LEATH ciúnas ar fud an tslua a bhí ag léirsiú taobh amuigh de Halla na Cathrach an tseachtain seo caite agus an Dr Hani Mahdi as Gaza ag caint ón ardán go paiseanta agus go cráite ar na huafáis atá ag titim amach ina áit dúchais. Tá tríocha duine dá theaghlach féin caillte ag an Dr Mahdi ó bhí an 7 Deireadh Fómhair ann. Labhair sé ar thithe scriosta agus ar ógánaigh agus páistí a bheith ar iarraidh. Bhí an lucht éisteachta míchompordach. De ghnáth ligimid scairteanna uainn ach ní raibh a leithéid fóirsteanach sa chás seo agus is beag torainn a bhí le cluinstin.

Bhí tost arís ann nuair a d’iarr an dara cainteoir, Mohammed Samaana, altra as ceantar Nablus sa Bhruach Thiar ó dhúchas, orainn ómós a léiriú ar feadh bomaite dóibh siúd a bhí maraithe. As na mórshiúlta ar fad ar ar fhreastail mé le trí seachtaine anuas, bhí ceo an bhróinsa chogaíoct ag luí níos troime ná riamh os ár gcionn ag an cheann seo. Cén mhaith atá sa dlí daonnúil idirnáisiúnta nuair is féidir le harm tíre ionsaí a dhéanamh ar ospidéal lán othar agus oibrithe, a bhí mar áit tearmainn ag na mílte teifeach fosta, gan aon smachtbhannaí ná cáineadh ó thíortha eile a mhaíonn go bhfuil an ceart agus an chóir mar bhunchloch leo?

2Gallery

Ar an drochuair, d’éirigh idir cuid de na daoine sa slua a bhí ina aice liom. Bhí an chuma air go raibh an t-aighneas bunaithe ar dhifríochtaí idir ghrúpaí, ach ní thig liom bheith cinnte de sin. Is bocht an scéal gur thit a leithéid amach ag ócáid ar a raibh daoine de chúlraí agus de thuairimí éagsúla bailithe le chéile le dlúthpháirtíocht a léiriú do chuid de na daoine is dearóile agus is measa as ar an domhan seo againne. I ndeireadh an lae, má táimid ag caitheamh fuinnimh ag argóint lena chéile fá thaobhcheisteanna, níl aird s’againn ar na ceisteanna is práinní. Is dóchúla go n-éireoidh linn má tharraingímid le chéile.

Consalacht

Beidh léirsiú eile á reáchtáil ag Feachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann ar son na Palaistíne (IPSC) i mBéal Feirste Dé Sathairn, an 4 Samhain. Tá an IPSC ag éileamh go gcuirfidh na Stáit Aontaithe deireadh lena gcomhpháirteachas sa chinedhíothú i nGáza. Tá tuairim is 8,000 duine maraithe in Gaza le ceithre seachtaine anuas mar thoradh ar ionsaithe Iosrael, agus bhásaigh 1,400 eile in Iosrael nuair a d’ionsaigh Hamas saoránaigh ann ar an 7 Deireadh Fómhair. Dar le Save the Children, is páistí a bhí in 3,360 díobh siúd a maraíodh sa Phalaistín in imeacht trí seachtaine go leith. Bhí na Stáit Aontaithe ar cheann de líon beag tíortha, 14 san iomlán, a vótáil in éadan rún a chuir an Iordáin chun cinn ag Ard-Tionól na Náisiún Aontaithe go mbeidh sos cogaidh ar bhonn daonnúil ann agus go scaoilfear saor gan choinníoll gialla Iosraelacha agus Palaistíneacha.

Tá iarrtha ag an IPSC ar achan duine a bheas i láthair ag an agóid Dé Sathairn teidí a thabhairt leo le cur ag geata Chonsalacht na Stát Aontaithe i gcuimhne ar na páistí atá caillte mar gheall ar phléascadh buamaí a rinneadh i Meiriceá agus a tugadh d’arm Iosrael.
Tosóidh an mórshiúl ar 12pm ag Ollscoil na Banríona agus siúlfaidh na léirseoirí chomh fada le Consalacht na Stát Aontaithe ag barr Bhóthar an tSrutháin Mhilis.