadh an tine chnámh ag an láthair seo d’aonghnó, d’aonturas. Is é sin le cur isteach ar dhaoine. Chífidh muintir óga na bhFál seo, beidh bratacha agus postaeir in airde, meallfaidh sé trioblóid.
Beidh achrann agus foréigean ann. Cuirfidh sé isteach ar an phobal Imirceach atá ag cur futhu in aice leis an tíne chnámh fosta.
Is leor na fadhbanna seo chun deireadh a chur leis an tíne chnámh áirithe seo. Fadhb don PSNI, Comhairle na Cathrach, fadhb don duine ar leis an talamh, fadhb sláinte, fadhb do na hotharlanna, fadhb do mhuintir na háite, fadhb do dhaoine ag tiomáint ar an M1!
Leoga, rinne mé dearmad go raibh aispeist (asbestos) in aice láimhe fosta! Fadhb eile!
Anois, caithfear cuimhneamh go bhfuil neart tinte cnámha eile i gceantar an Village, tá roghanna anseo. Ach, caithfear ionadaithe na nAontachtach, na bhFear Buí, na bProtastúnach an cinneadh ceart a dhéanamh nó ceannasaíocht a thaispeáint. Beidh le feiceáil. Ní bhaineann seo le cultúr a cheiliúradh.
Críochnóidh mé le sliocht eile de chuid Victor Meldrew…
I don't believe it!
Ach, ar bhealach, creidim é. Ar a laghad, níl tithe i gcontúirt, nó áiseanna pobail, macasamhail sólanna, nó scrios ar thalamh na Comhairle, nó an bille don ghlantachán i gceist.
Fanaigí, pléifear sin an chéad iarraidh eile.
Fáilte go Béal Feirste 2025.