BHÍ na mílte páirteach sna himeachtaí a bhí ar siúl ag féile gheimhridh Belfast TradFest an deireadh seachtaine seo caite. Ina measc bhí ceoltóirí proifisiúnta mar Dermot Byrne ar an bhocsa ceoil agus John McSherry ar an phíb. Bhí leithéidí na Friel Sisters – Anna, Sheila agus Clare – agus Michael Rooney ann fosta. Tá an cúpla, Anna agus Sheila, ag obair mar fhiaclóirí (tá Clare sa ghrúpa Altan) agus is leas-phríomhoide scoile é Michael, cláirseoir agus cumadóir. Is mic léinn óga iad roinnt mhaith de na hoirfidigh a bhí ar ardáin na cathrach, mar shampla Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta as an Aird Mhór i gCarna atá beirt ar an ollscoil i Luimneach, agus a bhí ar an ardán i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Dé hAoine.

Bhí 360 dalta d’achan aois sna ranganna agus sna ceardlanna a reáchtáladh in Ollscoil Uladh ar Shráid Eabhrac den chuid is mó. Tháinig siad ní hamháin as achan chearn d’Éirinn ach as tíortha éagsúla fud fad na hEorpa le teagasc a fháil ó cheoltóirí den chéad scoth atá aitheanta ar fud an domhain mhóir, ina measc Paddy Glackin agus Mel Mercier. Tá scéim sparánchtaí ag an fhéile le tacú le daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu na táillí do na ceardlanna a chlúdach. Faigheann teaghlaigh lacáiste agus coinnítear praghas na dticéad do na ceolchoirmeacha chomh híseal agus is féidir lena chinntiú go mbíonn rochtain ag achan duine sa phobal ar an cheol.

Tá bua ar leith ag Dónal O’Connor, Stiúrthóir na féile, agus ag a fhoireann sa dóigh go bhfuil tuiscint mhaith acu ar riachtanais an lucht féachana, rud a bhí le sonrú go maith sa chlár a chuir siad le chéile. Is eagraitheoir den chéad scoth í Patricia Murray ó thaobh na loighistice agus na socruithe iomadúla a bhíonn le déanamh maidir le lóistín, bia agus taisteal na gceoltóirí ó ionad go hionad, díol ticéad agus bainistiú foireann na n-oibrithe deonacha. Chomh maith leis sin, bhí ábhar snasta á chraoladh ar na meáin shóisialta ionas nach gcaillfeadh duine ar bith amach ar an chraic.

Tá beagnach deich mbliana ann ó chuaigh Ray Morgan, Cathaoirleach Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe, i dteagmháil le Dónal O’Connor le plé a dhéanamh ar fhíorú na físe a bhí aige scoil samhraidh a bhunú i mBéal Feirste. I mí an Mheithimh 2015 bunaíodh Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste mar charthanacht.

Chonacthas do Ray go raibh na céadta ceoltóir as na bólaí seo ag tabhairt aghaidh ar scoileanna samhraidh gach bliain i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir, i dTobar an Choire i gContae Shligigh, i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma agus in áiteanna eile nach iad. Ag an am ní raibh a leithéid de sholáthar ar fáil i mBéal Feirste. Bhí na bannaí píbe ag dul go hAlbain agus ó dheas le páirt a ghlacadh i gcomórtais agus i bhféilte ceoil ach ní raibh a leithéid de dheis ar fáil acu sa bhaile. Tá Andy McGregor agus Ian Burrows ó Music Service for Pipes and Drums ar bhord an TradFest agus tá traidisiún na píbe móire Albanaí agus na sreangdhrumadóireachta mar dhlúthchuid den fhéile.

I mbliana bhí ceolchoirmeacha ar siúl sa Chultúrlann, Mandela Hall, Empire Music Hall agus Black Box agus seisiúin cheoil agus ceardlanna sa Lon Dubh i Raidió Fáilte, sa Deer’s Head, Sunflower agus Tigh Mhadáin. Beidh Scoil Samhraidh an TradFest ar siúl ón 23ú go 29ú Iúil agus tá ceann de na mór-imeachtaí fógartha cheana féin – Olllam agus Clare Sands i Halla Mandela ar an 28 Iúil. Díoladh amach chóir a bheith achan imeacht anuraidh agus an deireadh seachtaine seo caite, mar sin ná bígí ag moilleadóireacht!