Bíonn Gráinne Ní Ghilín ag plé le cúrsaí oidhreachta ina ról mar Chomhordaitheoir Tionscadail i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá scór bliain caite aici i réimsí éagsúla, ina measc oideachas, na meáin chumarsáide agus aistriúchán.
Is feachtasóir ar son cearta teanga í leis an Dream Dearg.
Bhí sí ina heagarthóir ar an iris An tUltach agus bhí ailt léi ar Comhar, Nós, Gaelscéal, Foinse agus Lá thar na blianta.
Caitheann sí tréimhsí tostmhara ar chúrsaí machnaimh san India gach bliain.
Bím ag freastal ar ranganna machnaimh ar líne uair nó dhó sa tseachtain agus le mí anuas tá an treoraí galánta atá againn ag díriú ar an tsonas. ‘Cé go mothaíonn tú pian an domhain, bí sona sásta ar aon nós,’ a deir sí. Furasta a rá, ach níl sé i gcónaí éasca é a chleachtadh.
BHÍ na mílte páirteach sna himeachtaí a bhí ar siúl ag féile gheimhridh Belfast TradFest an deireadh seachtaine seo caite. Ina measc bhí ceoltóirí proifisiúnta mar Dermot Byrne ar an bhocsa ceoil agus John McSherry ar an phíb. Bhí leithéidí na Friel Sisters – Anna, Sheila agus Clare – agus Michael Rooney ann fosta. Tá an cúpla, Anna agus Sheila, ag obair mar fhiaclóirí (tá Clare sa ghrúpa Altan) agus is leas-phríomhoide scoile é Michael, cláirseoir agus cumadóir. Is mic léinn óga iad roinnt mhaith de na hoirfidigh a bhí ar ardáin na cathrach, mar shampla Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta as an Aird Mhór i gCarna atá beirt ar an ollscoil i Luimneach, agus a bhí ar an ardán i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Dé hAoine.
ACHAN mhaidin ar mo bhealach isteach chun na hoibre téim thart le Sólann an Ghleanna i mBaile na Mainistreach. Tá comharthaí an earraigh le sonrú sa chomharsanacht agus ar thailte na sólainne. Le seachtain anuas nó mar sin tá paiste mór glas ar an fhaiche fhairsing taobh leis an bhóthar trasna ón bhealach isteach go Ráth Cúile ag éirí níos dorcha. Tá gasanna na mbláthanna ag briseadh amach as an chré agus ag síneadh i dtreo an tsolais. Roimh i bhfad beidh radharc ann a thabharfaidh dán clúiteach William Wordsworth chun cuimhne, slua buí lusanna cromchinn.
Ainmníodh Béal Feirste mar Chathair Cheoil de chuid UNESCO i mí na Samhna 2021. Táimid mar chuid de líonra ina bhfuil 59 gCathair Chruthaitheachta ar fud an domhain, ina measc Glaschú, Valparaíso sa tSile, Xalapa i Meicsiceo agus Tongyeong sa Chóiré Theas.
Tá ‘Spiegel im Spiegel’ (Scáthán sa Scáthán) leis an chumadóir Eastónach Arvo Pärt ar cheann de na píosaí ceoil is suaimhní agus is áille dá bhfuil le fáil. Chuala mé den chéad uair é ar chúrsa machnaimh san Ind. Shuíodh an grúpa againn ceithre huaire sa lá agus ba é seisiún na hoíche an tréimhse ba chiúine agus ba shuanmhaire ar fad.
