Mí na Samhna, an t-aonú mí dhéag san fhéilire agus an Geimhreadh faoi lán seoil in Éirinn, difear bheag san fhéilire atá againn mar Éireannaigh, mar Ghaeil agus an fhéilire atá i gceannas sa Bhreatain. Ní thosaíonn geimhreadh na Breataine go dtí Mí na Nollag.
Nollaig, Eanáir, Feabhra thall sa Bhreatain, ámh, cuimhnigh go mbíonn Lá na Féile Bríde againn i mí Feabhra, an tEarrach faoi bhláth. Mar sin de, is tréimhse seo go mbionn an bás agus an dorchadas i mbarr a réime.
Áfach, faoi láthair ní mhothaíonn sé cosúil leis an gheimhreadh, tá an teocht iomlán as riocht don am seo sa bhliain. 18 céim a bhí ann i mBéal Feirste an tseachtain seo caite!
Difear eile atá suntasach i mi na Samhna idir Ghaeil agus Ghaill, ná dearcadh, ná barúlacha na ndaoine i leith cuimhneachán a dhéanamh ar Fhorsaí na Breataine a throid go croga calma sna Cogai Domhanda.
Ar ndóigh, bíonn bród agus mórtas ar Shasanaigh agus iad ag comóradh a gcuid saighdiúirí a sheas sa bhearna bhaoil agus a fuair bás ar son Rí nó Banríon na Breataine. Is fiu cuimhneamh don chuid is mó, ba mhuintir bhocht lucht oibre ón chosmhuintir iad. Ar an drochuair, bhí go leor coimhlintí agus cogaí ann le himeacht ama, barraíocht.
Mheall John Redmond go leor fear bochta ó Éirinn bheith ag troid ar son saoirse na náisiún beaga sa Chéad Chogadh Domhanda. Tharla scoilt mhór chonspóideach in Óglaigh na hEireann a d’fhág i bhfad ní ba lú de na hóglaigh bheith gníomhach ar son na hÉireann, ach ag gniomhnú ar son a dteaghlach, ag iarraidh airgead a shaothrú sna trinsí le cur ar ais go hÉirinn. A mhalairt atá clú agus cáil laochra na hÉireann a d’fhan dílis don Phoblacht agus a lean Mac Piarais nó a d’éist leis an Chonghaileach.
Mar a scríobh an tAthair Charles O’Neill, fear Aontroma, de bhunadh Phort Chluain Eoin, san amhrán iomráiteach 'The Foggy Dew'. Bhí an tAthair O’Neill ag sagartóireacht i Naomh Peadar ag an am a chum sé an t-amhrán. Bhí comhairle ag an tsagart do mhuintir na hEireann. Comhairle fhiúntach thráthúil. Is fiú breathnú ar chúpla líne.
“'Twas better to die neath an Irish sky, Than at Suvla or Sud-el-Bar….
Oh, had they died by Pearse’s side or fought with Cathal Brugha
Their graves we’d keep where the Fenians sleep, neath the shroud of the Foggy Dew”.
Rinne O’Neill cur síos ar Éiri Amach na Cásca 1916 ag moladh laochra na Cásca agus á gcur i gcomparáid leis na hÉireannaigh a throid ar son na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Amhrán stairiúil, bunfhoinse na staire, fianaise a bhi ann ar an dearcadh a bhí sa tír, i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus freagairt na Breataine don ghéarchéim agus polasaí na mbásanna curtha i bhfeidhm acu.
D’athraigh an tír i ndiaidh Éiri Amach na Cásca agus tháinig borradh faoi Shinn Féin agus faoin phoblachtánachas. Tá a fhios againn an chuid eile….Toghchán 1918, Cogadh na Saoirse, Conradh Angla-Éireannach, Críochdheighilt, Tuaisceart na hÉireann agus Cogadh na gCarad. Brón, bás agus cailliúintí.
Ar ámharaí an tsaoil, thit sé amach go raibh Impireacht na Breataine ar an 'taobh' cheart sa Dara Cogadh Domhanda. Sheas siad leis na Comhghuaillí in éadan na Naitsíoch. Bhí baint ag Winston Churchill le Conradh Angla-Éireannach a scar an tír agus a thug dúinn criochdheighilt, leatrom, cos ar bolg agus 'A Protestant State for a Protestant People'. Ach sa Bhreatain, tá cuimhne air don seasamh a thug sé ar son na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda in éadan Adolf Hitler.
Cuimhníonn muintir na Breataine agus a gcomhghuaillí san Eoraip ar na hócáidi móra stairiúla seo, na Cogaí Móra, an Chéad Chogadh Domhanda 1914-1918 agus an Dara Cogadh Domhanda 1939-1945. Caitheann siad bláth beag dearg, a d’fhás go flúirseach sna cuibhrinn Eorpacha, áit a bhfuair cuid mhor fear óg bás. An Poipín, bláth beag dearg a iompraíonn siombalachas a bhaineann leis an Bhreatain, Rialtas agus Arm na Breataine, Aer-fhórsa na Breataine, Cabhlach na Breataine agus a ngníomhachtaí. Ní bhaineann sé liomsa.
Mar a dúirt an peileadóir gairmiúil clúiteach Éireannach, James Mc Clean, fear de bhunadh an Chreagáin, Doire, a chothaíonn fuath agus gráin i measc na meán i Sasana gach Samhain, nuair a roghnaíonn sé gan phoipín a chuir ar a léine sacair. Mháigh Mc Clean go gcaithfeadh sé an poipín go bróduil, dá mba rud é gur bhain sé leis an Chéad Chogadh agus leis an Dara Cogadh Domhanda.
Ar ndóigh, tá a fhios ag Tadhg an mhargaidh, nach bhfuil sin fíor. Cuimsíonn an poipín dearg na Breataine, gach cogadh a raibh lámh fhuilteach ag an Bhreatain ann. Afghanistan, Palestine, Iran, Iraq agus sin ceart anseo Fódhla, Banbha agus Éire!
Michelle O'Neill will attend the Cenotaph alongside deputy First Minister Emma Little-Pengelly https://t.co/KYmwh1EAbB
— James McCarthy (@JamesMcCarthy97) November 5, 2024
Tá ard-mheas agam ar James Mc Clean. Maith é. Fear cróga calma, a choinnigh a chuid prionsabal. Ar na mallaibh, scríobh, Damo Dempsey, amhránaí mór na hardchathrach amhrán in ómós do James. Aithníonn ciarog ciaróg eile.
Mar sin de, tógann se an cheist…
Cén fáth a bhfuil Michelle O’Neill ag freastal ar imeacht a thugann ómós agus meas a dhéanann cuimhneamh agus comóradh ar Arm na Breataine?
Tá focal eile i nGaeilge don phoipín….an chailleach dhearg!