BRONNFAR Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais ar an iriseoir Feirsteach Eoghan Ó Néill an tseachtain seo chugainn ag ócáid speisialta i gCill Airne le linn Oireachtas na Gaeilge as ‘téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair’ sna meáin chumarsáide thar na blianta.

Tá Eoghan ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge le breis agus dhá scór bliain, sna meáin chlóite agus ar na haerthonnta araon. Bhunaigh sé féin agus a sheanchomrádaí, Gearóid Ó Cairealláin, nuachtán seachtainiúil Gaeilge in 1981 dar teideal Preas an Phobail. Trí bliana ina dhiaidh sin, thug foireann bheag faoi dhúshlán mór, is é sin nuachtán Gaeilge laethúil a eisiúint. Bhí baint ag Eoghan le foilseacháin eile thar na blianta, ina measc Lá Nua, Andersonstown News agus Gaelscéal, ar a raibh colún seachtainiúil aige.

Bhí Eoghan ceannródaíoch agus foilsiú nuachta i nGaeilge ar an ghréasán dhomhanda ag teacht chun cinn. In 2008 bhunaigh sé Nuacht24.com agus i measc na n-iriseoirí óga a tháinig faoina stiúir bhí Méabh Ní Thuathaláin, atá ina hiriseoir le Tuairisc.ie i mBearna i gContae na Gaillimhe anois agus a chaith seal ag obair leis an chlár cúrsaí reatha 7Lá ar TG4 fosta.

Bíonn Eoghan Ó Néill le cluinstin ar Raidió Fáilte ar bhonn laethúil agus ar Raidió na Gaeltachta go han-mhinic. Craoltóir ildánach é a bhfuil guth agus léamh uathúil aige ar chúrsaí, rud a chuidíonn leis an éisteoir tuiscint níos doimhne a fháil ar na scéalta nuachta is mó as an taobh seo tíre. Cuireann sé cláracha nuachta agus cúrsaí reatha agus cláracha litríochta i láthair. Sular bunaíodh an stáisiún pobail atá suite anois i bhfoirgneamh saindeartha ceithre stór ag bun na bhFál, bhí Eoghan ag plé le Raidió Feirste, stáisiún a bhíodh ar an aer gan cheadúnas. Is mór na céimeanna atá tugtha ó sheomra beag bídeach i mbarr na Cultúrlainne in 1985, leis an trealamh is bunúsaí, go dtí an t-áras suntasach álainn atá ag Raidió Fáilte ó bhí 2019 ann – agus ról lárnach ag Eoghan san fhorbairt i rith an bhealaigh.

Is léitheoir cíocrach é agus má chastar ort é i mbialann na Cultúrlainne, gach seans go mbeidh a shrón sáite aige i leabhar inteacht de na leabharthaí a iompraíonn sé thart ina mhála beag droma agus é ag rothaíocht suas síos Bóthar na bhFál. Tá dhá leabhar scríofa aige féin bunaithe ar an taisteal fairsing atá déanta aige ar fud na hEorpa, Cathracha (2007) agus Cathracha i gCéin is i gCóngar (2011). Bhí saol na hiriseoireachta mar spreagadh do dhráma dá chuid a léirigh Aisling Ghéar in 2002, Úr, Te, Bruite. Tá pobal na Gaeilge ag súil go mór leis an chéad leabhar eile óna pheann, Abrasive Gaels, atá le foilsiú go luath agus ina rianófar stair na nGael i mBéal Feirste i dtréimhse chorraitheach, 1981 go 1991, ina raibh gaelscoileanna, nuachtáin agus stáisiún raidió á mbunú agus á bhforbairt i gcomhthéacs polaitíochta a bhí fíornaimhdeach don teanga.

I ndiaidh dó na blianta fada a chaitheamh ag díriú airde ar scéalta daoine eile, is tráthúil agus is cuí go bhfuil an spotsolas ar Eoghan féin anois agus ceiliúradh á dhéanamh ag cairde agus comhghleacaithe leis as achan chearn d’Éirinn. Tá an t-aitheantas agus an gradam tuillte go mór aige.