SEOLADH Clár Imbolc Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo agus tá cantaireacht, cláirseoireacht agus ceiliúradh ar éarlaimh na hÉireann mar dhlúthchuid de na himeachtaí ar Bhóthar na bhFál idir seo agus deireadh mhí an Mhárta. Mar is gnách, beidh ceardlann chrosóga Bríde ann ar an 1 Feabhra agus beidh lá mór teaghlaigh ann le Clann Mhic Corraidh ar Lá Fhéile Pádraig. Tháinig Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta, as an Áird Mhóir i gCarna i gConamara, chun cinn go mór in 2020 nuair a ghlac siad páirt i gclár TG4 ‘Slí na mBeaglaoich’. Chuir siad an lucht féachana faoi dhraíocht lena léiriú éagsúil ar an amhránaíocht ar an tsean-nós, lena gcomhcheol uathúil agus leis an aontacht álainn cheoil a bhíonn idir beirt den chlann chéanna. Thug deartháir agus deirfiúr, ceoltóirí ildánacha Gaeltachta, aghaidh ar Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh le staidéar níos doimhne a dhéanamh ar a gceird. Beidh siad ar ardán Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith ar an 24 Feabhra le linn TradFest Bhéal Feirste an Gheimhridh, agus Jack Warnock agus Lauren Ní Néill mar chuideachta acu. An oíche ina dhiaidh sin, an 25 Feabhra, beidh an halla mór sa Chultúrlann líonta lán arís nuair a chuirfidh na Friel Sisters, Marty Barry, Cathal Ó Curráin agus an cláirseoir agus cumadóir ceoil Michael Rooney siamsaíocht ar fáil. Tá roinnt ticéidí go fóill fágtha don dá cheolchoirm ar belfasttraditionalmusic.com. Ní gá fanacht chomh fada le deireadh Feabhra, áfach, le ceol den scoth a chluinstin sa Chultúrlann óir tá Miadhachlughain O’Donnell, fliútadóir agus fonnadóir as Caisleán Uidhilín ar de bhunadh chlann cheolmhar McSherry í, ag seoladh a EP nua ar an 27 Eanáir. Níos luaithe an lá sin beidh Ceol na mBan, seisiún míosúil, ar siúl fosta.Cuirfear fearadh na bhfáilte chun na Cultúrlainne roimh láithreoirí RTÉ Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 11 Márta, agus iad ag dul dá bpodchraoladh rathúil ‘Beo ar Éigean’. Bí ag súil le hoíche chraiceáilte. Bliain mhór í 2023 ag an siopa leabhar An Ceathrú Póilí, atá ag ceiliúradh dhá scór ar an fhód. Beidh an Ciorcal Léitheoireachta ag teacht le chéile mar is gnách uair sa mhí le leabhair nuafhoilsithe a phlé agus beidh cóisir mhór Leabhra Feabhra ann le seanchomrádaithe an tsiopa, an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim, agus a mhic cheolmhara atá sa ghrúpa Kíla – Rónán, Colm agus Rossa – ar an 11 Feabhra ar 1pm. Dream bisiúil iad na Snodaíocha agus dosaen leabhar agus albam eisithe acu le dhá bhliain anuas.
IS in San Diego, California a chaith mé féin agus mo mháthair aimsir na Nollag agus muid ar cuairt ar ghaolta linn. Cathair bheoga, ilchultúrtha í ar chósta an Aigéin Chiúin atá beag go leor go bhfuil sí inláimhsithe ag an chuairteoir, agus mór go leor fosta go bhfuil gach cineál áise a bheadh uait le fáil ann. Tá béim ar an spórt, ar na healaíona agus ar oidhreacht mhíleata, chultúir agus teicneolaíochta na háite, ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná a chairdiúla agus a chineálta a bhí muintir na háite (correisceacht ann, ar ndóigh!). Bhí siad lách, foighdeach lena chéile agus linne, turasóirí, agus is ar na busanna poiblí áitiúla is mó a bhí na tréithe sin le sonrú. Cé gur fágadh carr breá fá mo choinne ar an tsráid taobh amuigh den teach, bhí drogall orm dul sa tseans go rómhinic agus tabhairt faoin tiomáint ar an taobh ‘contráilte’ den bhóthar. Ar an dea-uair, bhí seirbhís bus bhreá ann. Bhí Uimhir 3 le fáil achan 20 bomaite idir an lóistín agus an t-ospidéal, áit a raibh ár dtriall gach lá le duine dár ndaoine muinteartha a fheiceáil. Téann Uimhir 11 síos go lár na cathrach chomh fada leis an Chéad Ascaill ar an Bhealach Leathan, an ceantar gnó agus airgeadais nach bhfuil rófhada ón fharraige. Tá tiománaithe MTS San Diego, an comhlacht bus, le moladh go mór as a chuidiúla a bhíonn siad go háirithe le daoine leochaileacha. Tá miotas in Éirinn gur sa tír seo amháin a ghabhann paisinéirí buíochas leis na hoibrithe bus, ach bhí ‘I appreciate it’ mór croíúil as béal gach taistealaí ar chúrsaí MTS. Níl San Diego ach 17 míle ón teorainn le Meicsiceo. Bhí gaoth an fhocail faighte againn go raibh margaí iontacha le fáil i siopaí monarchan na mórdhearthóirí ar an teorainn, leithéidí Levis, Armani, Michael Kors, Nike agus na scórtha eile nach iad. Isteach linn go lár an bhaile mar sin le turas trálaí ar an líne ghorm a dhéanamh chomh fada le San Ysidro, áit a bhfuil an ceathrú teorainn idirnáisiúnta is gnóthaí ar domhan. $5 a bhí ar thuras fillte, $2.50 le lascaine, agus ghlac sé 40 bomaite an teorainn a bhaint amach. Cé nach ndeachaigh muid isteach i Meicsiceo féin, bhí radharc bhreá againn ón droichead coisithe ar Tijuana agus ar na cnoic a thimpeallaíonn í. Bhí 10 lána tráchta ag an seicphointe thíos fúinn. Rachaimid féin trasna lá níos faide anonn. Ar ndóigh, tá rian an choilíneachais agus an impiriúlachais le sonrú go láidir in San Diego. Tá sé san ailtireacht, sna logainmneacha, sna teangacha atá ar na comharthaí, Béarla agus Spáinnis, agus sna scéalta a insítear sna hionaid oidhreachta agus chultúir. Bheadh dua ort theacht ar léiriú de stair na mbundúchasach. Is féidir béile a chaitheamh ar sheanlong chogaidh a bhfuil na scórtha eitleán suite in uachtar uirthi. Thug cara linn go Rinn Loma ar imeall na cathrach sinn tráthnóna amháin agus an ghrian ag dul ó radharc san Aigéan Ciúin – níl radharc is deise ar domhan ná an spéir ar an chósta thiar agus an ghrian ag dul faoi. Chonaic muid an reilig mhór mhíleata gona crosóga bána leagtha amach go néata i línte fada díreacha, agus thaispeáin sí dúinn áit a mbíonn na ‘seals’ á n-oiliúint ag Cabhlach Mheiriceá. Rónta a bhí i gceist aici – aimsíonn siad féin agus deilfeanna mianaigh san fharraige – ach shín sí a méar i dtreo na háite ina mbíonn fórsaí speisialta daonna an chabhlaigh ag traenáil fosta. Áit ilghnéitheach, spreagúil í cathair San Diego agus an ceantar máguaird. Beidh mé ar ais.
Bliain mhór stairiúil a bhí in 2022, bliain inar cuireadh cearta teanga sa dlí ó thuaidh nuair a tugadh isteach in Westminster An tAcht um Fhéiniúlacht agus Teanga. Ní as féin a tharla an chéim mhór seo chun cinn. Ba thoradh é ar obair atá ag dul ar aghaidh le breis agus leathchéad bliain i réimsí éagsúla de shaol na nGael. Tá dúshraith láidir fúinn. Tá fís, paisean agus díograis ionainn agus muid i mbun oibre agus gnímh. Tá bua na smaointeoireachta straitéisí againn. Tá mapa againn le sinn a thabhairt ar aghaidh go ceann scribe, cé go n-aithnímid nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ceann scribe óir beimid ag iarraidh feabhsú go deo. Tá daoine óga á gcumasú le scileanna cumarsáide agus le heolas chun go mbeidh siad in inmhe na cathanna a bheas le troid sa todhchaí a bhaint. Seo súil siar ar chuid de na buaicphointí a bhí ann in 2022, agus ar chúpla íosphointe leis. I mí Feabhra bhí díomá ar Ghlór na Móna mar gheall ar ghiorrúcháin £86,000 a bhí beartaithe ag an Údarás Oideachais. Dúirt an t-eagras pobail go mbeadh orthu deireadh a chur láithreach le seirbhísí óige ar leith, go gcaillfí cúig phost san earnáil, agus go raibh siad buartha go mbeadh tuilleadh giorrúchán ann ar fud na sé chontae. Bheadh 160 duine óg thíos leis, gan an deis acu níos mó tairbhe a bhaint as imeachtaí óige Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga. I mí an Mhárta tháinig rialacha úra isteach agus thig le saoránaigh sna sé chontae anois breitheanna, básanna, póstaí agus comhpháirtnéireachtaí sibhialta a chlárú go hoifigiúil i nGaeilge. Bhí mac óg Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, ar dhuine de na chéad leanaí ar cláraíodh a bhreith i nGaeilge i gComhairle Chathair Bhéal Feirste. I mí Aibreáin bhí CONCOS, eagras a dhéanann ionadaíocht ar son a lán coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, i mbun suirbhéireachta. Tháinig sé chun solais go raibh tionchar na paindéime ag déanamh dochar mór don earnáil. Chuir Coláiste na bhFiann a gcúrsaí samhraidh siúd ar ceal agus i gceantair Ghaeltachta eile bhí titim ag teacht le tamall ar líon na dteaghlach a bheadh ag glacadh le scoláirí feasta. Ag an am, bhíothas ag tuar go mbeadh suas le 3,000 dalta gan áit i gcoláiste i samhradh 2022. Meastar go gcuireann an earnáil €50 milliún sa bhliain le geilleagar na Gaeltachta. An mhí chéanna, rinneadh tagairt in Óráid na Banríona i Sasana do reachtaíocht teanga, ach bhí Conradh na Gaeilge go mór in amhras fán ghealltanas parlaiminte. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, “Ag amharc ar an mhéid a thit amach le bliain anuas, agus go deimhin, le 16 bliain anuas, beidh pobal na Gaeilge soiniciúil ag éisteacht le coimitmint eile don reachtaíocht teanga in óráid na Banríona inniu . . . Idir an dá linn tá ár bpobal ag eagrú agus ag beartú don Lá Dearg ar an 21 Bealtaine agus tá muid ag súil leis na mílte Gael a fheiceáil ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh.”
Bhí seisiún ag Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, a d’eagraigh Glór na Móna an deireadh seachtaine seo caite, ar an Ghaeilge agus díchoilíniú. In 1986 scríobh an t-údar Céiniach Ngũgĩ wa Thiong’o gurb é an buama cultúrtha’ an t-arm is cumhachtaí atá ag an choilíneoir le meanma aon phobal a sheasann an fód ina aghaidh a bhriseadh (Decolonising the Mind: the Politics of Language in African Literature).
Níl a dhath ar bith cosúil leis. An mhóimint sin go díreach a shuíonn tú síos, a shíneann tú siar agus a ligeann tú do do chorp agus d’intinn scaoileadh leis an teannas agus scíste a ligean. Táimid i ndiaidh tréimhse dhian, ghnoitheach a chur díon féin agus tá ceannscríbe chóir a bheith bainte amach againn. Tá na bronntanais ceannaithe, an bia don lá mór faighte, na cártaí curtha sa phost agus na giotaí deireanacha oibre tugtha chun críche. Agus fiú mura bhfuil cuid ar bith de sin déanta, cén dochar?
Ceann de na rudaí is fearr liom fá bheith ag obair sa Chultúrlann ná go bhfuil siopa leabhar den chéad scoth ann. Caithfear a bheith cúramach gan an sparán a fholmhú óir bíonn cathú orm i gcónaí an leabhar is déanaí a cheannach. Nuair a bhí mé ag aistriú isteach i dteach úr an bhliain seo caite, bhí 30 bocsa lán leabhar agam, formhór mór acu a cheannigh mé in An Ceathrú Póilí thar na blianta. Fiú agus mé ag dul don alt seo, tá leabhragán le feiceáil as ruball mo shul i gcoirneál an tseomra agus is aoibhinn an radharc é an tuar ceatha de leabhair atá fáiscthe isteach ar na seilfeanna.
TÁ an t-am seo bliana ar an tréimhse is deise ar fad ó thaobh solas na spéire de. Ar maidin nuair a d’oscail mé an cuirtín ar an doras tosaigh, nochtadh dom scamaill thiubha ildaite faoi ghrian bhog na maidne. Bhí baill órga i measc na néalta ar dhath na péitseoige. Os a chionne sin bhí spléachadh le fáil ar an ghorm shéimh. Fán am a raibh mé ar mo bhealach isteach chun na hoibre, bhí ceobhrán ar bharr shleasa thuaidh Bheann Mhadagáin ag éirí agus ag scaipeadh de réir mar a chuaigh an teocht in airde, ag nochtadh páirceanna rua agus glasa rannta suas le línte de sceacha.
Tá Fleadh Feirste, féile Nollag na Ceathrún Gaeltachta, níos mó, níos fairsinge agus níos ilghnéithí ná riamh agus 15 eagraíocht Ghaeilge ag obair ar scáth a chéile le clár den scoth a chur ar fáil. Féile ealaíon go príomhá atá san Fhleadh ach is léiriú é an clár ar an éagsúlacht mhór gort a bhíonn á dtreabhadh ag lucht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.
Tá áit bainte amach ar an ghearrliosta ag Gradaim Leabhar An Post sa chatagóir don leabhar Gaeilge is fearr ag beirt údar as Béal Feirste, Réaltán Ní Leannáin as ceantar San Séamas agus Seán Ó Muireagáin as Gort na Móna. Tá Celia de Fréine, file agus drámadóir as Baile Nua na hArda ainmnithe fosta. Agus 46 lá idir seo agus Lá Nollag, dhéanfadh ceann ar bith de na leabhair ficsin atá ar an ghearrliosta féirín iontach do lucht alptha na leabhar, agus tá siad uilig le fáil in An Ceathrú Póilí, an siopa leabhar sa Chultúrlann nó ar www.an4poili.ie. An Dara RoghaCelia de FréineLeabhairComharTá leabhair i nGaeilge a bhfuil bean óg sna déaga mar phríomhcharachtar iontu ag dul i líonmhaire. Tá an-ráchairt ar leithéidí Nóinín le Máire Zepf, dialanna Emily Porter le Richie Conroy, Labhairamach.com le hÁine Uí Fhoghlú agus Katfish le Óige Ó Céilleachair. Agus anois tá leabhar ficsean eolaíochta den scoth tagtha ó pheann Celia de Fréine faoi theacht in inmhe Emma, cailín atá ag maireachtáil i domhan aisteach ina bhfuil achan uile rud rialaithe ag na húdaráis – éadaí, bia, slí bheatha, páirtí saoil. Tá domhan diostóipeach léirithe sa leabhar seo, mapaí san áireamh, agus tá lorg Handmaid’s Tale le sonrú air costa. Ní féidir spiorad an duine atá ceisteach, fiosrach a chloí agus tuigtear do Emma go bhfuil an dara rogha ar fáil di. Is bealach é a mbaineann contúirtí móra leis – cén rogha a dhéanfaidh sí sa deireadh? Bádh B’fhéidirSeán Ó MuireagáinÉabhlóidCúig ghearrscéal fhada atá sa chnuasach is déanaí de chuid John Boy agus, cosúil le Celia de Fréine, tá tochailt déanta ag an údar Feirsteach ar dhiostóip. Cé nach mbaineann gach scéal sa tsraith leis na carachtair ná leis an phlota chéanna, tá snáithe i gcoitinne ag rith fríothu a fhágann gur cnuasach snasta é. Tá dea-vaimpír ann agus pláinéad atá ina phlanda. Is é an sárscéal ‘Aiséirí’ an scéal is láidre acu uilig a ríomhann aistear spástaistealaithe a chuirtear amach ag taiscéaladh le theacht ar phláinéad nua a dtiocfadh leis an chine dhaonna maireachtáil air nuair a bheas an ceann a chothaíonn faoi láthair iad scriosta agus creachta acu. Bláth na dTulachRéaltán Ní Leannáin (eag.)ÉabhlóidSeo an dara leabhar as teach foilsitheoireachta Eoghain Mhic Ghiolla Bhríde i nGaoth Dobhair atá ar ghearrliosta na bliana seo. Tionscadal é Bláth na dTulach a bhfuil leabhar agus podchraoladh araon mar ghnéithe de. Tuigeadh do Réaltán Ní Léannáin le linn na chéad dianghlasála gur dhóichí go raibh údáir Ghaeilge eile thíos leis an easpa teagmhála agus go raibh an baol ann go raibh a n-acmhainn chruthaitheachta ag maolú. Thug sí faoi chnuasach scéalta le scríbhneoirí Ultacha a chur le chéile agus tá ábhar le 28 acu le léamh sa leabhar breá, ealaíonta seo. Tá athshamhlú ar sheanscéalta ann mar aon le scéalta úrnua uirbeacha. Tá cuid acu suite thar lear, sa Pholainn agus sa Phalaistín, mar shampla, agus ríomhtar i gcuid de na scéalta cuimhní na n-údar ar eachtraí suntasacha ina n-óige. Leabhar thar a bheith sultmhar. El Thaddeus Ó BuachallaCoiscéimTá éacht déanta ag Thaddeus Ó Buachalla leis an chéad úrscéal dá chuid, El, leabhar saoithiúil, samhlaíoch a théann anonn is anall idir cathair Chorcaí an lae inniu agus na príomhionaid léinn eolaíochta san Eoraip sa 17ú haois. Ceistítear cé atá ag rialú an domhain ar chor ar bith – an duine nó neacha bídeacha urchóideacha a chónaíonn i gcloigeann cuileog agus a chuidíonn leis na daoine is cumhachtaí sa stair clú, cáil agus creidiúint a bhaint amach. Níor tarraingíodh oiread airde agus ba chóir ar an leabhar seo ó foilsíodh é agus is maith go bhfuil sé ar an ghearrliosta mar tá talamh úr briste ag an údar seo.
AR an 26 Bealtaine 2016, vótáil Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, agus a chomhghleacaithe ar son an tAcht um Chearta an Duine, 1998 a aisghairm, rud a chuirfeadh deireadh leis an chosaint atá ag gach uile dhuine againn sa dlí maidir le cearta bunúsacha.