An chéad cheann de sraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn. 

Bhí grúpa an sé ansin don rang Béarla. Na páistí beaga. Iad uilig, fiú Yonatán beag bocht. Ní shuífeadh duine ar bith eile taobh leis san Acadamh mar dhéanfadh sé a mhún ina bhríste le linn achan uile rang, an créatúr. 

Níor nocht duine ar bith don rang ar a seacht. Ait. Ná rang a hocht ach oiread. Caidé a bhí ar siúl? D’fhan mé san Acadamh, áfach, ar eagla go dtabharfadh an Boss obair eile domh.

Tháinig JuanJo don rang deireanach den oíche ar a naoi. Rinne sé cogarnach gasta nár thuig mé i gceart. D’imigh sé. 

Nuair a shiúil mé sa piso bhí bean a’ tí ansin romham - an Señora - agus a triúr iníonacha. Iad uilig, nuair a ba cheart daofa a bheith amuigh ar paseo, ag spaisteoireacht ar fud an bhaile.

3Gallery

Chuaigh mé anonn chuig Paz, an iníon is sine agus úinéir an Acadaimh Bhéarla a raibh mé ag teagasc ann thíos staighre agus ag cónaí lena clann thuas staighre. Bhí siopa bróg ar an bhunurlár ag a hathair, an Señor. Bhí an tAcadamh ar an chéad urlár. Bhí muidinne ag barr an tí – an chlann agus mé féin. Fuair mé lóistín agus tuarastal measartha do na huaireanta teagaisc a chuir mé isteach ag teagasc Béarla do mhuintir Aranda de Duero.

‘Bhí JuanJo ag rá golpe de estado, arís is arís eile. Caidé sin?’

Tháinig púic ar mhalaí Paz. Bhí Béarla álainn aici, le blas snasta agus ardnósach, ar nós láithreoirí BBC. Thóg sí an foclóir mór dearg Spáinnis-Béarla anuas ón tseilf sa seomra suí. Chuartaigh muid na focail. D’aimsigh muid golpe. Hit, bump. Strike. Chuartaigh muid estado. State. Ach ní raibh golpe de estado ann. ‘Buille ar an stát,’ a dúirt Paz, frustrachas ina glór ‘ach tá níos mó i gceist ná sin – ionsaí atá ann.’

Bhí muid ag caint i mBéarla – comhartha go raibh sí ag iarraidh an comhrá a choinneáil príobháideach idir an bheirt againn.

‘Beidh an t-arm ar na sráideanna,’ ar sí, ag iarraidh á mhíniú domh.

1981 a bhí ann. Rugadh agus tógadh mé ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste, áit a raibh go leor saighdiúirí ar na sráideanna againn féin.

Chonaic Paz ón dreach ar m’aghaidh nár chuir saighdiúirí le mo thuigbheáil de golpe de estado.

‘Beidh gunnaí acu.’

‘Bíonn, de ghnáth.’ 

‘Agus tancanna.’

‘Aon bhuamaí?’ arsa mise. 

Chonaic mé Paz ag éirí corraithe.

‘Tá brón orm, a Paz, níl mé ag iarraidh a bheith tarcaisneach, ach tá tú ag cur síos ar mo cheantar dúchais le linn achan lá beo de mo shaol le mo chuimhne.’

Go mall réidh, chuir Paz síos ar an tráthnóna sin. Fhad is a bhí mé féin ag ceol Three Blind Mice leis na páistí,  bhí saighdiúirí i ndiaidh brú isteach i bpairlimint Mhaidrid agus urchair a scaoileadh ann roimh na ceamaraí teilifíse. Lean daoine ag faire ar a dteilifíseáin an tráthnóna ar fad, ach ní fhaca siad ach Juan José García Corral ag marú a thairbh i gcuriarracht phearsanta ama. Bhí sé féin, an lucht féachána sa plaza de toros (agus mé féin is Yonatán bocht) beag beann ar a raibh ag titim amach. 

‘Ta siad i ndiaidh buille a bhualadh in aghaidh an stáit. Tá seilbh glactha acu ar an Cortes.’

Thit an phingin.

‘Coup d’état? Bhí coup d’état ann?’

‘Coup d’état? Fraincis? Sin an focal atá ag na Sasanaigh féin dó, ghoid siad ó na Francaigh é?’ a liúigh Paz.

Bhris muid amach ag gáire ag sanasaíocht impiriúil an Bhéarla, ansin thit muid inár dtost. 

‘Beidh tú maith go leor,’ a dúirt Paz, d’osna mhór dhomhan.

Rinne muid iarracht scáirt a chur ar Éirinn, a rá le mo mhuintir go raibh mé ceart go leor.

Bhí na línte fóin marbh.

‘Coinneoimid sábháilte thú. Cuirfimid i bhfolach thú. Tá áiteacha a dtig linn a úsáid.’ arsa Paz.

‘Ach is Éireannach mé, ní Sasanach mé. Nach cosaint é sin?’

Stán Paz orm.

‘Beidh siad ag déanamh gur Caitliceach cráifeach deabhóideach mé.’ a dúirt mé.

‘Is dócha é. Ach caidé faoin chuid eile againn?’

Bhí an teilifís ar siúl againn i rith an ama, ar eagla go mbeadh aon nuacht ann. Cheol Bing Crosby, Bob Hope agus Dorothy Lamour i mBéarla agus labhair siad Spáinnis ar an Bhealach Chuig Áit Inteacht. 

3Gallery

D’ól muid seacláid the. Chuaigh an Señor amach chuig an chófra faoin staighre anois agus arís, áit ar choinnigh sé a raidhfil don tseilg. Cibé caidé a mharaigh sé Dé Domhnaigh, coinín nó giorria nó piasún, d’ith muid Dé Chéadaoin é. 

D’ullmhaigh muid mugaí eile seacláid the. Chaith an Señor braon branda ina cheannsa. 

Thóg Paz leabhar anuas ón tseilf le léamh. Shuigh Feli ar stól le crosfhocal, ag smeacharnach ó am go chéile. Bhí Conchi ag caitheamh a héide scoile go fóíll, ag tabhairt faoina hobair bhaile. Thóg mé ceartúcháin amach. Sa chúlra, tháinig crónán ceolmhar ó Bing agus thit Dorothy i ngrá leis, arís. Croí Bob briste, mar ba dhual. 
Chuala muid urchar áit inteacht i bhfad i gcéin. Ansin, tost. 

Go mall an oíche sin – nó go moch ar maidin -  tháinig an Rí óg ar an scáileán teilifíse, a chulaith ag lonrú le boinn mhíleata, cnaipí airgid agus bréad óir. Bhrúigh sé an táirne deireanach i gcónra Franquismo.

Chuidigh tógáil ar shráideanna Bhéal Feirste agus aineolas ar dhéine lucht Franco liom codladh sámh a dhéanamh go mall an oíche sin. Chodail an Señor agus a dhroim le doras an piso, áfach, a raidhfil ina ghlac aige.