Tá aimsir Fhéile an Phobail beagnach buailte linn, bíonn i gcónaí ráchairt mhór ar na himeachtaí éagsúla a chuireann siad ar fáil gach bliain. Maith iad, tréaslaím leo ar fad.

Thar aon ní eile,  shonraigh mé  i measc na n-imeachtaí, go mbeidh dráma nua-scríofa fá shaol Julie Livingstone. Girseach óg de bhunadh Léana an Dúin a mharaigh Arm na Breataine le linn tréimhse an Stailc Ocrais 1981. Bliain throm, dhúr dhorcha, bliain thar a bheith duairc do mhuintir na hÉireann, ach go háirithe don teaghlach Livingstone. Bliain an bhróin.

Gnáth-theaghlach a bhí iontu a bhí beo ag am corraitheach in Éirinn. Gnáthdhaoine in am neamhghnách. Ach, ar bhealach, léiríonn teaghlach Livingstone, saol an Tuaiscirt agus saol Bhéal Feirste mar a bhí ag an am sin. 

Chuige sin, seasann na blianta 1980 agus 1981 amach i gcónaí inár gcuid staire. Na Stailceanna Ocrais, greannta i gcloch. Cor inár gciniúint mar phobal agus déarfainn mar thír. Ach, bás Julie, is cinnte de, gur cor i gciniúint teaghlach Livingstone a bhí ann. Clochmhíle.

Scaoileadh marbh cailín óg ar imeall Léana an Dúin, gar leis na siopaí, Greenways. Scaoil Arm na Breataine déagóir ag dul go dtí an siopa lena cara. Scaoil siad girseach scoile, iníon,  deirfiúr agus cara. Tá beagnach daichead a cúig bliain slánaithe ó tharla an tragóid seo. Ámh, níl an stair chomh fada ar shiúl uainn in am ar bith agus ar an drochuair, scaoileadh níos mó páistí marbh ná Julie freisin.

Scríobh neacht Julie an dráma, Charlotte Mc Curry (thíos). Déanfaidh an dráma cur síos ar scéal Julie agus a neacht a bhí i mbun pinn. Tá cumhacht faoi leith ansin. Tá mé den bharúil go raibh sin tromchúiseach, mothúchánach mar ghníomh, ach b’fhéidir go dtabharfadh sé sólás eigín ón dólás. Áfach, mar is eol dúinn ar fad, níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, go háirithe bás dhuine óig.

2Gallery

Chuir mé féin sliocht le chéile fá shaol Julie i leabhar a scríobh mé fá Reilig Chathair Bhéal Feirste roinnt blianta ó shin. Bhí mé ag iarraidh roghnú thart ar scór duine ó na reiligí cáiliúla i mBéal Feirste. Roghnaigh mé scéal Julie ar chúpla cúis. An chúis ba mhó ná gur scéal daonna tragóideach a bhí ann agus tharla sé in aice le m’fhód dúchais féin.

Ar bhonn pearsanta, ghoill sé orm. Tá beirt iníonacha agam féin. Léigh m’iníon is sine amach an cur síos beathaisnéiseach ar shaol Julie ag an lainseáil leabhair, i nGlór na Móna.

Tá m’iníon féin anois ceithre bliana déag d’aois, an aois chéanna a bhí ar Julie nuair a dúnmharaíodh í. Girseach scoile. Déagóir.

Chuir mise Gaeilge ar shliocht Bhéarla a fuair mé ó chlann Livingstone, cuntas pearsanta speisiúil a scríobh  deirfiúr Julie, Bernadette, faoina saol. Thug mé féin an cúlra stairiúil polaitiúil a bhí ann ag an am ag tús na 1980aidí.

Rinne  mé teagmháil le teaghlach Livingstone agus bhí siad fial flaithiúil liom. Sean-aithne ag mo mhuintir féin orthu agus maidir liom féin, is é Billy Livingstone m’athair baistí! Deartháir le Julie. Go ndéana Dia trocáire air.

Agus mé ag machnamh ar an phíosa a d’aistrigh mé don fhoilseachán, an rud a bhí mé ag iarraidh a chur chun cinn ná go raibh duine i gceist anseo a raibh saol agus pearsantacht aici, girseach i gceist, chan uimhir nó staitistic. 

Os a choinne sin, tá na staitisticí suntasach scanrúil scafar. Mharaigh Arm na Breataine agus an RUC seacht duine déag leis na piléir mharfacha seo, gach duine acu ón phobal náisiúnach, ach ab ea duine amháin agus ochtar acu, macasamhail Julie, ba pháistí iad.

D’fhreastail Julie ar bhunscoil St. Oliver Plunkett i Léana an Dúin. Thaitin scoil go mór léi agus chothaigh sí cairdeas le cuid mhór páistí. Bhí samhlaíocht iontach aici agus acmhainn grinn den chéad scoth. Bhí na múinteoirí iontach ceanúil uirthi.

