Chruinnigh na céadta le chéile in Halla na Cathrach Dé hAoine 11 Meán Fómhair, mar a rinneadh ceiliúradh ar an stáisiún raidió pobail Raidió Fáilte agus é ag craoladh ar feadh fiche bliain faoi rialacha Ofcom.

Bhí Dónall Mac Giolla Chóill agus Caoimhe 'Chats' Ní Chathail mar fhear agus bhean an tí ar an oíche, agus bhí óráidí ó Ardmhéara Bhéal Feirste Róis-Máire Donnelly, ón Choimisinéir um Fhorbairt na Meán ó dheas Rónán Ó Domhnaill, ón Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh Pól Deeds agus ó Stiúrthóir Ofcom sa Tuaisceart, Jonathan Rose. 

Tugadh an lucht féachana fríd stair Raidió Fáilte óna chéad laethanta suas go dtí an áit a bhfuil sé anois, i bhfoirgneamh saintógtha ar Shráid Dhubhaíse.

Dúirt Róis-Máire Donnelly gur "tionscadal ceannródaíoch" é Raidió Fáilte.

"Tá an Ghaeilge faoi bhláth i mBéal Feirste, agus is iad foireann Raidió Fáilte a bhíonn ag tacú leis an phobal seo," a dúirt sí, "Gach lá, gach imeacht, gach ceolchoirm."

Dúirt Jonathan Rose, Stiúrthóir Ofcom ó thuaidh, go bhfuil Raidió Fáilte ina guth luachmhar don phobal i mBéal Feirste.

"Thaispeáin Raidió Fáilte le fiche bliain anuas cén fáth a bhfuil raidió pobail chomh tábhachtach sin.

"Lena chláracha, lena aschur cultúrtha, lena thiomantas don Ghaeilge, tá sé ina ardán don léiriú, don fhoghlaim, agus don rannpháirtíocht."

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán gur forbairt shuntasach a bhí san aitheantas Ofcom fiche bliain ó shin.

"Tá muid ar fad fréamhaithe inár ndúchas agus inár gceantair féin."

Ar seisean, "Is raidió pobail atá sa raidió seo, agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis sin.

"Tá an obair seo thar a bheith tábhachtach; glór a thabhairt don phobal Gaeilge sin i mBéal Feirste."

Dúirt Pól Deeds, Coimisinéir na Gaeilge ó thuaidh, go bhfuil deachuimhní aige ó bheith ag craoladh ar an raidió. Labhair sé faoi bhláth na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus faoi na dearcthaí i leith na teanga, agus an dualgas atá ar an stát tacú leis na meáin Ghaeilge.

"Aithním an dualgas atá ar an stát seo tacú le soláthar craoltóireacht na Gaeilge níos mó ná mar atá siad faoi láthair."

Dúirt sé gur "iris luachmhar í Raidió Fáilte" agus an obair a dhéanann siad agus é ag plé le daoine atá "an-amhrasach" faoin Ghaeilge, agus gur "eiseamláir í eagraíocht mar Raidió Fáilte don chineál sochaí atá muid ag iarraidh tógáil anseo."

Chuir na Conallaigh Clann Mhic Ruairí ceol den scoth i láthair, agus chríochnaigh an oíche le seit ó bhanna mór le rá eile, Bréag.