BHÍ lorg na bhfilí ar champas Ollscoil na Banríona Déardaoin mar a chuir an grúpa IMRAM léitheoireacht filíochta ar siúl san Ionad Séamus Heaney mar chuid dá gclár Baird ar Champas.
Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.
Bhí triúr mórfhilí i láthair, Laoighseach Ní Choistealbha, Caitríona Ní Chléirichín agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh, agus léigh siad uilig óna gcnuasaigh féin.
Dúirt Liam Carson, fear de bhunadh Bhaile Andarsan agus stiúrthóir IMRAM, go bhfuil tábhacht ar leith le litríocht na Gaeilge.
"An sprioc atá againne ná daoine a mhealladh i dtreo na litríochta Gaeilge. Ciallaíonn IMRAM aistear draíochtúil agus sin í an fhís atá againn, go bhfuil draíocht bainteach le litríocht na Gaeilge.
"Tá glúin nua ann anois. Tá tionchar nach beag ag a leithéid de Kneecap air sin. Tá rapcheol i nGaeilge ann anois, agus filíocht ó bhéal.
"An rud atá muid ag iarraidh a dhéanamh leis an tsraith Baird IMRAM ar champas ná síol a chur sa talamh. Tá sraith imeachtaí eagraithe againn ar fud na tíre le cúpla bliana anuas.
Beidh féile ar siúl i mBaile Átha Cliath ag IMRAM i mí na Samhna, ina mbeidh clár lán ceoil agus filíochta ann. Beidh oíche in ómós do Gabriel Rosenstock nach maireann ag an ghrúpa chomh maith, fear a bhí ar an Bhord Stiúrtha i gcéadlaethanta IMRAM agus a thug an t-ainm don ghrúpa.
Arsa Liam, "Dúirt Alan Titley uair amháin, 'Leanann líofacht léinn.' Ní féidir le teanga a bheith beo gan litríocht, i mo thuairimse, agus tá saibhreas dochreidte i litríocht na Gaeilge."
Caitríona Ní Chléirichín, léachtóir in DCU agus duine de na filí a bhí i láthair.
"Is onóir mhór domsa a bheith ar ais anseo san Ionad Heaney agus an stáitse a roinnt le mo chomhfhilí."
Ar sise, "Tá sé iontach an deis a fháil do chuid filíochta a léamh amach agus casadh le do chomhfhilí, agus is pléisiúr é i gcónaí a bheith ag léamh i mBéal Feirste Cois Cuan."





