MANCHESTER VIBES IN THE AREA! Má tá a fhios agat, tá a fhios agat!
Seo na foclaí a d’fhógair Liam Gallagher in ard a ghutha agus Oasis ag pilleadh ar an ardán le chéile den chéad uair le sé bliana déag i gCaerdydd na Breataine Bige agus níos tábhachtaí don bhanna ceoil, i Heaton Park, Manchain le déanaí.
Ar ndóighe, tá baill eile sa racghrúpa Oasis, ach tá a fhios ag Tadhg an mhargaidh gurb ionann Oasis agus na deartháireacha clúiteacha Gallagher, Noel agus Liam. Sin é.
Bhí dhá nuacht scéal ollmhór ag dó na geirbe ag an tsaol mhór anseo in Éirinn agus thall sa Bhreatain. An Dódhéagú anseo agus pilleadh Oasis agus déarfainn an aimsir the chomh maith. Tá mo sháith agam den Dódhéagú, tinte cnámha trí thine le postaeir toghchánaíochta poblachtánacha/náisiúnacha agus bratacha na hÉireann breactha leis an acrainm, KAT agus aispeist le mothú san aer. Cultúr? Nó na mórshiúlta ar maos le biogóideachas agus seicteachas. Ceiliúradh?
Níor thuig foireann nuachta GB News, ach oiread an taobh dorcha diúltach a bhaineann leis an Dara Lá Déag mí Iúil. Breathnaíonn lucht na Breataine orainne uilig mar Paddies, cibé ar bith! Os a choinne sin, breathnaíonn ár gcairde Noel agus Liam orthu féin mar Paddies fosta!
Tá an t-ádh liom go bhfaca mé Oasis thart fá ceithre huaire agus mé níos óige agus mé tugtha don cheol agus do na féilte. Ach le bheith ionraic, bhí mé níos tógtha fá athaontú bhanna ceoil eile a phléasc amach as Manchain ag deireadh na n-ochtóidí, tús na nóchaidí agus b’shin The Stone Roses. Bhí mé ró-óg iad a fheiceáil sular thit siad as a chéile go tubaisteach sna nóchaidí. Is léir gur imir siad an-tionchar ar Oasis. Is cinnte gur fhoghlaim Liam Gallagher cúpla cleas ó phríomcheoltóir na Roses, Ian Brown.
I mo bharúil féin, bhí The Stone Roses níos fearr ná Oasis, amhráin bhríomhara a chuirfeadh fonn damhsa ort, difriúil le Oasis. Cuma iontach orthu, ceathrar acu sa ghrúpa. Nuair a d’fhill na Roses ar an ardán i ndiaidh tamaill fhada ar saoire sa bhliain 2012, bhí mé ar bís sceitimíní orm, chomh sásta le píobaire agus gach rud eile a chuireann síos ar bheith sona sásta agus tógtha i bhfoclóir Uí Dhónaill agus De Bhaldraithe curtha le chéile.
Shíl mé go raibh mo sheans caillte, an rás rite agam agus nach bhfeiceann, Ian, John, Reni agus Mani go deo, ach sa dara ré órga caithréimeacha na Roses, chonaic mé iad faoi thrí! Tréchleas! Agus uair amháin i Manchain. Dochreidte!
Tuigim mar sin an mothú atá ag lucht leanúna Oasis, go háirithe an dream nach bhfaca iad beo riamh. Is miorúilt é, aiséirí ar bhealach, mar a déarfadh Ian Brown, Is mise an t-aiséirí nó le ainm an dara albam na Roses a úsáid, The Second Coming. Seo é an lá.
De thairbhe na suime a bhí agam sna Roses, lean mé Oasis, Charlatans, Primal Scream, Happy Mondays, Black Grape, Doves, New Order, Smiths, Joy Division, Peter Hook agus Verve, Richard Ashcroft agus neart eile. Ceol, éadaí agus sacar.
