Seo Seachtain na Leabhar agus tarlaíonn sé gur fógraíodh an gearrliosta don leabhar Gaeilge is fearr i nGradaim Leabhar An Post, i gcomhar le Love Leabhar Gaeilge, an tseachtain seo fosta. Beidh srianta orainn go ceann tamaill eile, ach níl laincisí ar bith ar an tsamhlaíocht a mhúsclaíonn leabhar maith. Seo achoimre ar an sé leabhar atá ar ghearrliosta An Post i mbliana.

 
An Diabhal Déanta – Joe Steve Ó Neachtain

Leabhar an-taitneamhach é seo le scríbhneoir Gaeltachta den scoth a bhí fite go dlúth ina phobal féin agus a raibh sé de bhua aige teistiméireacht a thabhairt ar a ndea-thréithe agus ar a gcuid laigí ar dhóigh chásmhar cheanúil. Tá 17 ngearrscéal sa chnuasach seo a chíorann an grá agus an caillteanas, clocha míle i saol an duine agus an brú ón saol mór ar an bhaile bheag. Tá briseadh croí ann le bás roimh am, ach baintear greann fosta as na hiarrachtaí a dhéanann tuismitheoirí a bpáistí a threorú trí chathair ghríobháin an tsaoil.

 
Bealach na Spáinneach – Liam Mac Cóil

Seo an leabhar deireanach i dtríológ den scoth faoi aistear rúnda Lúcáis Uí Bhriain chun na Róimhe le litir thábhachach a chur i lámha Aodha Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá fórsaí ar leith ag cur in aghaidh Lúcáis ach caithfidh sé a mhuinín a chur i nduine éigin le ceann scríbe a bhaint amach. Mar gheall ar an tsárscríbhneoireacht, tá an léitheoir céim ar chéim le Lúcás feadh na slí. Tá an turas trasna na nAlp go háirithe drámatúil. Ardleabhar agus an saol Gaelach i gcomhthéacs idirnáisiúnta léirithe go maith ann.


Cnámh – Eoghan Mac Giolla Bhríde

I gcodarsnacht leis an aicsean uilig sa leabhar thuas, is beag a tharlaíonn sa chnuasach seo de scéalta, nach scéalta iad le fírinne. Is ceird eile ar fad atá á chleachtadh ag an scríbhneoir Conallach seo, agus déanann sé go sciliúil, máistriúil é. Is staidéir iad na míreanna sa leabhar ar shruth smaointeoireachta an duine i gcomhthéacsanna éagsúla. Tugtar léargas ar shaol inmheánach an fhir go mór mhór. Tá ‘Slán le Páras’ ar fheabhas, mar atá ‘Seomra Feithimh’, a rianaíonn aigne mná a bhfuil néaltrú uirthi agus í ag iarraidh ciall a bhaint as an saol thart uirthi. Speisialta ar fad.

Cur i gCéill – Celia de Fréine

Coirscéinséir eachtrúil atá sa chéad úrscéal seo ó pheann an fhile agus an drámadóra as Baile Nua na hArda ó dhúchas. Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a aistríonn go Conamara i ndiaidh dá fear céile bás a fháil. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, tá Cass suite de gur dúnmharú atá ann. Tá Cass ag obair go páirtaimseartha mar shíceolaí fóiréinseach leis na Gardaí, ach tá dua uirthi a chur ina luí ar an bhleachtaire atá i gceannas ar an chás, iarleannán léi, gur dúnmharú atá ann. Leabhar é seo nach mbeidh tú ag iarraidh é a chur uait go dtí go mbeidh an chríoch bainte amach agat.


Éadaoin – Seacht Snaidhm na Seirce, Diarmuid Johnson

Tá an leabhar iontach seo ar an déanamh céanna le Conaire Mór, ar bronnadh gradam An Post air arú anuraidh. Tá athinsint ann i dteanga mhaisiúil, fhileata ar sheanscéal a bhfuil neart castaí ann. Thóg an t-údar blúirí as téacsanna Sean-Ghaeilge ón 12ú agus ón 15ú haois agus bhunaigh sé an leabhar seo orthu. Tá draíocht, grá agus éad ann. Beidh sé doiligh ar na léitheoirí sin inár measc ar mhaith linn an phatrarcacht a bhriseadh cuid de na téamaí sa leabhar a shlogadh. Ar an láimh eile, tá sult mór le baint as cruthaitheacht an údair agus as teanga fíorealaíonta.

 
Múscail, a Ghiorria, Eithne Ní Ghallchobhair

Leabhar eisceachtúil atá san úrscéal filíochta álainn seo a insíonn dúinn faoi chlaochló caillí ina giorria aimsir na Bealtaine. Is scéalaí traidisiúnta í an t-údar agus tá a rian sin le mothú ar an téacs. Tá an chailleach banúil, fial, flaithiúil agus is breá léi bheith ina giorria aclaí, lúfar go dtig léi dul thart ar an tír. Tá dáimh mhór ag an chailleach agus ag an údar araon leis an dúlra, téama atá ardtábhachtach sa lá atá inniu ann don chine dhaonna. Tá saibhreas iontach teanga sa chur síos ar an domhan thart timpeall orainn, ár ndomhan féin.