Tá tuairim is 15 bliana ann ó bhí mé i láthair ag siompóisiam lae in Ollscoil na Banríona fá chúrsaí leighis sa bhéaloideas i dteangacha difriúla. Bhí léachtóirí agus taighdeoirí as réimsí éagsúla ann ag caint fá na teoiricí ba dhéanaí agus fá cheangail nua a bhí déanta acu mar thoradh ar a gcuid staidéir. Bhí iar-mháinlia a bhí ar scor i láthair agus cuireadh in aithne dá chéile sinn ag am sosa. Bhí an comhrá sibhialta go leor go dtí gur luaigh mé go raibh mé ag obair leis an Ghaeilge. ‘Ní aontaím leis sin,’ ar sé. D’iarr mé soiléiriú air maidir le cén rud go díreach nach n-aontaíonn sé leis. ‘An Ghaeilge,’ ar sé, ‘ní aontaím leis.’ D’fhiafraigh mé de cén dóigh a dtiocfadh leis aontú nó gan aontú le teanga. De réir mar a chuaigh sé ar aghaidh ba léir gurbh é an rud a bhí i gceist aige ná go raibh sé in éadan airgead a chaitheamh ar an teanga a chur chun cinn. Dar leis, ba chóir dúinn uilig a bheith ag foghlaim na Sínise. Ní leigheas ar bith é an t-oideachas ar an bhiogóideacht, faraor.

Chuimhnigh mé ar an chomhrá sin an tseachtain seo agus mé ag amharc ar chlúdach sna meáin ar scéal an chomhartha dhátheangaigh i bPáirc an Mhuillinn sa Tobar Mhór, gar do Mhachaire Rátha, a baineadh ar shiúl go gairid i ndiaidh gur chuir an chomhairle áitiúil in airde é. Coir ab ea é an comhartha a bhaint, agus tá na péas ag caitheamh leis mar choir fuatha.

Dar leis an Chomhairleoir Anne Forde i gComhairle Cheantair Lár Uladh, dúirt daoine áitiúla sa Tobar Mhór gur ghníomh in éadan a bhféiniúlachta Briotanaí a bhí i gcur in airde an chomhartha ar a raibh teachtaireacht i nGaeilge agus i mBéarla ag cur fáilte roimh dhaoine isteach sa pháirc. Dúirt an Comhairleoir Forde ar nuacht an BBC gur ‘daoine Briotanacha’ iad muintir an tsráidbhaile agus ‘they don’t condone the Irish language’, is é sin le rá nach nglacann siad leis an teanga agus nach n-aontaíonn siad léi.

Tá polasaithe difriúla ag comhairlí ceantair éagsúla maidir le comharthaíocht agus an Ghaeilge. Tá Comhairle Cheantair Lár Uladh ar cheann de na comhairlí is fearr ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de. Nuair a dhéantar iarratas comhartha sráidainm dátheangach a chur in airde, déantar suirbhé ar na háitritheoirí. Ach i gcás Pháirc an Mhuillinn, ní sráid í agus ní raibh gá le suirbhé. Is leis an Chomhairle an pháirc agus tá polasaí forásach acu comharthaí dátheangacha a chur ar shaoráidí ar leo iad, sólanna agus páirceanna súgartha mar shampla.

Gradam

Comhghairdeas ó chroí leis an chompántas drámaíochta Aisling Ghéar a bhain ceann de Ghradaim Amharclannaíochta The Irish Times an tseachtain seo. Bronnadh gradam don dearadh físe is fearr ar Mags Mulvey as a hobair ar ‘Minimal Human Contact’ le Naoise Ó Cairealláin, dráma fán chearrbhachas gan srian a bhí ar camchuairt ar fud na tíre i mí an Mhárta agus ar ardán an Smock Alley agus ansin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sé oíche i mí Mheán Fómhair mar chuid de Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste. Bhí Seán T. Ó Meallaigh ainmnithe i gcatagóir an aisteora is fearr fosta.

Dea-scéal amach is amach é seo do Bhríd Ó Gallchóir, Carrie-Anne McAlonan-McCrudden agus an chuid eile d’fhoireann Aisling Ghéar a bhí ag obair i ndálaí dúshlánacha le chóir a bheith bliain anuas, gan chroídheontas.