Cuireadh Aodhán Gillen sa chré i reilig Prospect i gCarraig Fhearghuis, baile dúchais a mháthar, Luan na Cásca. Peileadóir a raibh gealadh breá faoi ab ea Aodhán, mac le col ceathrar liom. Bhí sé le club Dundela ó bhí mí Eanáir i mbliana ann, é ar iasacht ó Carrick Rangers. Cé nach raibh aithne mhaith agam air, is iomaí scéal a chuala mé thar na blianta óna sheanathair bródúil, m’uncail, faoi na laethanta móra i saol Aodháin agus faoina éachtaí spóirt. A chéad chomaoineach agus a chóineartú. Go raibh áit faighte aige in acadamh de chuid Manchester United d’imreoirí óga. Gurbh é a scóráil an cúl lenar bhuaigh Newington Corn Steel and Sons Lá Nollag 2021 sa chluiche ceannais in aghaidh Linfield Swifts.

I gcaitheamh an deireadh seachtaine agus Aodhán á fhaire sa bhaile, na tonnta bróin ag líonadh agus ag trá, insíodh an iliomad scéalta faoin fhear óg cumasach, cineálta seo. Bhí an sacar mar bhunchloch a shaoil. Tráthnóna Dé hAoine, shiúil seachtar dá dhlúthchairde isteach sa chistin ar a mbealach amach chuig an ghairdín cúil le liathróid a chiceáil thart ar feadh seala. Thug duine acu le fios gur chuir siad aithne ar a chéile fríd an sacar sa pháirc áitiúil nuair nach raibh siad ach ocht mbliana d’aois. Thaispeáin cara eile dá chuid ó Chlub Charn Monaidh trófaí dúinn a bhí ‘sciobtha’ ag Aodhán uaidh nuair a ainmníodh é mar Rogha Imreora na nImreoirí.  

Bhí Aodhán agus a athair, Michael, ag siúl ar obair mí ó shin ar Bhóthar Mhaigh Loiscthe. D’fhág siad slán ag a chéile, mar a dhéanadh de ghnáth, go ndeachaigh an dís acu a mbealach féin. Go gairid ina dhiaidh sin leag carr Aodhán. Chaith sé trí seachtaine go leith ag fáil dianchúraim in Ospidéal na bhFál, ach in ainneoin na n-iarrachtaí móra a rinne an fhoireann mhíochaine, bhí na gortuithe a tharla dó róthrom agus cailleadh é Déardaoin Mandála.

Ag aifreann na marbh i séipéal Naomh Bernard i nGleann Ghormlaithe, d’inis a athair don phobal faoi chomhrá a bhí aige le hAodhán ar na mallaibh lá de na maidineacha sin a bhí siad ag siúl ar obair. Labhair siad fán todhchaí a shamhlaigh Aodhán, a bhí 22 bhliain d’aois, dó féin. Thug sé le fios dá athair gur an fhéachaint chuige a bhí aige ná go mbeadh sé rathúil ina shaol peile faoi cheann cúig bliana. Go mbeadh sé pósta agus a chlann féin aige faoi cheann scór bliain go leith. Dar le hAodhán, bheadh sé básaithe fán am a raibh trí scór bliain go leith caite agus nach raibh mórán eile le rá faoi. D’fhiafraigh Michael de, ‘Nár mhaith leat bheith sna flaithis?’ Spreag sé seo Aodhán le smaoineamh fána dtiocfadh leis a dhéanamh le hullmhú leis an pharthas a bhaint amach agus bhí deis aige a chuid smaointe a phlé lena athair cúpla lá ina dhiaidh sin.

I measc na sluaite a chruinnigh le comhbhrón a dhéanamh le teaghlach Aodháin agus ómós a léiriú dó bhí na fir óga a d’imir ar aon fhoireann leis sna clubanna éagsúla lena raibh sé le blianta beaga anuas. Bhí glas Newington, buí Raonaithe Charraig Fhearghuis agus gorm Dundela le feiceáil sa gharda onóra a bhí taobh amuigh den teach agus den séipéal Dé Luain.

Tá tuismitheoirí Aodháin, Margaret agus Michael, a dheartháireacha, Eoin agus Cian, agus a dheirfiúr Corin, gaolta eile leis, a chairde agus an pobal s’aige faoi bhrón agus is mar sin a bheas go ceann i bhfad. Mairimid uilig faoi thionchar Aodháin, a bhí spioradálta, spraíúil, umhal, álainn agus a d’fhéach i gcónaí le barr feabhais a bhaint amach in achan ghné dá shaol. Solas na bhflaitheas dá anam uasal.