Mar sin féin, tuigim agus bainim sult as an trup ar fad, an rí-rá agus ruaille buaille agus an hurlamaboc a chruthaigh teacht le chéile Oasis. Tá sé ar mire, cráiceáilte, sultmhar, cumhach. Mar a deir an seanfhocal Conallach, cuairt an lao ar an athbhuaile! Chífidh muid cúpla aiséirí eile agus borradh faoi bhróga reatha Adidas!
Chomh maith le sin, beidh Oasis ag teacht go Páirc an Chrócaigh i mí Lúnasa. Bhí ráchairt mhór ar na ticéid, díolta amach go gasta, dhá oíche sa phríomhchathair. Beidh na bucket hats, sambas agus na parkas a chaitheann Liam le feiceáil ar na sráideanna arís! Níor éirigh liom ticéid a fháil agus beidh mé ar laethe saoire cibé.
Oasis flying United Irishmen flag on first night of reunion tour 🙌
— Irish Unity 🇮🇪🇵🇸 (@IrishUnity) July 9, 2025
"The first music I was ever exposed to was rebel songs in the Irish club in Manchester. That’s where Oasis get their punch-the-air quality - from me being exposed to those rousing rebel songs."
- Noel Gallagher pic.twitter.com/4ImBDIF6wG
Tá cúpla cara liom ag dul agus mo leasmhac, fear óg nach bhfaca iad ina sholas féin. Tá tionchar Oasis le mothú ó ghlúin go glúin. Mhair agus maireann na hamhráin, macasamhail The Beatles.
Go bhfios domhsa, níor úsáid Oasis ardán mór idirnáisiúnta a thug an ceol dóibh le bheith ag tabhairt amach fá chúrsaí polaitíochta nó ag cur teachtaireachtaí móralta chun cinn. Bhain sé níos mó le ragaireacht agus drabhlas. Toitíní agus Alcól!
Ceart go leor, bhí Britpop ann, an giotár cáiliúil le bratach na Breataine (níor úsáid Noel é ach uair nó dhó), cúpla grianghraf le Tony Blair agus Cool Britannia i mbarr a réime.
Ní bheinn ag dúil le Liam Gallagher bheith ag léachtóireacht ar an ardán faoi chúrsaí reatha an domhain macasamhail Ian Brown, a labhair amach in éadan cinedheighilte san Afraic Theas nó Bobby Gillespie a labhair amach in éadan cinedhíothaithe sa Phalaistín. Ní dhéanann Oasis sin, ní dhearna na deartháireacha sin go dtí seo in am ar bith. Ach, bhí leid le tabhairt maidir lena dtógáil agus lena gcúlra ar an ardán mhór agus b’fhéidir léiriú nach ndéanfadh siad i Manchain agus Sasana sna 1990aidí.
Léirigh gach suim mhór sna bratacha atá á dtaispeáint acu ag na ceolchoirmeacha ollmhóra seo, greamaithe go lárnach feiceálach ar na callairí ar an ardán. Ní díol suime é go bhfuil bratach spéirghorm Manchester City le feiceáil. Á gcumann. Thaispeáin siad seo i dtolamh, an bheirt acu, Noel agus Liam, nuair a bhí slí bheatha aonair acu sa cheol sular tháinig Oasis ar ais le chéile.
Áfach, is é an bratach eile atá ag cothú suime agus ag treochtú ar na meáin chumarsáide. Bratach glas le cláirseach bhuí/ór agus an scríbhneoireacht Erin Go Bragh. Bratach na nÉireannach Aontaithe atá ann, gluaiseacht a fuair spreagadh ó Reabhlóid na Fraince agus a chreid i gcothrom na féinne agus Éire aontaithe.
Is leor nod don eolach anseo. Tá a fhios ag gach duine go bhfuil fréamhacha láidre Éireannacha Gaelacha ag Noel agus Liam. Is as Éirinn do bheirt thuismitheoirí s’acu. An mháthair, is as Contae Mhaigh Eo di ó dhúchas, Peggy, máthair Éireannach go smior a shábháil a cuid mac ó athair foiréigneach, as Contae na Mí.
