Seoladh togra Gaeilge de chuid Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly in ócáid speisialta ag Áras an Uachtaráin le déanaí.
Tugadh cuireadh do na meáin Ghaeilge d'achan chineál, idir chruthaitheoirí ábhair, iriseoirí agus phodchraoltóirí, a bheith i láthair i bPáirc an Fhionnuisce chun pleananna an Uachtaráin a chluinstin.
Dúirt Catherine Connolly go mbeidh sí ag tacú le himeachtaí Gaeilge a reáchtáil in Áras an Uachtaráin agus i measc an phobail ar fud na tíre.
View this post on Instagram
Gheall sí go dtabharfadh sí cuairt ar achan Ghaeltacht sa tír idir Samhain 2026 agus Samhain 2027.
Dúirt sí fosta go dtabharfar cuireadh do chumainn agus do ghrúpaí Gaeilge sonraí a gcuid imeachtaí a chur faoi bhráid an Uachtaráin, agus go dtabharfadh sí tús cadhnaíochta do chuairteanna ar leabharlanna chun léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.
Cuirfear deiseanna ar fáil do chraoltóirí agus comhlachtaí na meán Gaeilge úsáid a bhaint as Áras an Uachtaráin chun craoladh beo a dhéanamh i rith na bliana. Dúradh go ndéanfar dhá ócáid a reáchtáil in Áras an Uachtaráin i rith Sheachtain na Gaeilge 2027 agus go dtabharfar cuireadh do Chiorcail Chomhrá ó fud na tíre freastal a dhéanamh orthu.
D'fhógair an tUachtarán fosta go mbeidh taispeántas taibhealaíona i Seomra de hÍde agus go mbeidh céad chóisir an tsamhraidh sa ghairdín ina cóisir Ghaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar athbheochan na teanga, agus go leanfar le cumas teanga fhoireann an Árais a fhorbairt.
Dúirt Catherine Connolly go raibh "lúcháir uirthi" an togra a fhógairt, agus go bhfuil súil aici a "bheith i bpáirt le cainteoirí Gaeilge agus le pobail de gach uile leibhéal ar fud na tíre chun spreagadh a thabhairt d’úsáid ár dteanga dúchais i gcaitheamh na bliana."
Ar sise, "Tá an fháilte mhór fhlaithiúil atá faighte agam ó gach éinne i rith na bliana dulta i bhfeidhm orm go mór, go háirithe uathu siúd a bhfuil a ndícheall á ndéanamh acu an Ghaeilge a labhairt nó a fhoghlaim.
"Tá an borradh faoin teanga braite againn go léir, i measc daoine de gach aoisghrúpa: Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí, agus daoine a gcuireann suim ghinearálta sa scéal.
"Lár-aisling de chuid na hUachtarántachta seo ná go dtuigfí an Ghaeilge mar theanga bheo, teanga ghnáthchumarsáide a chuireann anam, sprid agus fuinneamh ár dtíre in iúl le neart agus le mórtas.
"An lá a oirníodh im Uachtarán mé – cothrom bliana is an lá amárach – thug mé geallúint nach mbeadh úsáid na Gaeilge teoranta do chúinne ciúin san Áras. Tá súil agam tógaint ar an ngeallúint sin tríd an Togra seo agus caidreamh a chothú leo sin a labhraíonn nó ar suim leo ár dteanga ar fud na tíre."




