Bím ag freastal ar ranganna machnaimh ar líne uair nó dhó sa tseachtain agus le mí anuas tá an treoraí galánta atá againn ag díriú ar an tsonas. ‘Cé go mothaíonn tú pian an domhain, bí sona sásta ar aon nós,’ a deir sí. Furasta a rá, ach níl sé i gcónaí éasca é a chleachtadh. 

De réir na Tuarascála um Shonas Domhanda is í an Fhionlainn an tír is sona. Is suimiúil na táscairí a bhí in úsáid le sástacht mhuintir na tíre a thomhas. Bhí na torthaí bunaithe ar anailís ar shonraí Gallup a bailíodh in 149 dtír le trí bliana anuas agus i measc na gcatagóirí bhí leithéidí an tsaoirse do roghanna féin a dhéanamh, leibhéil chaimiléireachta a shíleann daoine a bheith sa rialtas, agus flaithiúlacht an daonra go ginearálta. 

Chruthaigh na taighdeoirí tír fhicseanúil darb ainm an Diostóip ina maireann na daoine is míshona ar domhan. Bhí marc a náid ag an Diostóip i ngach catagóir agus cuireadh gach tír i gcomparáid leis sin. Is i dtuaisceart na hEorpa atá an seacht dtír is sona – an Fhionlainn, an Danmhairg, an Eilvéis, an Íoslainn, an Ísiltír, an Iorua agus an tSualainn. Bhí an Afganastáin, áit a bhfuil an t-ionchas saoil agus rátaí GDP per capita íseal, ag bun an liosta. Bhí Éire sa 14ú háit.

Rud amháin a bhí suntasach sna tíortha is sona ná an bhraistint phobail agus an tuiscint go mbíonn tacaíocht ar fáil ó na comhshaoránaigh in am an ghátair. Tá muintir na hIorua sásta mar mothaíonn siad go bhfuil an rialtas ag tabhairt aire daofa le cúram sláinte do chách agus oideachas tríú leibhéal saor in aisce. Tá leibhéal na coiriúlachta íseal fosta.

Bíonn cuma iontach sásta ar láithreoirí Drivetime ar RTÉ Radio 1, Cormac Ó hEadhra agus Sarah McInerney, formhór mór an ama. Bhí bean as an Fhionlainn faoi agallamh acu an lá cheana ag caint fá thorthaí an staidéir. Bhí sise in amhras fá na torthaí mar dar léi tá muintir a tíre dúchais coimeádach sa dóigh a bpléann siad le daoine eile agus níl siad chomh cairdiúil céanna leis na daoine a chastar uirthi in Éirinn. Fosta, bhí sí fiosrach fán am den bhliain ar bailíodh na sonraí mar dar léi is sona a bhíonn muintir na dtíortha thuaidh sa tsamhradh agus na laethanta fada, geal ná mar a bhíonn siad sa gheimhreadh nuair nach mbíonn solas na gréine ann ach ar feadh 6 huaire sa lá. 

Bhí cónocht an earraigh ann an tseachtain seo agus tá na laethanta anois níos faide ná an oíche. Dea-scéal a chothós an sonas ionainn go ceann roinnt míonna eile ar a laghad.

Ómós

Focal scoir in ómós don tSiúr Jacqueline O’Reilly a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 18 Márta. Tháinig sí isteach i ról an phríomhoide againn i scoil Dhún Liam nuair a cailleadh an tSiúr Ita in 1992 ach bhí sealanna caite aici sa phost céanna sna seascaidí agus sna seachtóidí. Ba léachtóir í i gColáiste Naomh Muire ar feadh tamaill fosta.

Chaith sí 1984 go 1992 ar an stiúir i Scoil Dhoimnic. Chuidigh sí liom féin ar bhealach a d’athraigh cúrsa mo shaoil ó thaobh an staidéir agus na gairme beatha de agus beidh mé buíoch as an chomhbhá a léirigh sí in am an ghátair agus as an tacaíocht a thug sí dom féin agus do mo chomhaoisigh. Suaimhneas síoraí agus comhbhrón ó chroí dá muintir agus do phobal na nDoiminiceach.