RUD a chuir iontas mór orm fá chathair na hAithne ná an oiread graifítí neamhtharraingteach atá ann. Ní raibh fiche bomaite féin caite agam ag siúl thart ar na cúlsráideanna gur tuigeadh dom go bhfuil tábhacht mhór le híomhá na seamróige ann. Tá sí le feiceáil ar fud na háite. Tuigfidh lucht leanúna sacair cén suntas atá leis, ach mar dhuine nach gcuireann mórán suime sna cúrsaí sin b’éigean dom dul i muinín Google le heolas a fháil ar an chúis a bhfuil an tsiombail a shamhlaítear leis an Éireannachas chomh coitianta sin in ealaín sráide phríomchathair na Gréige.

Tá an planda beag glas trídhuilleogach le feiceáil ar gheansaithe imreoirí Panathinaikós, cumann spóirt ina mbíonn na baill ag dul do shacar, cispheil, líonpheil, lúthchleasaíocht, rothaíocht, dornálaíocht, lámhach, pionsóireacht agus spóirt eile nach iad. Bunaíodh an club in 1908 nuair a bhris dhá scór ball amach ó chumann Panellionios Gymnastikos Syllogos siocair gur chuir siadsan deireadh lena bhfoireann sacair. Tá clú bainte amach ag Panathinaikós go hidirnáisiúnta sa tsacar agus sa chispheil agus tá boinn bainte ag baill den chlub ag na Cluichí Oilimpeacha. Ghlac siad chucu féin an tseamair mar shiombail den aontacht, den tsíocháin, den dúlra agus den ádh sa bhliain 1918.

Is minic na focail ‘Gate 13’ le feiceáil taobh leis na seamróga. Is é atá mar ainm ar ghrúpa lucht leanúna ‘ultra’ Pananthinaikós, daoine atá sárphaiseanta fána gclub agus rídhílis dó. Ba ghnách leis an lucht tacaíochta bailiú le chéile fá choinne cluichí ag Geata 13 de chuid Staid Apostolos Nikolaidis, an chuid is lú ioncaim acu go mór mhór. Is sa chuid sin den staid a bhí na suíocháin agus na seastáin ba shaoire. Is cosúil go bhfuil cairdeas ag Gate 13 le grúpaí a leanann foirne eile ar fud na hEorpa, ina measc na Ceiltigh agus Raonaithe na Seamróige. Go hoifigiúil, is grúpa neamhpholaitiúil é Gate 13, ach tá lé ag formhór na mball leis an fhrithfhaisisteachas.

Meteora

TÁ an tírdhreach ina bhfuil an bóthar agus an t-iarnród go Meteora, 220 míle ó chathair na hAithne, as cuimse álainn. Tá clú ar an cheantar as na carraigeacha ollmhóra nádúrtha atá ann agus na mainistreacha a thóg Críostaithe Ortadocsacha ar a mbarr. Dá mbeadh teanga na geolaíochta ar eolas agat, thiocfadh leat scéal cruthú na háite leis na milliúin bliain anuas a léamh ar na sraitheanna sna hailltreacha. Bhain mé féin agus mo chairde Meteora amach trí cheathrú uaire roimh luí na gréine. Roghnaigh muid áit ina raibh slua beag turasóirí cruinnithe le ceamaraí, fónanna agus bataí féiníní. Thit ciúnas orainn uilig agus gathanna deireanacha an lae ag lasadh na spéire.

Bhíodh 24 mhainistir sa cheantar agus tógadh cuid acu sa 13ú agus sa 14ú haois. Tá 6 cinn anois ann agus thug muid cuairt ar an cheann is mó acu. Bhí lear mór céimeanna le dreapadh ar an bhealach isteach. Ní raibh cead isteach ag mná a bhí ag caitheamh bríste agus bhí ciseán lán fallaingeacha ag an phríomhdhoras a dtiocfadh leat ceangal thart ar do chom le go mbeadh na rialacha comhlíonta agat. Taobh amuigh de na radharcanna, bhí an músaem thar a bheith spéisiúil. Bhí lámhscríbhinní, pictiúir, róbaí eaglasta, dealbha agus eile ann, cuid acu a chuaigh chomh fada siar leis an 14ú haois.
Ina dhiaidh sin stad muid ag clochar agus ghlac muid grianghraif ar stíl James Bond ag Mainistir na Tríonóide Naofa, áit ar scannánaíodh ‘For Your Eyes Only’. Chonaic muid an modh taistil atá ag pobal na mainistreacha le hearraí agus iad féin go deimhin a chur ó ionad go hionad, cineál de bháid nó gandalaí spéire a iompraítear ar cháblaí san aer. Tá Meteora ar liosta oidhreachta UNESCO mar gheall ar an ailtireacht, an áilleacht nádúrtha, an ealaín agus agus tábhacht reiligiúnda a bhaineann leis. Mairfidh an chuairt a thug mé ar an Ghréig i mbliana go fada buan sa chuimhne, agus tá tamall caite agam ar shuíomhanna easyJet agus Aer Lingus le cúpla oíche anuas ag fiosrú praghasanna na n-eitiltí san fhómhar.