IT'S beginning to look a lot like Christmas…..tá féile mhór an gheimridh ag druidim linn. Ní gá duit bheith i do Chríostaí leis an Nollaig a cheiliúradh áfach. Bíonn muid uilig, idir óg agus aosta ag tnúth go mór leis an fhéile mhór. Craosaireacht agus saoirse, am teaghlaigh agus sneachta!
Áfach, an díol suime is mó a shonraigh mé féin ar na mallaibh, ná na foclaí Nollaig Shona duit atá scríofa go tarraingteach in áiteacha poiblí difriúla fud fad na cathrach. Bí cúramach leis an tuiseal ginideach! Aaahh, gramadach na Gaeilge!
Nollaig Shona leis an litir i ag an deireadh agus Daidí na Nollag, crann Nollag gan an litir i ag an deireadh. Macasamhail an t-ainmfhocal Ulaidh. Cailleann an focal Ulaidh an litir i sa tuiseal ginideach uatha fosta, Cúige Uladh nó Gaeilge Uladh. Bígí airdeallach, a Ghaeilgeoirí!
Thug mé fá dear go bhfuil comharthaíocht Nollag i nGaeilge in airde go forleathan. Gan amhras, tá sé feicealách sa Cheathrú Ghaeltachta, ach ina theannta sin ag Cumann na Méirleach, Raidió Fáilte, Ionad Uí Chinnéide, Halla na Cathrach (ag an taobh, dár ndóighe) agus neart siopaí, bialanna agus tithe tabhairne.
Bheadh sé ar dóigh dá mbeadh an nath cainte, Nollaig Shona nó Nollaig Shona duit/daoibh in usáid ag Béarlóirí fosta agus nach raibh feidhm leis an aistriúchán, mar an gcéanna le Feliz Navidad. Tá mé ag smaointiú siar go háirithe, ag machnamh ar an gheansaí Nollag Ghaelach a chothaigh fadhb do bhainistíocht Primark i lár chathair Bhéal Feirste anuraidh.
De dheasca dearcadh caolaingeantacht an bhainisteora, cuireadh Gael óg ar chúl an tsiopa le bheith ag obair, amach as radharc, i bhfolach, ar eagla go gcuirfeadh a geansaí Nollag…Nollaig Shona, isteach ar chustaiméirí. Dochreidte, ach ar dhóigh eile, inchreidte!!
Ar na mallaibh, bhí lucht agóideachta de chuid an bhrúghrúpa teanga An Dream Dearg ag léirsiú ar son cearta teanga ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste. D’iompair siad litreacha móra a litrigh ainm na cathrach i nGaeilge thart ar Mhargadh na Nollag. Bhí siad ag tarraingt airde ar easpa Gaeilge, easpa comharthaíochta Gaeilge, easpa polasaithe don Ghaeilge agus ar bhealach eile easpa tola nó fuinnimh leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Comharthaíocht dhátheangach ar na sráideanna, Reilig na Cathrach agus easpa Gaeilge, Tionscadal Scéalta Bhéal Feirste (Belfast Stories), spárántachtaí Líofa, sólann Olympia agus an bhean óg chontúirteach reabhlóideach a bhí chomh ceanndana gur chaith sí geansaí Nollag le Feliz Navidad as Gaeilge!!! Go bhfoire Dia sinn!
Bhuel, ar a laghad, bíonn tearmann na ngaelscoileanna i gcónaí againn. Má chuireann Nollaig Shona isteach ort nó cúpla comhartha nó aistriúchán ar linn snámha, fan go gcluinfidh sibh faoi na rudaí iontacha, na gnéithe spleodracha a tharlaíonn sna gaelscoileanna ag an Nollaig.
Is am draíochta é an Nollaig do pháistí agus bíonn an mothú agus an t-atmaisféar speisialta is féidir a bhrath i mbunscoileanna na tíre agus páistí beaga óga faoi gheasa ag cumhacht Dhaidí na Nollag.
An grúpa ceoil i lár na cathrach inné @2RoyalAvenue - Tá an Nollaig buailte linn. 🎅🎄 pic.twitter.com/lBLm4AuWHl
— Bunscoil Phobal Feirste (@BPF1971) December 11, 2024
Sna gaelscoileanna, tarlaíonn mórchuid de na himeachtaí agus tarlúintí céanna is a thiteann amach i mbunscoileanna Béarla ag an Nollaig, (d’fhreastail mé féin ar bhunscoil Bhéarla, éachtaí ag dul ar aghaidh sna scoileanna Béarla fosta) ach, dár ndoighe……tarlaíonn siad i nGaeilge sna gaelscoileanna. Dúshlánach gan aon dabht, ag foghlaim sa dara teanga, nach máthairtheanga na ndaltaí atá i gceist don chuid is mó.
Ceolchoirmeacha, drámaí, amhráin Nollag, tráth na gceist, comórtais scríbhneoireachta, taispeantáis, ceol, turais, geamaireachtaí, lá gheansaí Nollag, dinneár na Nollag agus cuairt ón fhear é féin…
Le mí anuas, bhí fiche rud sa tsiúl sa ghaelscoil ina mbím féin ag teagasc. Is bealaí agus dóigheanna iontach eifeachtach iad drámaí ranga ar mhaithe le sealbhú teanga, Gaeilge na bpáistí a shaibhriú, stór focal a mhéadú, spórt agus spraoi a spreagadh agus cuimhní cinn a chothú.
Bíonn i gcónaí rud éigin mothúchanach mealltach fá pháistí óga ag ceol, ach páistí óga ag ceol Oíche Chiúin, I nDulaíocht an Gheimhridh nó Rudolf AS GAEILGE mothaíonn sé níos speisalta arís, i mo bharúil.
Le blianta beaga anuas, bhí lámh agam leis na drámaí seo a leanas, Draíodóir Oz, Charlie agus an Monarcha Seaclaide, Carúl na Nollag, Labhraidh Loingseach, Sa Tóir ar Dhaidí na Nollag agus Annaí. Tá neart buntáistí le dráma a léiriú ag an Nollaig.
Tá cruthaitheachas, obair foirne, comhoibriú, tógáil muiníne, scileanna litearthachta, aisteoireacht, urlabhraíocht, saibhreas teanga, rannpháirteachas, ealáin, ceol, scileanna drámaíochta, SULT agus SPRAOI ag baint le Seó na Nollag.
Bíonn bród ar phobal na scoile agus ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh na bpáistí, ach go háirithe. Tá mé féin ag teagasc in earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh le breis agus fiche bliain agus dá mbeinn ag tabhairt comhairle do mhúinteoirí óga nó ag iarraidh a gcur ar bhealach an leasa iad. Mholfainn dóibh go mór mór dráma a dhéanamh le páistí. Obair chrua a bhíonn ann, ach nuair a chuirtear seó ar an ardán, tagann an ceol agus na soilse le chéile, smideadh agus cultachta. Is mothú draíochtach é. Tá draíocht le drámaíocht. Bíonn draíocht leis an Nollaig.
Maith sibh na hoibrithe ar fad in earnáil an oideachais, ach tá ard-mholadh tuillte ag na hoibrithe sna gaelscoileanna! Tá mé claonta, dár ndóighe!
NOLLAIG SHONA!