Ó Cairealláin, Gearóid Cúis mhór bhróin do bhord, d’fhoireann agus do phobal Chultúrlann McAdam Ó Fiaich bás Ghearóid, fear na físe a thug treoir agus spreagadh dúinn ó thus deireadh. Is é lomchlár na fírinne nach mbeidh a leithéid arís ann. Déanann muid comhbhrón ó chroí lena bhean Bríd, lena chlann mhac Ainle, Cairbre agus Naoise, lena mháthair Theresa agus lena dheirfiúracha agus deartháireacha, Marie, Anthony, Martin, Claire agus Cristín. Suaimhneas síoraí dá anam uasal Gaelach.
Ó Cairealláin, Gearóid Is faoi scamall bróin atá muid i d’éagmais, a Ghearóid. Bhí tú linn ón tús, a chara, agus cronófar go mór is go deo thú. Comhbhrón ó chroí le Bríd, le hAinle, Cairbre agus Naoise agus leis an teaghlach uilig. Pádraigín, Séamas, Áine, Aisling sa Cheathrú Póilí.
Ó Cairealláin, Gearóid Is mian le foireann Bia Loch Lao comhbhrón ó chroí a dhéanamh le Bríd, Ainle, Cairbre, Naoise agus an teaghlach uilig ar bhás Ghearóid. Aireoidh muid uainn go mór é.
Ó Cairealláin, Gearóid Tá brón orainn go bhfuair ár gcara Gearóid bás. Déanann muid comhbhrón ó chroí le Bríd, le hAinle, Cairbre agus Naoise, lena mháthair Theresa agus le Marie, Anthony, Martin, Claire is Cristín. Throid tú gan stad, a Ghéaróid, agus beidh tú i gcónaí inár gcuimhne, chomh maith le Frank agus Aoife (nach maireann). Pól, Áine agus Somhairle.