D’fhás na buachaillí aníos i gcathair a bhí cheana féin ceangailte go daingean le hÉirinn le stair na Navvies ag dul siar sna cianta cairbreacha. Go stairiúil, fiú, chaith Manchester United, céile comhraic Man City, na dathanna, glas agus buí, nuair a d’imir siad faoin ainm Newton Heath.
Bhí tionchar mór ag an phobal Éireannach ar an chathair in iarthuaisceart na Sasana. Chuir tuismitheoirí na ndeartháireacha fúthu i gceantar a raibh neart Éireannach ann, Burnage, Manchain. Ba mhinic gur thug Noel agus Liam cuairt ar Éirinn ar laethe saoire agus iad óg, ag iascaireacht, ag obair sna portaigh agus ag fanacht le col ceathracha i Charlestown, Maigh Eo.
Every year in Northern Ireland the British government allows the tricolour to be burned freely. In this particular bonfire there's an effigy of Kneecap thrown into the bargain. Imagine - for a second - this was an Israeli flag. pic.twitter.com/xiqc45kUN9
— Barry Malone (@malonebarry) July 12, 2025
Tá mé cinnte de gur chuala siad scéal na Manchester Martyrs nó na hamhráin a bhain leo sna hIonaid Éireannacha. Dlúthphobal a bhí ann. Ach, mar is eol dúinn, bhí sé deacair bheith i d’Éireannach ardghlórach mórtasach i Sasana sna 1970aidí, 1980aidí agus fiú sna 1990aidí agus feachtas buamála faoi lán seoil ag an IRA. Bhuamáil an IRA Manchain sa bhliain 1996 roimh dhara sos cogaidh na nÓglach.
Ámh, is fíor go ndeachaigh seo uilig i bhfeidhm orthu ag fás aníos mar Shasanaigh le tuismitheoirí Éireannacha, nó mar a cheol Morrisey ó The Smiths “ English blood, Irish heart is what I’m made of”, nó mar a mhínigh Noel, bhí tógáil Éireannach aige i Manchain ar bhealach.
“The first music I was ever exposed to was rebel songs in the Irish club in Manchester. That’s where Oasis get their punch-the-air quality - from me being exposed to those rousing rebel songs.”
Anois, tuigeann Feirstigh agus Éireannaigh an tábhacht atá le bratacha, le haitheantas agus le náisiúntacht, le féiniúlachas.
Ach, má amharcann muid ar an ráiteas a dúirt Noel agus an cinneadh a ghlac siad d’aonghnó bratach a bhain le stair na hÉireann a thaispeáint go sóiléir agus go sonrach ar an ardán, bhuel is cinnte go bhfuil siad bródúil agus mórtasach as an oileán seo, go mothaíonn siad Éireannach. Thug Noel ardmholadh do Kneecap nuair a chonaic sé iad ag Glastonbury anuraidh. Mhothaigh sé dáimh leo.
Anois, féach cad é a bhí scríofa faoi Kneecap ar thine chnámh nó dhó i mBéal Feirste. Beidh ar Oasis bheith cúramach nach gcríochnaíonn postaer, bratach nó mionsamhail de na deartháireacha ar thíne chnámh in Éirinn…..cosúil le Kneecap.
Ní dóigh liom é, ach ní bheadh a fhios agat.
Tógáil croí agus ardú meanman atá ann, bratach na nÉireannach Aontaithe a fheiceáil ar an ardán ag Oasis. Maith iad. Ná déanaigí dearmad ar theachtaireacht na nÉireannach Aontaithe. Bhí sprioc agus fís acu nár comhlíonadh go fóill ag comharbaí an chumainn rúnda a bunaíodh i mBéal Feirste faoi scáth Bheann Mhadagáin.
“To unite Protestant, Catholic and Dissenter under the common name of Irishmen in order to break the connection with England, the never failing source of all our political evils, that was my aim.”
Manchester Vibes in the Area! Oasis Abú!