Rugadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste sa bhliain 1960 agus tá cónaí anois uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá ceithre leabhar foilsithe aici – cnuasach dánta, úrscéal agus dhá chnuasach de ghearrscéalta. Is minic saothar dá cuid i gcló i mbailiúcháin éagsúla. Faoi láthair tá sí i mbun eagarthóireachta ar chnuasach gearrscéalta le scríbhneoirí éagsúla atá á chur le chéile ag an teach foilseacháin Éabhlóid.
An chéad cheann de sraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn.