TÁ cuan beag cluthair eile aimsithe againn, mé féin agus mo chomhbhádóirí, agus an oíche aréir caite ag an Friendseap ar ancaire fá chumhdach na réaltaí ar chósta oileán Paxos sa Mhuir Iónach. Bhí dinnéar blasta againn ar an bhád aréir, sailéad Gréagach lán trátaí agus feta, ochtapas agus pónairí fava, ansin seal damhsa le seinnliosta spleodrach an scipéara.

D’éirigh na mochóirí ar maidin le machnamh agus aclaíocht a dhéanamh le bánú an lae, agus tá boladh an chaifé san aer. Thug duine dár gcomrádaithe a mheaisín déanta espresso féin leis – tá an caifé maith ina reiligiún aige. 

Dhá lá ó shin stop muid ar feadh seala i gcaolas álainn. Bhí crosóg mhara dhubh agus fhlannbhuí ina luí ar charraig in aice linn agus bhí lucht seoil ón dornán bád thart timpeall orainn a shnámh agus a shnorcláil. Tá séipilín beag ann agus an doras dearg i gcontrárthacht mhór leis na dathanna eile – glasghorm, spéirghorm, gealghorm, dúghorm. 

Tá an séipéal i seilbh úinéara phríobháidigh agus ní thiocfadh linn dul isteach ann. Tá sé ainmnithe as San Spiridon, a rugadh sa Chipir sa bhliain 270 AD agus a cailleadh in 348 AD. Is é éarlamh na gcriadóirí é agus tá scéal ag baint leis atá cosúil le scéal ár n-éarlaimh féin. 

2Gallery

Bhí Spiridon ag éirí creideamh na Críostaíochta a mhúscailt i gcroí fealsúnaí phágánaigh. Le slige pota cré, léirigh sé don fhear léinn go raibh an t-aon ní seo amháin déanta de thrí ábhar éagsúla – tine, uisce agus cré. Ba mheafar é seo den Tríonóid Naofa.

Deirtear go ndeachaigh an slige trí thine go tobann, gur thit braonta uisce ar an talamh agus nár fágadh i lámha an naoimh ach luaithreach. Míorúilt a chuaigh i bhfeidhm ar an fhealsúnaí agus a rinne fíréan de. 

Beimid ag tabhairt aghaidhe ar an chéad oileán eile gan mhoill. Tá na hinnill splanctha agus tá an t-ord tugtha ag an scipéir ullmhú le himeacht. Tá téada le socrú agus caithfear gach rud atá ina shuí ar na táblaí a chur ar shiúl agus a chinntiú go bhfuil doirse na seomraí agus na gcófraí faoi ghlas ionas nach dtitfidh a dhath ar bith amach agus muid ag marcaíocht ar na tonnta. 

Beidh le feiceáil ar ball cén treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh agus cén neart atá intinn. Más féidir, ardóimid na seolta, ach idir an dá linn, cuirfidh an scipéir an bád faoi stiúir uathoibríoch agus réiteoimid bricfeasta. Mil den chuid is éadroime déanta ag beacha le pailin na giúise agus iógart tiubh, uachtarúil na comhábhair bhunúsacha i dtír seo na ndéithe agus na n-eipicí.