Agus mé i mo thuismitheoir agus girseach agam anois ar comhaois le Julie nuair a maraíodh í, ní thiocfadh liom meabhrú ná samhlú an phian agus an fhulaingt a bhí ag a teaghlach. 

Maireann cúpla cuimhne cinn ó scríbhínní Bernadette  i gcónaí  agus mé ag dul do scéal Julie ag leacht chuimhneacháin s’aici ag barr Reilig Chathair Bhéal Feirste. Bíonn siad ar bharr mo theanga.

Bhí dúil aici ina hainm, Julie, mhothaigh sí go raibh sé neamhchoitianta, sainiúil.

Bhí dúil aici a hainm a scríobh ar bhealaí agus ar stíleanna difriúla.

Bhí dúil mhór aici i bpáistí óga agus go raibh sí ag iarraidh bheith ag obair le daoine óga.

Seo scéal Julie, scéal chailín óig.

Rugadh Julie Livingstone ar an 18ú Samhain 1966 i mBéal Feirste. Bhí sí ar an triú pháiste déag sa teaghlach Livingstone! Teaghlach mór a bhí ann agus bhí cuid mhór deartháireacha agus deirfiúracha aici a thug grá agus cúram do Julie. Iontas ar bhealach a bhí inti do na tuismitheoirí Archie agus Barney, ar an ábhar go raibh an mháthair 44 bliain d’aois.

Rugadh Julie ag am corraitheach i stair Bhéal Feirste agus i stair na hÉireann. Nuair a bhí Julie trí bliana d’aois, rinne dílseoirí ionsaithe ar thithe Chaitliceacha ag bun Bóthar na bhFál cóngarach do Bhóthar na Seanchille. Cuireadh teaghlach Julie as teach s’acu. Ba é seo tús na Trioblóidí sa bhliain 1969. D’imigh a lán teaghlach agus chaill daoine tithe agus maoin phearsanta s’acu.

D’aistrigh teaghlach Julie go dtí an eastát nua tithíochta Léana an Dúin i mBaile Andarsáin, in aice leis na sléibhte in iarthar Bhéal Feirste. Bhí tógáil iontach aice le teaghlach grámhar thart uirthi agus cairde cineálta aici. Bhí laethe a hóige sultmhar agus sona.

D’fhreastail Julie ar bhunscoil St. Oliver Plunkett i Léana an Dúin. Thaitin scoil go mór léi agus chothaigh sí cairdeas le cuid mhór páistí. Bhí samhlaíocht iontach aici agus acmhainn grinn den chéad scoth. Bhí na múinteoirí iontach ceanúil uirthi.

Nuair a bhí Julie in aois meánscoile, d’aistrigh sí go dtí an mheánscoil áitiúil Cross and Passion ar Bhóthar an Ghleanna. Girseach chliste chumasach a bhí inti. Léirigh sí suim in obair scoile, ach thaitin sé léi bheith ag obair le páistí beaga. Fiú agus í ar an mheánscoil, bhí sí ag smaointiú ar phost mar mhúinteoir, mar chúramaí leanaí nó ag obair le páistí óga.

Sa bhliain 1981 agus an Stailc Ocrais faoi lán seoil, bhí teannas millteanach in Éirinn agus i mBéal Feirste. Bhí géarchéim mhór sna príosúin agus príosúnaithe poblachtánacha ag iarraidh stádas cimí polaitiúla a bhaint amach, Prisoner Of War Status, a bhain Rialtas na Breataine ar shiúl sa bhliain 1976.           

Chuaigh na fadhbanna seo níos faide ná na príosúin. Bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh ghluaiseacht na poblachta a bhriseadh. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil ó 1969 cibé ar bith, ach d’éirigh rudaí níos measa leis na fadhbanna sa Cheis Fhada agus sna Bloic H. Bhí trioblóid ar na sráideanna idir an pobal náisiúnach agus Arm na Breataine agus an RUC.

Ní raibh trioblóid ná círéibeacha ag tarlú ag an am a scaoileadh Julie. Bhí Julie amuigh lena cairde ag bun Léana an Dúin ag pilleadh ón siopa. Scaoileadh í le piléar plaisteach agus fuair sí bás. Scaoil Arm na Breataine marbh í. Ní raibh sí ach ceithre bliana déag d’aois. Fuair seacht duine déag bás le linn na dTrioblóidí de dheasca na bpiléar plaisteach.

Cuireadh Julie i Reilig Chathair Bhéal Feirste, fágadh teaghlach s’aici croíbhriste.

Crónaíonn siad é go fóill.

Beidh an dráma Julie, scríofa ag neacht, Julie, Charlotte le feiceáil le linn Fhéile an Phobail ar an ardán i gCumann Rodaí Mhic Corlaí. Tá na ticéid ar fáil ar líne.