Seoladh taispeántas ealaíne de chuid Choláiste Feiste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Déardaoin, mar a rinneadh ceiliúradh ar obair na ndaltaí GCSE agus A-Leibhéal. 

Dúirt Róisín Nic Giolla Bhríde, Ceann Roinn na nEalaíon i gColáiste Feirste, go raibh sí féin agus an scoil iontach bródúil as na daltaí. 

"Bhí oíche ghalánta ann. Bhí neart daoine ann idir pháistí agus thuismitheoirí, agus daoine ón phobal féin. 

"Ceiliúradh atá ann ar an obair uilig a théann isteach sna scrúdaithe agus i bpíosaí deireanacha na ndaltaí."

3Gallery

Ag caint léi faoi thábhacht na n-ócáidí seo, dúirt Róisín go bhfuil sé riachtanach obair na ndaltaí a chur os comhair an phobail.

"Tá sé tábhachtach an obair a ghlacadh amach chuig an phobal, agus go bhfeiceann an pobal an méid oibre a théann ar aghaidh anseo. 

"Tá sé deas do na páistí féin go bhfuil siad á bhfeiceáil féin sa phobal mar ealaíontóirí. Sin é an rud ar mhaith linn a spreagadh iontu, go bhfuil siad ag feidhmiú mar ealaíontóirí."

3Gallery

Dúirt Róisín gur tharraing na daltaí ar go leor scileanna éagsúla leis na píosaí a chur le chéile, agus gur léiriú é an éagsúlacht ar láidreacht an ábhair agus scileanna na bpáistí.

"Tá réimse ealaíne le feiceáil. Níl mínealaín amháin atá ann. Tá obair déanta le pinn luaidhe ann, obair teicstíle, obair dhigiteach. Bhí beochan déanta chomh maith. Tá sé tábhachtach go ligeann muid do na daltaí a rogha rud a dhéanamh.

"Tá píosaí móra ann, píosaí a bhaineann leis an saol, leis an pholaitíocht. Ansin tá píosaí deasa ann a bhaineann leis an nádúr agus le rudaí a bhfuil súil ag na páistí iontu."

Ghabh sí buíochas le hiardhaltaí na scoile atá anois ar ais ag obair i gColáiste Feirste. Dúirt sí go raibh sé cuidiúil iad a bheith ag obair leis na páistí agus gur thaispeáin na hiardhaltaí do na páistí go dtiocfadh beatha a dhéanamh as a bheith ag obair sna healaíona.

"Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil iardhaltaí a chuaigh go coláiste ealaíne ar ais ag cuidiú linn. Bíonn Bronagh Ní Chrothair ag teagasc scileanna teicstíle. 

"Rinne teicneoir s'againne Rachel Nic Cailin mínealaín ar choláiste, bhí sí ar ais linn ag teagasc scileanna péinteála. Tagann Tony Bell isteach chomh maith.

"Tá muid an-bhuíoch. Tá muid an-bhródúil as ár ndaltaí. Is tábhachtaí iad a cheiliúradh. Agus tá muid thar a bheith buíoch den Chultúrlann as an spás a chur ar fáil bliain i ndiaidh bliana."

Beidh na píosaí ar taispeáint sa Chultúrlann go dtí 12 Samhain.